LÉIRMHEAS: An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge in Éirinn ag Fíbín i gConamara

Drámaíocht stáitse, drámaíocht raidió, scannánaíocht agus ceol i seó nua ilghnéitheach ‘Fiach’ i gConamara – is fiú go mór tiomáint isteach

LÉIRMHEAS: An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge in Éirinn ag Fíbín i gConamara

Tráth den saol, nuair a bhí Meiriceá níos faide uainn ná mar atá anois, bhíodh go leor iontas a bhain leis an tír sin le feiceáil ar an teilifís agus i scannáin nach raibh fáil orthu in Éirinn ag an am. Píotsa ceann de na hiontais sin. Scannáin sa gcarr nó ‘drive-in’ ceann eile acu.  Seans go bhfuil an tír seo ag cur thar maoil le píotsa le tamall ach níor cuireadh aon ‘drive-in’ ar fáil i gConamara go dtí oíche Dé Céadaoin.

Chuir an compántas Fíbín tús lena seó nua ilghnéitheach ‘Fiach’ amuigh faoi spéir ar an Tulaigh i gcontae na Gaillimhe arú aréir. Sea, is dráma sa gcarr atá ann, gan amhras – bhí breis is 30 carr agus an lucht féachana iontu i láthair ag an gcéad léiriú, mar a raibh drámaíocht stáitse, drámaíocht raidió, scannánaíocht agus ceol i gceist chomh maith.

Is é Philip Doherty a scríobh an script agus is iad beirt aisteoirí aitheanta na n-ilghradam – Fionnuala Flaherty as Inis Mór agus Dara Devaney as Muiceanach Idir Dhá Sháile– atá sna príomhpháirteanna. Is é Cillian Ó Donnachadha an léiritheoir.

Tamall maith roimh a deich a chlog a thosaigh na carranna ag bailiú os comhair cheannáras Fíbín, áit a bhfuil scáileán mór feistithe, chomh maith le seastáin mhóra agus carranna thuas orthu. Ba léir ón tús go raibh ord agus eagar ar chúrsaí agus bhí neart ball foirne i láthair leis na carranna a threorú go dtí a n-áiteanna cuí. Roimh an dráma, taispeánadh seanfhógraí ar an scáileán agus bhí  ceol á chasadh ar mhinicíocht faoi leith ar an raidió ag DJ barrúil, rud a chuidigh go mór le hatmaisféar an ‘drive-in’ ar an tseanstíl a chruthú.

Molann Fíbín do dhaoine a gcuid smailcíní féin a thabhairt leo go dtí an léiriú. Fleasc tae agus císte milis a bhí againne!

Is í Fionnuala Flaherty atá i bpáirt an Gharda Clíodhna, bean atá faoi léigear ag cúraimí an tsaoil, agus í ar thóir Fiach (Dara Devaney), fear a bhfuil a chuid trioblóidí féin aige. Den chuid is mó den dráma bíonn an bheirt le feiceáil ar an scáileán, iad ina suí ina gcuid carranna ag tiomáint faoi dheifir i ndorchadas na hoíche.

Gaeilge bhreá nádúrtha ag na haisteoirí agus glórtha scoth-aisteoirí óga an cheantair le cloisteáil freisin sna comhráite a bhíonn ar bun ag Clíodhna ar an bhfón.

Ábhar tromchúiseach atá faoi chaibidil sa dráma seo, ach ní hé sin le rá nach bhfuil sé barrúil. Is ag Íosa Críost, mar a shamhlaíonn Fiach é ina chloigeann scriosta, atá roinnt de na línte is barrúla!

Ag bailiú sonraí de réir treoirlíne

Úsáidtear ceol nuachumtha le Steve Keaney le linn an dráma, ach is iad na hamhráin – ‘Into My Arms’ le Nick Cave, go háirithe, is mó a chuaigh i gcion orm féin.    

Baintear úsáid as 13 ceamara leis na híomhánna éagsúla a sholáthar beo ar an scáileán agus tá os cionn 40 gearrfhíseán réamhthaifeadta fite fuaite leis an seó. Seachtar déag uilig, idir aisteoirí, lucht stáitse agus teicneoirí atá ag obair ar an léiriú.

Tionscadal uaillmhianach atá thar a bheith casta agus dúshlánach é ‘Fiach’, a dúirt Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir bainistíochta Fíbín, ar Raidió na Gaeltachta agus b’fhíor dó. Ach an oiread le compántas Macnas, tá sé cruthaithe ag an gcompántas seo, atá lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, nach bhfuil aon easpa samhlaíochta orthu agus nach mbíonn aon leisce orthu tabhairt faoi thionscadail dhúshlánacha. An t-am seo anuraidh, mar shampla, chuir siad seó ilghnéitheach eile – ‘Cath na Ceathrún Rua’ – ar stáitse sa ngarraí ar chúl Tigh Johnny Sheáin, ceannáras Fíbín le taobh TG4 ar an Tulaigh.

Anois, in aimsir mhíshocair seo an COVID, tá saothar nua cruthaithe acu le drámaíocht a chur ar fáil don phobal ar bhealach cliste nach sáraíonn na srianta sláinte éagsúla. Freisin, tá fostaíocht fhiúntach curtha ar fáil acu do lucht na n-ealaíon atá buailte go dona ag an bpaindéim. Ní beag sin.

Ach céard a tharlaíonn sa dráma fíorspéisiúil seo? a deir tú. B’fhearr dul ann le sin a fháil amach! Agus gheobhaidh tú amach freisin cén chaoi a dtugann lucht féachana le fios gur bhain siad an-sult as an léiriú agus iad ina suí ina gcuid carranna! Dea-chomhartha cinnte é go ndearna muid féin dearmad ar an bhfleasc tae agus ar an gcíste milis go dtí go raibh an dráma thart.

Beidh ‘Fiach’ – atá á léiriú i gcomhpháirt leis An Taibhdhearc – ar bun ag a 10 a chlog chuile oíche as seo go dtí an Satharn 22 Lúnasa.

Beidh deiseanna eile agat é a fheiceáil ag meán oíche ar an 15, an 21 agus an 22 Lúnasa.  €25 in aghaidh an chairr an costas agus cead ag ceathrar a bheith sa gcarr. Tiomáin isteach chuige!

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: An chéad dráma ‘drive-in’ Gaeilge in Éirinn ag Fíbín i gConamara'