Léiríonn Bród nach gá fanacht faoi cheilt…

Agus deireadh tagtha le Mí an Bhróid 2022 labhair Tuairisc le roinnt Gael mar gheall uirthi

Léiríonn Bród nach gá fanacht faoi cheilt…

Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann

Lisa Nic an Bhreithimh, gníomhaí LADTA+ agus ball coiste ShoutOut agus Equality for Children

Tá Bród tábhachtach in Éirinn an lae inniu mar níl deireadh tagtha leis an dímheas a léirítear ná an foréigean i gcoinne an phobail LADTA+. Cloisimid scéal i ndiaidh scéil faoi ionsaithe, faoi bhulaíocht daltaí scoile (73% de réir pobalbhreith BelongTo nach mothaíonn sábháilte ar scoil), faoi easpa ceart ag tuismitheoirí LADTA+ agus a bpáistí ná ag daoine tras nó neamhdhénártha.

Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann agus nach ceart a bheith ann in Éirinn 2022, iad a phlé agus impí ar an rialtas agus orainn féin mar shochaí bheith níos fearr, níos oscailte, níos ionchuimsithí. Tá sé tábhachtach ár bhféiniúlachtaí, ár ngrá agus ár n-inscní a cheiliúradh freisin. Tá sonas, bród, grá agus comhbhá den chéad scoth againn mar phobal. Táim bródúil asainn agus tá sé tábhachtach na gnéithe seo dár gcomhphobal a cheiliúradh! Bímis bródúil, mar phobal Éireannach, chomh maith le comhphobal aiteach.

 

Is faoiseamh é féile an Bhróid ó na mothúcháin dhuairce seo

Kevin Johnston, scríbhneoir agus aisteoir

Ba chúis náisiúnta dobróin é dúnmharú beirt fhear ar bhuail a ndúnmharfóir leo trí aip dátála i gContae Shligigh i mí Aibreáin. Níorbh é dobrón an chéad rud a rith liom go pearsanta áfach nuair a chuala mé an scéal, ach an smaoineamh go bhféadfadh gur mise a bhí ann. 

Is amhlaidh a mhothaigh mé nuair a tuairiscíodh roinnt ionsaithe homafóbacha i mo chathair chónaithe, Baile Átha Cliath, le cúpla mí anuas. Agus arís nuair a cailleadh beirt i mbeár LADTA+ an Satharn seo caite tráth ar scaoileadh gunna ag féile Bhród Osló. 

Fiú i Meiriceá, tír a aithnítear fós mar cheannaire domhanda i leith an chomhionannais, meastar anois go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach cúlú ar an gcomhionannas pósta i ndiaidh di cearta ginmhillte a athbhreithniú – mura ndéanfaidh sí athchoiriúlú iomlán ar an homaighnéasacht féin fiú.

Ghoillfeadh an bhuairt leanúnach sin ar éinne. Cuirtear i gcuimhne dom líne a dúirt an bhanríon draig agus tábhairneoir Panti Bliss in Amharclann na Mainistreach ocht mbliana ó shin: 

‘Tá an ghráin agam orm féin toisc go seiceálaim mé féin agus mé ag seasamh ag trasrian coisithe.’

Is faoiseamh é féile an Bhróid do na mothúcháin dhuairce seo. Meabhraíonn sí dom nach i m’aonar atáim. Gur cuid de phobal mé. Go bhfuil spás agam m’fhéiniúlacht a cheiliúradh gan bhuairt an bhreithiúnais, nó ina ainneoin más sin atá uaim. 

Cuireann sí i gcuimhne dom chomh maith nach mbeadh an spás sin agam murach na glúnta a tháinig romhainn agus a sheas an fód chun saol níos fearr a éileamh agus a chruthú dúinn mar phobal. Iadsan a réitigh bealach an chomhionannais dúinn, agus gach Bród cuimhním go bhfuil dualgas orainn an bealach sin a chur chun cinn do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. 

 

Eoin Ó Catháin (ar dheis)

Tá pobal agus áit ann do gach duine

Eoin Ó Catháin, Tuairisceoir Polaitíochta le RTÉ RnaG

Deis iontach an fhéile Bród an fhorbairt phearsanta atá déanta againn ar fad, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta ag an tír agus ag an bpobal, a chomóradh.

Tá an-chuid daoine ann nach mbeadh an mhuinín acu astu féin é sin a cheiliúradh – bhí mise ina measc ar feadh blianta. Tá sé tábhachtach go n-aithnítear sin, agus go dtaispeántar nach aon údar náire do ghnéasacht nó do chlaonadh. Tá pobal agus áit ann do gach duine.

Bímis bródúil, cuirimis fáilte roimh chách, cabhraímis lena chéile.

 

Léiríonn Bród nach gá fanacht faoi cheilt

Gráinne Ní Mhuilneoir, An Siopa Leabhar

Bhí mé san ardchathair lá Bróid trí thimpiste an chéad uair go bhfaca mé an pharáid. Chonaic mé gliondar. Chonaic mé dóchas. D’éalaigh mé abhaile agus lig orm nach raibh aon bhaint agamsa leis sin. 

Cúpla bliain níos déanaí, bhí mo náire inmheánach sáraithe agam. Shiúil mé sa pharáid leis an gcumann ollscoile, lá grianmhar a sheasann amach i mo chuimhne go hildaiteach. 

Léiríonn Bród gur cuimhin linn na daoine a tháinig romhainn agus a throid ar ár son gan aithne a bheith acu orainn; gur cuimhin linn an áit ónar tháinig muid agus an bealach fós os ár gcomhair. Léiríonn Bród tacaíocht, comhghuaillíocht, comhpháirtíocht. Léiríonn Bród áthas – áthas aiteach, dóchas ó chroí, saoirse. 

Léiríonn Bród dúinn nach gá fanacht faoi cheilt, faoi choim go deo – go bhfuil pobal ann a thuigfidh tú, pobal nach iad do theaghlach iad ach seans gurb iad do threibh iad. 

 

Is pobal an-fháiltiúil é pobal aiteach na Gaeilge

Eoin McEvoy, ealaíontóir agus file agus duine de bhunaitheoirí AerachAiteachGaelach

Deis atá i mBród do dhaoine aiteacha agus a gcuid cairde teacht le chéile le dlúthpháirtíocht a thaispeáint dá chéile agus le ceiliúradh a dhéanamh ar bheocht ildaite an phobail. Is féile álainn í a thugann cead don phobal bheith amuigh lena dteaghlach tofa, cairde nua a dhéanamh, dul ag damhsa agus bheith ag éisteacht le ceannairí an phobail ag labhairt faoi na saincheisteanna is práinní atá romhainn mar dhaoine LADTA+.

Is am dorcha fós é do go leor daoine aiteacha faraor faoi mar atá feicthe againn i gcás na ndúnmharuithe brúidiúla i Sligeach agus na hionsaithe rórialta atá á ndéanamh ar dhaoine aiteacha ar shráideanna ár gcuid cathracha. Tá obair mhór romhainn go speisialta le léiriú don phobal trí chéile nach ábhar díospóireachta é gur cheart dúinn aire agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine tras ach gur cuid dár bpobal iad agus nach bhfuil tacaíocht leordhóthanach curtha ar fáil againn dóibh go nuige seo.

Is deis iontach í an fhéile do phobal na Gaeilge freisin a chruthú arís eile go bhfuil spás sa bpobal sin do dhaoine aiteacha agus go bhfuil fáilte rompu. Bhí lá aoibhinn ag an Queercal Comhrá agus AerachAiteachGaelach (www.aerachaiteachgaelach.net) i gClub an Chonartha an 18 Meitheamh ag #BálAiteach22. Bhí beárbaiciú againn sa ngairdín beorach agus cainteanna maidir le grúpaí aiteacha le Gaeilge. Bhí biongó ceoil againn thíos staighre ansin agus chríochnaigh muid le bál ar nós na mbál in Harlem sna 1970idí agus daoine gléasta de réir catagóire agus iad ag siúl ar an ardán taispeána chun duaiseanna a ghnóthachtáil ó Eolaire Údarás na Gaeltachta ón mbanríon draig agus na moltóirí eile. Bhí ceol ann agus comhluadar, gáire agus gean, dlúthpháirtíocht agus damhsa.

Ba iad Baile Átha Cliath le Gaeilge agus an Ciste Spreagtha a chuir ar ár gcumas an t-imeacht a reáchtáil agus tá muid an-bhuíoch go deo díobh as a gcúnamh.

Is pobal an-fháiltiúil é pobal aiteach na Gaeilge agus b’fhiú do léitheoirí aiteacha Tuairisc.ie teacht i dteagmháil linn ar Instagram: @queercalcomhra

 

Gníomh riachtanach sóisialta is ea é

Dean Ó Fearghail, Mac Léinn PhD in Concordia, Montréal

Ceiliúradh é Bród ar na héachtaí a bhain an pobal LADTA+ amach le blianta anuas. Comóradh é ar na daoine a chuaigh romhainn agus a d’fhulaing i mbealaí éagsúla mar gheall ar a léiriú inscne nó ar a gclaonta collaíochta. Meabhrú é bród le cuimhneamh ar a bhfuil le baint amach ag an bpobal céanna amach anseo, le cinntiú go bhfuil cearta daonna bunúsacha ag cách (go háirithe acu siúd atá mionlaithe), sna cathracha agus faoin tuath, thall agus abhus. Gníomh riachtanach sóisialta is ea é a sheasann i gcoinne an chiníochais, na homafóibe agus na trasfóibe agus a fhéachann leis an domhan a athrú.

 

Bhí mé faoi choim go dtí go raibh mé tríocha bliain d’aois

Pól Penrose, Bród na Gaeltachta

Tógadh mise anseo i gCloich Cheann Fhaola, i gcroílár na Gaeltachta i dTír Chonaill i 1977. Ní raibh cuid mhór daoine aerach nó aiteach amuigh agus bródúil agus le feiceáil sa cheantar an t-am sin agus mar sin bhí sé deacair tuiscint a fháil ar m’fhéiniúlacht féin. Bhí go leor homafóibe agus bulaíocht ag tarlú sa cheantar san am, cé go raibh mé faoi choim go dtí go raibh mé tríocha bliain d’aois agus i mo chónaí i mBéal Feirste.

I rith an ama sin níor thug mé mórán airde ar Bród ach dá shine a d’éirigh mé níos tábhachtaí a d’éirigh sé dom ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród. Anois agus mé anseo i mo cheantar fhéin ar fhás mé suas ann tá an t-am ann é a cheiliúradh anseo sa bhaile, sa Ghaeltacht agus tacaíocht a thabhairt do na daoine aeracha/aiteacha sa cheantar agus do na daoine níos sine ata anseo i rith a saoil. Tá súil agam go mbeidh muid ábalta misneach a thabhairt do dhaoine agus iad a chur ar an eolas nach bhfuil siad leo fhéin agus go bhfuil pobal anseo daofa.

Fág freagra ar 'Léiríonn Bród nach gá fanacht faoi cheilt…'

  • Lonán Fiach Ó Lorgnáin

    Alt misniúil don lucht aiteach mar aon leosan ar son sochaí ilġnéithí daonlathaí👴🏾🧑‍🦰🧑🏿‍🏫🧕Easpa insint a scéil/staire/eolaíochta sna scoileanna go fóill, áfach #aineolach_antoisceach

  • Eamonn Mac Niallais

    Maith sibh go léir!