Léiríonn figiúirí deontais nua gur ‘ceapachán polaitiúil’ a bhí i Joe McHugh ‘seachas ceapachán ar mhaithe leis an nGaeilge’

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go léiríonn figiúirí maidir leis an méid airgid atá á chaitheamh ag Roinn na Gaeltachta i nDún na nGall go bhfuil deontais á ndáileadh go míchothrom agus ‘go polaitiúil’

Joe McHugh

Tá sé ráite ag an iar-aire Éamon Ó Cuív go léiríonn figiúirí deontais nua “arís eile” gur “ceapachán polaitiúil seachas ceapachán ar mhaithe leis an nGaeilge a bhí i gceapachán Joe McHugh” mar Aire Stáit.

Bhí an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ag tagairt do thuairisc nuachtáin inar tugadh le fios gur i nDún na nGall is mó a caitheadh airgead faoi scéim tacaíochta do na ceantair Ghaeltachta i 2015.

Den €608,325 a dáileadh faoin scéim i mbliana, chuaigh €260,000, nó nach mór 43% den iomlán, go dtí Dún na nGall, mar a bhfuil dáilcheantar an Aire Stáit.

Tá isteach is amach le 25% de dhaonra na Gaeltachta ag cur fúthú i nDún na nGall. Tuairiscíodh nár caitheadh ach timpeall aon trian – €195,000 – d’airgead an deontais ar thograí i nGaeltacht na Gaillimhe, mar a bhfuil os cionn leath de dhaonra na Gaeltachta.

Is ar mhaithe le feabhas a chur ar áiseanna agus an Ghaeilge a neartú mar theanga phobail atá an scéim tacaíochta áirithe seo. Caitheadh an tsuim airgid is mó á dáileadh faoin scéim – €48, 559 –ar pháirc spraoi a fhorbairt i gceantar na Rosann.

Tuairiscíodh chomh maith gur i nDún na nGall a caitheadh an céatadán is mó den airgead a chaith Roinn na Gaeltachta ar fhorbairtí caipitil ar na hoileáin i 2015. Caitheadh os cionn €266,715 den €303, 619 a dáileadh sa réimse seo ar fhorbairtí ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall, ag áireamh forbairt héileapad do Thoraigh, a chosnaigh €226,311.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív gur léir nach bhfuil airgead na Roinne “á dháileadh go cothrom ag an Aire Stáit”.

“Ar an gcéad dul síos, is trua go bhfuilimid ag caint ar shuimeanna beaga bídeacha do thograí maithe pobail, ach mar sin féin breathnaíonn sé an-aisteach.

“Ba léir ó thús gur ceapachán polaitiúil seachas ceapachán ar mhaithe leis an nGaeilge a bhí i gceapachán an Aire Stáit agus is léiriú eile an scéal seo ar an méid sin,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.

Dúirt an Seanadóir ó Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, go raibh pé airgead a bhí á fháil ag tograí Gaeltachta ag dul dóibh, agus go léiríonn a laghad airgid a dáileadh i 2015 “nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus nach bhfuil an Ghaeltacht mar thosaíocht ar chor ar bith acu”.

Fág freagra ar 'Léiríonn figiúirí deontais nua gur ‘ceapachán polaitiúil’ a bhí i Joe McHugh ‘seachas ceapachán ar mhaithe leis an nGaeilge’'

  • Concubhar

    Nach bhfuil a fhios ag Éamon go maith faoi fhigiuirí deontais nó b’iad na cleasanna céanna a bhíodh ar bun aige sa phost céanna.

  • Feardorcha

    Tuairiscíódh nár caitheadh ach timpeall aon trian – €195,000 – d’airgead an deontais ar thograí i nGaeltacht na Gaillimhe mar a bhfuil os cionn leath de dhaonra na Gaeltachta.

    Nach breá d’Éamó a bheith ag seó le huimhreacha.
    Bheifeá ag súil go mbeadh iarracht éigin déanta ag tuairisc.ie na figiúirí a scrúdú ar mhaithe le hoibiachtúlacht, áfach.
    Bhfuil na coda sin de Ghaeltacht na Gaillimhe i mbruachbhailte na cathrach san áireamh san fhigiúr sin aige, b’fhéidir?
    Bhfuil sé curtha san áireamh aige go bhfuil gach cé, bóthar agus tobar i nGaillimh Thiar deisithe cheana féin faoi thrí faoina réimeas féin agus nach bhféadfaí tuilleadh a chaitheamh orthu gan sinn go léir a náiriú?
    Bhfuil na hoifigí móra stáit go léir i gConamara agus na pinginí a chaitheann siad siúd gach lá san áireamh aige?
    An bhfuil gá níos mó leis an airgead i dTír Chonaill faoi láthair? B’fhiú scrúdú a dhéanamh ar rátaí fostaíochta agus comparáid a dhéanamh maidir le tionscail, turasóireacht srl. (nár bhreá an rud dá mbeadh Údarás againn chun a leithéid a dhéanamh?)