Léiriú brúidiúil ar fhearúlacht atá imithe ar strae

Déanann Savage, scannán nua Sam Kelly, cíoradh ar shaol fir atá ciaptha ag eachtraí óna óige

Léiriú brúidiúil ar fhearúlacht atá imithe ar strae

Savage
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Sam Kelly
Cliar: Jake Ryan, John Tui, Olly Presling, Lotima Pome’e, James Matamua, Chelsie Preston Crayford, Haanz Fa’avae-Jackson

Danny atá ina leascheannasaí agus ina lámh láidir ar dhrong sráide in Wellington na Nua-Shéalainne i 1989. Sa chéad radharc címid é ag dul i mbun smachta lena chasúr.

‘Damage’ atá baiste ag a chomrádaithe air mar gheall ar a chumas is a chlaonadh chun foréigin. Tá an focal ‘Savages’ greanta ar a chlár éadain agus tá ‘Poneke’, an Mhaorais ar chathair Wellington breactha ar dhroichead a shróna.

“Canathaobh go gcaitheann tú an masc sin?” a fhiafraíonn cailín a bhfuil sé ag spallaíocht léi de. “Le go bhfeicfidh tú cé mé féin i ndáiríre”, an freagra pras a fhaigheann Flo (Crayford). Agus iad ar tí dul ag bualadh craicinn, déanann a mheon bagrach praiseach den chúram. Is léir dúinn ón gcéad luí súl mar sin gur duine brúidiúil suaite é nach bhfuil istigh leis féin. D’fhéadfadh an focal ar a chlár éadain seasamh don damáiste a deineadh dó i gcaitheamh na mblianta.

Seoltar siar sinn chuig 1965 agus 1972 le haistear Danny ar bhóthar a aimhleasa a léiriú dúinn. Tosaíonn cúrsaí lena theaghlach mífheidhmiúil féin sna seascaidí; athair foréigneach atá luite leis an ól agus máthair bheagfhoclach, ghéilliúil.

Címid mianach an bhuachalla óig i radharc ina ndéanann sé a dheirfiúr óg a chosaint ar a n-athair go cróga, neamhleithleasach. Tamall ina dhiaidh sin beirtear air agus é ag iarraidh bia a ghoid don teaghlach atá ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal. Seoltar é, le cead a thuismitheoirí, chuig ionad Borstal. Meabhraíonn an foréigean agus ionsaithe gnéis ansin scéal cráite scoileanna saothair na hÉireann dúinn.

Ní nach ionadh fágtar lorg ar an mbuachaill. Éiríonn sé an-chairdiúil lena chomrádaí seomra Moses (Pome’e/Fa’avae-Jackso/Tui)  agus éalaíonn siad ón ionad. Insíonn scéal na seachtóidí dúinn conas mar a bhuanaítear an cairdeas agus conas mar a bhunaíonn siad an drong sráide. Sí an tréimhse seo i ndáiríre, agus soineantacht de shaghas fós in Danny, a sheolann ar bhóthar na brúidiúlachta é. Taibhsíodh dom, áfach, go raibh cuid den turas in easnamh orainn agus gur mór an difear idir an duine a d’fhágamar sna seachtóidí agus an t-ainmhí a chuirtear os ár gcomhair i 1989.

Cé nár fhill Danny ar an mbaile ó d’fhág sé, tá an ceangal lena mhuintir an-láidir i gcónaí. I radharcanna lán mothúchán címid é ag siúl suas ag bóithrín an tí i ngan fhios, ag marcáil an sconsa lena scian agus ag fágaint arís. Sé an gaol idir Danny agus Moses bunchloch an scannáin. Gineadh an cairdeas dlúth seo i bhforéigean na scoile agus na sráide. Ina dhiaidh sin féin de réir mar atá Danny ag dul san aois tá sé ag éirí bréan den saol brúidiúil gan dealramh agus santaíonn sé an ceangal daonna is clainne. Cuirtear sin abhaile sa chion a léiríonn sé do bhall óg na droinge.

Tugann an fhoireann ar fad taispeántas ábalta uathu. Éiríonn le Ryan fear atá brúidiúil ach goilliúnach a chur os ár gcomhair ach theastaigh uaim a thuilleadh a fheiscint de Flo agus a leithéidí. Mheasas gur thit an tóin as cúrsaí ag tarrac i dtreo an deiridh ach tugann an scannán seo léiriú brúidiúil ar fhearúlacht atá imithe ar strae agus ar an lorg a fhágann uafáis na hóige ar an duine.

 

Fág freagra ar 'Léiriú brúidiúil ar fhearúlacht atá imithe ar strae'