LÉIRMHEAS: Gaelachas mar stíl bheatha ar NÓS

Teastaíonn ón iris idirlín shnasta, uaillmhianach www.nos.ie ‘léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn’ ach fainic go mbeadh an iomarca ‘cúiseachais’ ann

IMG_3136

Níl sé i bhfad ó shin nach raibh ach rogha fhíortheoranta ag léitheoirí Gaeilge ar an idirlíon. Cúpla blag, alt nó dhó ar shuíomh an Irish Times, www.Nuacht24.com agus an iris www.beo.ie, nach maireann. B’in an méid.

Tá athrú iomlán air sin le dhá bhliain anuas agus www.meoneile.ie, www.rte.ie/nuacht agus Tuairisc.ie tagtha ar an bhfód.

Inniu, seoladh www.nos.ie, iris saoil ar líne atá á foilsiú ag an gcomhlacht Feirsteach Rua Media le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge. Ar ndóigh, is é www.nos.ie leagan idirlín na hirise clóite NÓS, a bhí – agus atá – á foilsiú go dícheallach ag Tomaí Ó Conghaile agus a chomrádaithe ó 2008.

Tá cáil nach beag bainte amach ag leagan clóite na hirise ó thaobh dearaidh de (ghnóthaigh NÓS gradam ‘Foireann Deartha na Bliana’ ag Irish Magazine Awards 2013) agus is léir go bhfuiltear chun an dua céanna a chaitheamh leis an leagan ar líne.

A luaithe is a d’oscail mé www.nos.ie inniu, bhí mé meallta ag an leagan amach snasta, físiúil atá air agus ba léir dom ar an toirt go dtuigeann lucht deartha an tsuímh na difríochtaí (ollmhóra) idir léitheoireacht ar pháipéar agus léitheoireacht ar scáileán.

Tá sé furasta do bhealach a aimsiú ar an suíomh agus tá moladh mór ag dul go háirithe don té a roghnaigh an chlófhoireann, ar cuid súl í.

Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir NÓS, ag seoladh an tsuímh nos.ie i mBéal Feirste inniu

Ní leor dearadh deas agus clófhoireann thaitneamhach chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta, ar ndóigh. Caithfear ailt shuimiúla a sholáthar.

An té a léigh cóip chlóite den iris NÓS riamh, ní bheidh aon iontas air go bhfuil téamaí ar nós na Gaeilge, na polaitíochta agus an chomhshaoil lárnach sa leagan idirlín freisin. Go deimhin, tá a rannóg féin ar an suíomh ag an trí théama seo faoin gceannteideal ‘Gníomhaíochas’.

Is léir gur dlúthchuid é an ‘gníomhaíochas’ seo d’fhealsúnacht NÓS, a bhfuil sé mar aidhm aici, de réir fhocal brollaigh an tsuímh, ‘beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn’.

Sampla maith den chur chuige sin ná alt Chillian de Búrca, ‘Na 5 rud ab fhearr faoin Seaview’, faoi óstán cáiliúil Ghaoth Dóbhair, atá á dhúnadh. Alt Gonta, dea-scríofa, atá ann; sárshampla den chineál ailt a mbeifeá ag súil leis in iris saoil ar líne.

Bhain mé sult as ‘Rámhaillí Rónáin – an ceol nár cheart a chailleadh ó 2014’ ó pheann Rónáin Mhic Aodha Bhuí freisin (cé gur gá dom a admháil gur mó i bhfad an tsuim a chuir mé sa rámhaillí ná sa liosta ceoil.)

Ach ba é an t-alt ba mhó a thaitin liom ar an suíomh ar fad ná ‘Fíricí na sláinte – 5 fhíric nár mhaith leat a chloisteáil’ ag an saineolaí sláinte agus aclaíochta Ainle Ó Cairealláin.

Cén fáth ar thaitin an t-alt sin liom thar aon alt eile? Toisc go raibh sé scríofa i nGaeilge bhríomhar, shamhlaíoch, nádúrtha – gan an Ghaeilge féin a tharraingt isteach sa scéal, rud a tharlaíonn go rómhinic ar www.nos.ie, dar liom.

Más é ‘cúiseachas’ an gad is giorra don scornach ag léitheoirí www.nos.ie, ní bheidh díomá orthu – ach b’aoibhinn liom féin plé a fheiceáil ar réimse níos leithne ábhar ar an suíomh snasta, uaillmhianach seo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Gaelachas mar stíl bheatha ar NÓS'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Comhgháirdeachas agus fáilter ar ais Nós.Bhíme ag tsnúth go mór leis.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Sílim go bhfuil Alex ag déanamh éagóir ar http://www.nos.ie leis an maíomh go bhfuil ‘cúiseachas’ ag baint leis, nó an iomarca cúiseachais ag baint leis, dar leis féin. Sa chéad dul síos, ní droch rud é do iris i nGaeilge bheith ag díriú ar cheisteanna teanga. Ach fiú dá mba rud é gurb é, is beag den chúiseachas atá ar http://www.nos.ie, i gcomparáid le, mar shampla, http://www.tuairisc.ie atá trom ar nuacht faoi chúrsaí Gaeilge ach lag ó thaobh nuachta i réimsí eile den saol. Go deimhin, is ar éigean go mbeadh léirmheas ag http://www.tuairisc.ie faoi http://www.nos.ie mura raibh cúiseachas ar chúl an scéil nó cé mhéid suíomh idirlín eile a bhionn léirmheas orthu ag Tuairisc?