Leasú le déanamh ar leabhar Gaeilge bunscoile mar gheall ar ghearán faoi easpa cothromaíochta do mhná

Ní mó ná sásta a bhí cailíní rang a cúig i scoil náisiúnta Mary Help of Christians i mBaile Átha Cliath leis an tslí a gcuirtear mná i láthair i ‘Fuaimeanna agus Focail’

Tá leasú le déanamh ar leabhar Gaeilge bunscoile de thoradh gearán a rinne daltaí óga faoin léargas a thugtar ar mhná atá ann.

Ní mó ná sásta a bhí cailíní rang a cúig i scoil náisiúnta Mary Help of Christians i mBaile Átha Cliath leis an tslí a gcuirtear mná i láthair i leabhar saothair Gaeilge dá gcuid.

Bhí cantal ar na cailíní faoin mír faoi ghairmeacha sa leabhar Fuaimeanna agus Focail, mír nach raibh ach post gairmiúil amháin luaite le mná inti – an t-altranas.

Dúirt duine de na cailíní sa rang leis an Irish Independent go rabhthas míshásta chomh maith nach raibh aon duine faoi mhíchumas sa leabhar.

“Shíleamar nár chóir glacadh leis sa lá atá inniu ann go mbeadh leabhair in úsáid againn agus gan aon léargas á thabhairt acu ar an éagsúlacht atá inár scoil,” a dúirt Shona Gogarty, 11.

Chuir na daltaí scoile litir ghearáin go dtí foilsitheoirí Fuaimeanna agus Focail, Folens, agus mar fhreagra ar an litir sin dúirt na foilsitheoirí gur aontaigh siad leis na cailíní nach raibh a gceart tugtha do mhná sa leabhar agus go raibh sé easnamhach ó thaobh an chomhionannais de.

Dúradh go ndéanfaí an leabhar a leasú an chéad uair eile a dhéanfaí leasú ar an tsraith sin.

Dúirt na foilsitheoirí go mbíonn leabhair scoile á n-úsáid ar feadh tréimhsí fada, rud a fhágann nach mbíonn siad ag teacht uaireanta “le smaointeoireacht na linne”.

Fág freagra ar 'Leasú le déanamh ar leabhar Gaeilge bunscoile mar gheall ar ghearán faoi easpa cothromaíochta do mhná'