Léargas scanrúil ar chás an lucht siúil

An rud ba thruamhéalaí faoi Prime Times Investigates: Travellers, Lives on the Fringes ná nár léir aon phlean le dealramh a bheith ag an Stát chun dul i ngleic leis an bhfadhb

Léargas scanrúil ar chás an lucht siúil

Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír seo le roinnt blianta agus go dtaibhsítear do mhórán gur beag dul chun cinn atáthar a dhéanamh maidir le fuascailt na faidhbe. ’Sé a chuir Prime Times Investigates: Travellers, Lives on the Fringes (RTÉ 1, Dé Céadaoin) roimhe ná éachtaint a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta i measc an lucht siúil agus a léiriú gurb iad is mó atá thíos léi.

Bhí figiúirí is staitisticí á raideadh chugainn tiubh, te, tapa sa chlár sollúnta seo. Ag tús an chláir cuireadh in iúl gur lucht siúil iad 1% de dhaonra na tíre ach go léiríonn suirbhé ar na comhairlí cathrach/contae gur leanaí de chuid an lucht siúil iad 12% de na leanaí atá i gcóiríocht éigeandála. Tá an figiúr sin chomh hard le 25% i gceantair áirithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Tá tuairim is dhá bhliain ann ó d’fhógair an Taoiseach ag an am, Enda Kenny gur grúpa eitneach faoi leith iad an lucht siúil, cloch mhíle maidir le haitheantas agus cearta an lucht siúil. Níl ach cúpla mí ann, áfach ó labhair an t-iarrthóir uachtaránachta Peter Casey go neamhbhalbh faoin lucht siúil nuair a cháin sé iad siúd nach raibh sásta bogadh isteach i dtithe nua in aice le Durlas i dTiobraid Árann mar nach raibh soláthar déanta ansin dá gcuid capall. Léiriú é seo, agus an vóta ard a fuair Casey ina dhiaidh seo, go bhfuil an caidreamh idir an lucht siúil agus an pobal trí chéile chomh hachrannach, binbeach is a bhí sé riamh.

Léirigh suirbhé eile na driseacha cosáin a bhíonn roimh an lucht siúil is iad ag iarraidh tithe a thógáil ar cíos. Deir 8% de na freagróirí go mbeadh leisce orthu tigh a thabhairt do náisiúnaigh ón gcoigrích, deir 42% nár mhaith leo go mbeadh siad siúd atá ar scéimeanna tithíochta sóisialta ina gcuid tithe, ach maidir leis an lucht siúil deir 82% go mbeadh doicheall orthu tigh a thabhairt ar cíos dóibh. Figiúr scanrúil nuair a chuimhníonn tú i gceart air.

Deir cuid den lucht siúil a labhair le lucht déanta an chláir go ndéantar scéal chailleach an uafáis de scéalta faoin lucht siúil agus nár cheart gach duine a dhamnú mar gheall ar ghníomhartha an mhionlaigh. Bíonn dhá insint ar gach scéal agus deir úinéir talún sa Tulach Mhór go gcosnóidh sé tuairim is €5000 air bruscar a bhailiú ar phaiste talún a raibh buíon den lucht siúil buailte fúthu ann ar feadh scaithimh.

Buailimid le muintir Ward agus muintir McGinley i Sligeach. Tá aighneas idir an dá theaghlach agus ní theastaíonn uathu go mbeadh siad ar aon láthair amháin. Bhí an ghoimh orthu, agus ar lucht cearta an lucht siúil, gur chinn an Chomhairle leanúint ar aghaidh lena gcuid pleananna. Tagraítear d’aighnis eile a d’fhág láithreacha do-áitrithe. In Inis b’éigean scéim tithíochta a leagan go talamh mar gheall ar eachtraí coirloiscthe. Cuireann seo le dearcadh diúltach an phobail.

Ní fhéadfadh éinne a shéanadh ná go bhfuil na coinníollacha maireachtála atá ag daoine atá buailte fúthu i gcarbháin go hainnis. Níl aon leithris, uisce reatha nó ceangal seasta leictreachais acu. Suas le naonúr ag maireachtaint in aon spás beag amháin.

An rud is truamhéalaí ar fad faoin gcúram ná go bhfuil seo ag tarlú le blianta fada agus ní léir ón gclár seo go bhfuil, nó go mbeidh, aon phlean le dealramh ag an Stát chun dul i ngleic leis an bhfadhb. 

Fág freagra ar 'Léargas scanrúil ar chás an lucht siúil'

  • Pól Ó Braoin

    Caith sé mhí i do chónaí béal dorais le teaghlaigh den lucht siúil agus scríobh alt eile dúinn ag cur síos ar do shaol nua. Tá mé a cheapadh go dtabharfaidh sin léargas as an nua duit ar an vóta a fuair Peter Casey i dtoghchán na huachtaránachta le deireanaí.