LÉIRMHEAS: Buail leis an údar…Frank Reidy

Bhí deis ag ár léirmheastóir castáil leis an údar ar casadh seanmháthair Bharack Obama air tráth

Frank Reidy le seanmháthair Obama
Frank Reidy le seanmháthair Barack Obama

B’é Frank Reidy an t-údar a raibh deis agam castáil leis in Áras na Scríbhneoirí oíche aréir, mar chuid den tsraith ‘Buail leis an údar’, atá á reáchtáil ag an Áras i gcomhar le lucht Fhéile IMRAM.

Is é Cathal Póirtéir a bhí sa chathaoir, ach is beag a bhí le déanamh aige seachas corrnod a thabhairt do Frank díriú ar scéalta ar leith sa dá leabhar atá foilsithe – Ó Chósta go Cósta agus Seal an Aetóip – saothar a bhaineann leis an taisteal a rinne Frank san Afraic, áit a raibh sé ar iasacht ón Arm chun cuidiú le hiarrachtaí na tíre seo fóirithint ar an bpobal thall tar éis ár Ruanda agus a leithéid.

Ba léir an gean a bhí ag Frank ar na pobail a raibh sé ina measc agus an urraim a bhí aige dóibh. Thuig sé dá gcás agus a thábhachtaí atá a gcearta dóibh. Thuig freisin an riachtanas a bhí ann gan teacht thar tír isteach ag iarraidh fios a bhéasa a thabhairt do na ‘bundúchasaigh’.

Ós fear discréideach é, nocht sé dúinn scéalta barrúla nach mbeadh feiliúnach a chur i gcló, faoi realpolitik an Airm nuair is leor nod ón Aire mar ordú.

Thug sé léargas dúinn ar an gcaoi ar bhain sé scúp domhanda amach do Foinse agus Raidió na Gaeltachta tré bheith ar an láthair, ag labhairt le seanmháthair Obama sular smaoinigh aon Mzungu (duine geal) eile ar a leithéid a dhéanamh.

Rinne cur síos den scoth freisin ar an dara leabhar aige, Seal san Aetóip, oilithreacht chuig tír ársa a bhfuil iontaisí le fáil inti a théann siar go tús ré na Críostaíochta agus roimhe; tír a bhfuil a muintir mórtasach astu féin ainneoin an anró a bhain le blianta an Ghorta. Tír atá ag oscailt arís don taistealaí tuisceanach, agus a bhfuil seoda iontacha le haimsiú inti.

Nocht an t-údar dúinn freisin go bhfuil an tríú leabhar an na bacáin aige, scéalta béaloidis na n-óg san Afraic a mbeidh léaráidí le mac deirféar leis. Deirtear gur scéalta iad seo a thabharfaidh deis d’óige na tíre seo blaiseadh a fháil ar eagsúlacht na hAfraice, ach go bhfaighfear léargas iontu ar staid uilíoch an duine ar a shon sin, mar ainneoin na ndifríochtaí suntasacha eadrainn ó thaobh saibhris de, is daoine muid uilig; baill teaghlaigh, baill treibhe.

Ardoíche a bhí ann, agus tá mé ag tnúth go mór leis na leabhair a léamh.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Buail leis an údar…Frank Reidy'