Léirithe spéise á lorg ó dhochtúirí teaghlaigh atá ag iarraidh lonnú in ionad sláinte nua i gConamara

Táthar ag súil réimse leathan seirbhísí sláinte a chur ar fáil do mhuintir Chonamara theas san ionad nua atá le tógáil soir ó shráidbhaile an Spidéil

Léirithe spéise á lorg ó dhochtúirí teaghlaigh atá ag iarraidh lonnú in ionad sláinte nua i gConamara

Tá comhlacht atá ag tógáil ionad nua cúram sláinte i gceantar Gaeltachta ag iarraidh dochtúirí teaghlaigh áitiúla a mhealladh chun lonnú san ionad.

Fógraíodh mí an Mheithimh go raibh cead pleanála faighte ag an gcomhlacht Baile Éamoinn Teoranta ionad nua don chúram príomhúil sláinte a thógáil ar an Spidéal i gConamara.

Meastar go bhféadfaí réimse leathan seirbhísí sláinte a chur ar fáil do mhuintir Chonamara theas san ionad nua atá le tógáil i mBaile Éamoinn, píosa beag soir ó shráidbhaile an Spidéil.

Tá an comhlacht atá i mbun na forbartha anois ag lorg “léirithe spéise agus tacaíochta” ó dhochtúirí teaghlaigh i gceantar dheisceart Chonamara a bhfuil suim acu a gclinicí leighis a lonnú san ionad nua atá le tógáil.

Tá dochtúirí teaghlaigh lonnaithe cheana féin in Ionad Leighis an Spidéil sa mBaile Ard agus beidh le feiceáil an mbeidh cuid acu ag iarraidh bogadh soir go dtí an t-ionad nua.

Nuair a fógraíodh go raibh cead pleanála bronnta ar an bhforbairt, dúirt Rónán Bairéad, duine de stiúrthóirí Bhaile Éamoinn Teoranta, go rabhthas i mbun cainteanna le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte “chun éileamh a dhéanamh ar raon leathan seirbhísí a chur ar fáil don phobal ón áis nua cúram sláinte sa Spidéal.”

“Cuirfidh na seirbhísí seo leis na seirbhísí atá ar fáil don Ghaeltacht ar fad ó Bhearna go Carna,” a dúirt Bairéad.

Tá sé i gceist seirbhísí sláinte neamh-ghéarmhíochaine a chur ar fáil san ionad a d’fhágfadh nach mbeadh ar mhuintir na háite dul isteach go dtí an t-ospidéal i nGaillimh i gcónaí chun cúram a fháil.

I measc na seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil san ionad nua tá áiseanna X-gha agus diagnóise, dochtúirí teaghlaigh, altraí sláinte phoiblí, seirbhísí fiaclóireachta, seirbhísí leas an phobail, fisiteiripe, teiripe saothair, seirbhísí urlabhra agus teanga, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí síceolaíochta, seirbhísí optalmacha, seirbhísí máthar agus leanaí agus seirbhísí cúraim do dhaoine scothaosta.

Fág freagra ar 'Léirithe spéise á lorg ó dhochtúirí teaghlaigh atá ag iarraidh lonnú in ionad sláinte nua i gConamara'

  • Aisling

    Go n-éirí leo dochtúr teaghlaigh a fháil! Go n-éirí níos mó leo dochtúr teaghlaigh le Gaeilge a fháil.! Má earcaítear Béarlóirí amháin, chun a thuilleadh slad a dhéanamh ar an dteanga sa cheantar álainn seo. Beifear ag coinneáil súil ghéar ar an dtogra ionas nach ndéantar beag do na hiarrachtaí atá á dhéanamh sa cheantar an Ghaeilge a neartú.