Léas dóchais faoin bPrótacal, ach cuimhnigh gur minic a bádh bád taobh le cuan

Tar éis briseadh iomlán sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an Bhruiséil ó mhí Feabhra seo caite b’údar uchtaigh é go rabhthas ag caint le chéile arís an tseachtain seo

Léas dóchais faoin bPrótacal, ach cuimhnigh gur minic a bádh bád taobh le cuan

An t-Aire Caomhach in Oifig Thuaisceart Éireann, Steve Baker

Bhí teachtaireacht á seoladh ag Steve Baker, an t-aire Caomhach in Oifig Thuaisceart Éireann. Cén teachtaireacht go beacht? Sin í an cheist.

I bhfianaise uirísliú Kwazi Kwarteng, Seansailéir an Státchiste a mb’éigean dó cuid dá bhuiséad a chur ar ceal, is léir go ndéanfaidh rialtas Liz Truss cúlú nuair a bheidh an crú ar an tairne. Nuair a dúirt Steve Baker go raibh brón air faoina iompar mar dhíograiseoir an Bhreatimeachta chrua i leith na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh an mar ionadaí rialtais a labhair sé nó thar a cheann féin amháin?

Tar éis briseadh iomlán sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an Bhruiséil ó mhí Feabhra seo caite b’údar uchtaigh é go rabhthas ag caint le chéile arís an tseachtain seo. An raibh ciallachais ag briathra Baker do na cainteanna sin? An raibh sé ag rá go ndéanfadh rialtas Liz Truss dícheall chun a theacht ar chomhréiteach leis an Aontas Eorpach i dtaca leis an bprótacal iarBhreatimeachta?

Nó ar chleas taidhleoireachta a bhí sa chaint mhánla, cuma na dearfachta gan aon rún a theacht ar chomhaontú? Bhí dhá rud á rá aige.

Bhí aiféala air faoi bheag is fiú a dhéanamh de leas dlisteanach na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh. Má bhí gá le humhlaíocht chun atmaisféar dearfach a chothú le margadh a dhéanamh leis an AE bhí sé toilteanach a bhotúin a admháil, ar sé. Bhí sé sin deimhneach, is léir, ach dúirt sé freisin go mbainfeadh siad leas as a mBille Prótacail féin, go haontaobhach mura bhfaighidís comhréiteach sásúil.

Bhí Steve Baker ar dhuine de na Caomhaigh b’fhíochmhaire i measc lucht éilimh an Bhreatimeachta. Mar chathaoirleach ar an ERG, an brúghrúpa Eoraisceipteach sa pháirtí, d’eagraigh sé feisirí chun vótáil in aghaidh mholtaí an Phríomh-Aire Theresa May, go seasta, mar go raibh an Breatimeacht róbhog, dar leis.

Bhí sé dubh dóite in éadan ‘cúlstad’ May agus é diongbháilte nach raibh freagracht ar an Ríocht Aontaithe as ceist na teorann ná éifeacht an Bhreatimeachta ar Éirinn.

Nuair a d’ainmnigh an Príomh-Aire Truss é mar aire ar fhoireann Chris Heaton-Harris, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, bhí súil ag aontachtaithe go mbeadh cairde sa chúirt acu in aghaidh an phrótacail. Bhí alltacht ar na páirtithe eile faoi bheirt iarchathaoirleach ar an ERG a bheith i gceannas, go háirithe ó tá Stormont díomhaoin i ngeall ar bhaghcat an DUP.

Ba é an t-aon léas dóchais an maíomh ó chorrdhuine gur mó seans go mbeadh díograiseoirí an Bhreatimeachta in ann comhghéilleadh a dhíol lena lucht leanúna, fiú leis an DUP. Níor thaitin leithscéal Steve Baker leis an DUP agus b’údar imní dóibh go nglacfadh an Bhreatain le comhréiteach nach sásódh aontachtaithe.

Tá éileamh an pháirtí maolaithe de bheagán; shásódh leasuithe ar an bPrótacal iad seachas a chealú ar fad mar a éilíonn roinnt dílseoirí agus an TUV. I gcaitheamh na míosa ó ceapadh é chuir an Státrúnaí Heaton-Harris brú ar an DUP filleadh ar Stormont. Mura ndéanann siad sin faoin 28ú lá den mhí seo beidh toghchán Tionóil nua ann, a deir sé. Dúirt an Príomh-Aire Truss an rud céanna in agallamh ar UTV Dé Luain. N’fheadar an gceapann Westminster go ndéanfar dóthain dul chun cinn faoin bprótacal roimhe sin chun greim marfach na conspóide faoin teorainn i Muir Éireann a scaoileadh. An mbeadh sé amaideach toghchán a ghairm i mbéal na Nollag nuair atá daoine cráite ag na harduithe as cuimse ar an gcostas maireachtála?

Tá an cheist sin ar na nithe atá faoi chaibidil idir Heaton-Harris agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney. Is léir go bhfuil tréan-iarracht ar siúl chun an caidreamh Angla-Éireannach a fheabhsú.

A bhuíochas do leagan amach na Breataine ar an bprótacal, bhí an caidreamh go hainnis faoi réimeas Boris Johnson ach tá airí in Stormont, Londain agus Baile Átha Cliath ag maíomh go bhfuil an t-oighear ag coscairt. Tá feabhas follasach ar an gcaidreamh idir an Bhreatain agus an tAE.

Bhí cruinniú tairbheach ag an bPríomh-Aire Truss agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen. Ina theannta sin d’éirigh go maith le Maroš Šefčovič agus Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, James Cleverley.

Bhíodh caint go minic abhus faoi chóiréagrafaíocht, céimeanna beaga a bheadh á nglacadh i gcomhar lena chéile chun sáinn éigin de shraith éigeandálaí a fhuascailt. Tá blas den chomhordú céanna ar a bhfuil ar siúl faoi láthair; tá feabhas ar chaidreamh na Breataine leis an mBruiséil agus le Baile Átha Cliath, caint Steve Baker san áireamh, ag cothú dóchais go bhféadfadh rath a bheith ar na cainteanna nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Tá níos mó muiníne as an bpróiseas nua seo ná mar a bhí le fada – ach is minic a bádh bád taobh le cuan.

Fág freagra ar 'Léas dóchais faoin bPrótacal, ach cuimhnigh gur minic a bádh bád taobh le cuan'