Léiríonn ‘Machnamh 100’ nach aon ghnáthpholaiteoir Micheál D. Ó hUigínn

Obair fhiúntach atá ar bun ag an Uachtarán le Machnamh 100, agus ba chóir dó leanúint ar aghaidh leis agus scrúdú a dhéanamh ar Chogadh na gCarad

Léiríonn ‘Machnamh 100’ nach aon ghnáthpholaiteoir Micheál D. Ó hUigínn

De ghnáth, ní bhíonn suim dá laghad ag polaiteoirí i meon na vótóirí a thugann cumhacht dóibh. Tá tábhacht níos práinní ag baint le hiompar na vótóirí.

Is léir áfach nach gnáthpholaiteoir é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, agus go dteastaíonn uaidh meon aigne na ndaoine a athrú. Is mór an tsuim atá léirithe aige i ndearcadh na ndaoine, go háirithe a ndearcadh ar stair na mblianta idir 1912 agus bunú an tSaorstáit i 1922.

Is ceart agus cóir mar sin fáilte a chur roimh an tionscnamh poiblí nua aige, Machnamh 100, sraith léachtaí agus comhráite idir an tUachtarán agus saineolaithe éagsúla á gcraoladh ó Áras an Uachtaráin.

Seo iarracht eile ón Uachtarán dul i ngleic le conspóidí stairiúla a bhaineann leis an bhforéigean agus an t-impiriúlachas.

Is mian leis an Uachtarán comhairle a thabhairt dúinn conas cuimhneachán agus comóradh poiblí a dhéanamh gan dochar a dhéanamh dúinn féin ná dár gcomharsana. Ba chóir dúinn, dar leis, iarracht speisialta a dhéanamh chun na tuairimí éagsúla atá ag daoine a thuiscint i gceart, go háirithe meon aigne aontachtaithe Uladh agus na dílseoirí ó dheas.

Rinne sé tagairt fiú do mhaithiúnas a thabhairt dár sean-naimhde, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair stairiúla eile. Thug an tUachtarán cuireadh don Ollamh Michael Laffan labhairt leis le déanaí.

Labhair seisean go líofa agus go héirimiúil mar gheall ar imeachtaí polaitiúla ar fud na mór-roinne idir 1914 agus 1922. Mhaígh sé faoi dheireadh gur chóir dúinn bheith buíoch gur ag troid i gcoinne na Breataine a bhíomar, stát daonlathach le traidisiún liobrálach ársa ó thaobh an fhoréigin de.

Ní raibh David Lloyd George in ann poblachtánaithe na hÉireann go léir a chur chun báis mar ní raibh vótóirí Shasana sásta an cead sin a thabhairt dó tar éis 1916. Ba chóir dúinn cuimhneamh ar an gcur chuige difriúil a bhí ag na Francaigh. Lámhachadh 15,000 duine nuair a bhí Común Pháras á dhúnadh ag an rialtas. D’úsáid impire na Tuirce foréigean fíochmhar i gcoinne mhuintir na hAirméine le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus ní raibh scrupall ar bith ar shaighdiúirí na Breataine nuair a bhí siad ag troid i gcoinne mhuintir dhonn na hIndia ná na hIaráice sna 20idí. (Lámhachadh 379 i mí na Márta 1919 ag Amritsar in aon lá amháin).

Chuirfeadh caint Laffan an leabhar tábhachtach le Seán de Fréine Saoirse Gan Só (1960) i gcuimhne do dhuine. Chuir de Fréine béim ar na buntáistí stairiúla a bhí ag an dtír seo i gcomparáid le háiteanna níos boichte cosúil leis an bPolainn: “Rinneadh smionagar de ghabháltais bheaga na hÉireann trí fhoroinnt. Níor thaise d’Eoraip é. In aon ghlúin amháin rinneadh 40 feirm as cúig cinn déag i sráidbhaile áirithe sa Pholainn. I mbaile bheag eile bhí 300 teaghlach, beagnach, ag iarraidh maireachtáil ar fhearann a thug cothú do chaoga teaghlach dhá ghlúin roimhe sin.”

Obair fhiúntach atá ar bun ag an Uachtarán faoi láthair, agus ba chóir dó leanúint ar aghaidh leis agus scrúdú a dhéanamh ar Chogadh na gCarad sna léachtaí atá fós le tabhairt aige féin agus a chuid staraithe.      

Fág freagra ar 'Léiríonn ‘Machnamh 100’ nach aon ghnáthpholaiteoir Micheál D. Ó hUigínn'

  • Seán Mag Leannáin

    N’fheadar ar labhair aon duine de na haoí-chainteoirí i nGaeilge nó faoi ról na Gaeilge sna blianta cinniúnacha sin?

  • Tiarnan de Freine

    Is maith liom a fheiceáil go bhfuil staraithe agus scríbhneoirí fós ag déanamh tagairt do leabhar Sheáin de Fréine, Saoirse gan Só, a foilsíodh breis agus trí scór bliain ó shin. Do-chreidte!