LÉIRMHEAS: Buail leis an údar….Liam Mac Cóil

B'é Liam Mac Cóil a bhí faoi agallamh mar chuid den tsraith ‘Buail leis an Údar’, sraith atá á reáchtáil ag Áras Scríbhneoirí Éireann i gcomhar le IMRAM a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath le linn na seachtaine

Liam McCoil

B’é Cathal Póirtéir fear na ceisteanna arís ag ‘Buail leis an Údar’ an tseachtain seo agus mheall sé seanchas agus saíocht as Liam Mac Cóil, duine a raibh dúil aige sa scríbhneoireacht, sula raibh an léamh féin aige, is cosúil! Rinne sé iarracht bheith beo (ar éigean) ar an scríbhneoireacht; rud atá sách deacair i mórtheanga ach atá dodhéanta amach is amach i mionteanga. Mar sin féin, chloígh sé leis agus sheas sé an fód. Oidí a spreag chun pinn é i dtosach báire. Bhí cúnamh aige óna bhean freisin, a shaothraigh agus é féin ag obair i bpost roinnte. Fearacht go leor scríbhneoirí, duine é ar gá dó bheith scríobh agus nach raibh aon dul as aige. Is duine é, leis, a bhaineann sásamh as an dréacht athscríofa snoite.

Léigh sé sleachta as an tsraith stairiúil a ghabhann le ré Aodh Mhóir Uí Néill, An Litir agus I dTír Strainséartha, mar aon le sliocht as an leabhar faoin gcumadóir Éireannach Stanford, An Chláirseach agus an Choróin.

Is maith ann na hócáidí seo a thugann deis do léitheoirí bualadh leis na daoine laistiar den leabhar; fiú má tá Liam Mac Cóil ar aon fhocal le Barthes – go bhfuil an t-údar marbh- ‘l’auteur est mort’ – ní thig tátal faoin duine a bhaint as an méid a scríobhann sé in úrscéal. Fós féin, tá tairbhe le baint as éisteacht le seanchas faoi bheith i mbun scríobhneoireachta agus taighde.

Is maith ann IMRAM a chuireann deiseanna mar seo ar fáil, agus tá sraith imeachtaí ar siúl níos déanaí an mhí seo: ina measc teacht le chéile eile mar a mbeidh leithéidí Liam ag plé úrscéalta stairiúla sa Siopa Leabhar ar an 18 Bealtaine.

Tá breis sonraí ar fáil ar shuíomh IMRAM.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Buail leis an údar….Liam Mac Cóil'