Leath de Ghardaí na Gaeltachta le bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge roimh dheireadh 2025 – An Garda Síochána

Tá an sprioc maidir le cainteoirí líofa a bheith ar dualgas sa Ghaeltacht ar cheann de bhreis is scór sprioc atá leagtha amach i straitéis Ghaeilge nua an Gharda Síochána

Leath de Ghardaí na Gaeltachta le bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge roimh dheireadh 2025 – An Garda Síochána

Tá sé mar sprioc ag An Garda Síochána go mbeadh Gaeilge líofa ag os cionn 50% de na Gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta roimh dheireadh 2025.

Tá an sprioc sin ar cheann de bhreis is dhá scór atá leagtha amach i straitéis nua Gaeilge an Gharda Síochána. 

Díreoidh an straitéis teanga, an tríú ceann ó bunaíodh an eagraíocht, ar líon na gcainteoirí Gaeilge a thagann isteach sa Gharda Síochána a mhéadú, cur leis an líon fostaithe san eagraíocht a labhraíonn Gaeilge, agus an teanga a chur chun cinn mar theanga phobail.

Ar cheann de na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis nua, deir na Gardaí go bhfuiltear ag iarraidh go mbeadh ar a laghad leath de na Gardaí atá ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta ina gcainteoirí líofa faoi dheireadh 2025. 

Deir An Garda Siochána go mbeidh sé ina sprioc “leanúnach” go mbeadh an Ghaeilge ag 100% de Ghardaí atá ag obair i stáisiúin Ghaeltachta, mar a éilítear sa reachtaíocht.

De réir áireamh a rinneadh i bhfómhar 2019, ní raibh Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta. Tugadh le fios go raibh Gaeilge ag 35 den 101 Garda a bhí lonnaithe i 21 stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht ag an am.

Tá An Garda Síochána le críoch a chur le hiniúchadh nua ar scileanna Gaeilge fhostaithe uile na heagraíochta roimh dheireadh na bliana seo. 

Tá sé i gceist freisin úsáid a bhaint as sonraí daonáireamh chun anailís a dhéanamh ar phróifíl theangeolaíoch an phobail agus iniúchadh eile a dhéanamh ansin ar leibhéal na seirbhísí Gaeilge a theastaíonn ar fud na heagraíochta. 

Bainfear úsáid as an eolas sin chun spriocanna líofachta a leagan síos do stáisiúin seirbhíse Ghaeltachta, sin stáisiúin nach bhfuil sa Ghaeltacht ach a bhíonn ag freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána 2005 Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá sin indéanta.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, go raibh súil aige go mbeifí in ann an sprioc 50% de chainteoirí líofa a bheith ar dualgas sa Ghaeltacht a bhaint amach trí cur le líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear agus trí scileanna teanga na ndaoine atá san eagraíocht cheana féin a fheabhsú.

“Sílim gur sprioc í gur féidir a bhaint amach,” a dúirt Harris ag seoladh na straitéise nua i nGaillimh.

“Bhí spriocanna uainn a bheadh dúshlánach ach go bhféadfaí iad a bhaint amach. D’fhéach muid ar earcú tuilleadh Gaeilgeoirí agus ar a bhforbairt siúd atá san eagraíocht cheana féin.”

Seoladh feachtas Fáinne Gaeilge an Gharda Síochána inniu freisin agus mheas an Coimisinéir go mbeadh sin ina chúnamh le Gardaí a spreagadh a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

“Forbairt an-tábhachtach atá san Fháinne maidir le muinín a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid san ionad oibre. Tá muid ag cur tacaíochtaí foghlama ar fáil freisin.”

Tugadh le fios go bhfuil breis is 1,000 fostaí de chuid an Gharda Síochána tar éis clárú le feachtas an Fháinne go dtí seo. Tá trí Fháinne deartha go speisialta do na Gardaí – Fáinne Óir, Fáinne Airgid agus Fáinne Cúpla Focal – ar féidir le Gardaí iad a chaitheamh agus iad i mbun a gcuid dualgas.

Tá cúrsa Gaeilge speisialta ar líne do Ghardaí seolta le gairid freisin, i bpáirt le Gaelchultúr. Dúradh go raibh thart ar 100 duine tar éis clárú leis an gcéad chúrsa, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí. Déanfar freastal amach anseo ar bhaill a mbeadh leibhéal Gaeilge níos fearr acu. Tá na ranganna á gcur ar fáil do gach ball den Gharda Síochána.

Dúirt an Coimisinéir Harris go bhfuil “áit fhíorthábhachtach” ag an nGaeilge sa Gharda Síochána agus go raibh dualgas orthu tacaíocht a thabhairt di.

“Tá dlúthbhaint ag an nGaeilge le haitheantas na nGael agus dá bharr tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid ár seacht ndícheall, mar sheirbhís slándála agus póilíneachta náisiúnta na hÉireann, chun go mbeidh misneach ag an bpobal agus go mbeidh siad ar a gcompord labhairt leis na Gardaí trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill gur faoi na Gardaí agus Tithe an Oireachtais anois atá sé a dhéanamh cinnte go gcloífear leis an reachtaíocht maidir leis na dualgais teanga atá ar na Gardaí.

Chuir Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais anuraidh ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag An Garda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge.

Tá oifig an Choimisinéara Teanga ag plé leis an gceist ó 2011 nuair a rinneadh gearán nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair.

“Tá súil agam go n-éireoidh leis an bplean ach is faoi Thithe Oireachtais agus faoin nGarda Síochána atá sé anois déanamh cinnte go gcomhlíonfar an reachtaíocht. Tá mise tagtha go ceann scríbe maidir leis na feidhmeanna atá agam,” a dúirt Ó Domhnaill ag an seoladh.

“Is ceist mhór í, is ceist leathan í. Chaith m’oifig go leor leor ama ar an gceist. Bhraith mé mar Choimisinéir gur chaith mé níos mó ama ag plé na ceiste maidir le cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe leis an nGarda Síochána ná mar a chaith mé le haon eagraíocht eile,” a dúirt sé.

“An rud a bheinn ag súil leis ná go gcomhlíonfar an reachtaíocht agus gur Gardaí le Gaeilge a bheadh lonnaithe sna stáisiúin Ghaeltachta. Mar a luaigh an Coimisinéir Harris, tá ceist níos leithne ann chomh maith maidir le dualgais sna ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhísí sásúla a chur ar fáil ó thaobh na Gaeilge de.

Is féidir Straitéis Ghaeilge an Gharda Síochána 2022-2025 a léamh anseo.

Fág freagra ar 'Leath de Ghardaí na Gaeltachta le bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge roimh dheireadh 2025 – An Garda Síochána'

  • ER

    Tá an caighdeán Gaeilge sa doiciméid seo ina phraiseach. Is mór an náire iad.

  • Muireann

    Leath? Sa Ghaeltacht?