Léargas ar shaol na nGael thar sáile ó Nua-Eabhrac go Osaka le fáil i sraith físeán nua

Tá sraith deich bhfíseán Gaeilge coimisiúnaithe ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin chun deis a thabhairt dúinn casadh le Gaeil atá ag cur fúthu thar lear

Léargas ar shaol na nGael thar sáile ó Nua-Eabhrac go Osaka le fáil i sraith físeán nua

Beidh aisteoirí, mainicíní, píolóta agus saighdiúir in arm Mheiriceá ina measc siúd a bheidh le feiceáil i sraith físeán nua le Gaeil thar sáile atá le seoladh mar chuid d’Oíche Chultúir 2021. 

Tá an tsraith 10 bhfíseán Gaeilge coimisiúnaithe ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin chun deis a thabhairt don phobal casadh le Gaeil atá ag cur fúthu thar lear ach atá sáite sa Ghaeilge i gcónaí. 

‘Na Gaeil i gCéin’ is teideal don tsraith, atá maoinithe ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann. 


Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Comhairleoir Cathy Mhasún, “Tá lúcháir orm go bhfuil na 10 bhfíseán spreagúil seo á seoladh mar chuid de cheiliúradh na Comhairle ar Oíche Chultúir 2021.  

“Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag smaoineamh ar an Ghaeilge mar sheoid chultúrtha ar scála domhanda. Tá cuid mhór ball de phobal na Gaeilge ag obair i ngairmeacha éagsúla fud fad an domhain, tumtha i gcultúr na tíre ina bhfuil siad lonnaithe.” 

Sruthófar an tsraith de 10 ngearr-fhíseán ar ardáin mheán shóisialta de chuid na Comhairle ón Aoine, an 17 Meán Fómhair.  

Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021

Sa chéad fhíseán castar le Seosamh Mac Seoin as Béal Feirste ó dhúchas. Labhraíonn an Feirsteach óg faoina shaol mar aisteoir agus mar mhainicín i Nua-Eabhrac, agus tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua-Eabhrac, Londain agus Páras. 

I measc na n-aíonna eile a bheas le feiceáil le linn na sraithe beidh ​​Pól Ó Finn, fear óg atá ag obair mar Chomhordaitheoir Idirnáisiúnta sa tSeapáin, casfar le Ciabhán Ó Murchú, píolóta a bhfuil cónaí air sa Spáinn anois, rachaidh Brónagh Ní Chuilinn ar cuairt thart ar shráideanna Melbourne san Astráil, áit a bhfuil sí féin agus a páirtí Kelvin ina gcónaí le breis agus dhá bhliain. 

Beidh an t-aisteoir, mainicín agus láithreoir teilifíse Gavin Ó Fearraigh ag insint faoin saol atá aige i Las Vegas Nevada, cluinfear ó Chonallach eile, Caoimhe Ní Chonchoille, atá anois ina cónaí i gCalifornia, áit a bhfuil a fear céile ar fhostú taidhleoireachta. Ag fanacht sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, rachfar chomh fada le Florida, áit a bhfuil cónaí ar Chonchúr de Faoite. 

Ina dhiaidh sin, tugann an t-aistritheoir, ceoltóir agus scríbhneoir Seaghan Mac an tSionnaigh léargas ar an saol sa Bhruiséil, téann Méabh Ní Chualáin timpeall Chathair Londan agus ar deireadh buailfear le Séamus Ó Fianghusa, saighdiúir Meiriceánach agus Gael go smior a bhfuil a iníon á tógail le Gaeilge aige.  

Le tuilleadh eolais a fháil ar an togra seo seol ríomhphost chuig gaeilge@nmandd.org nó téigh chuig www.newrymournedown.org/gaeilge 

Fág freagra ar 'Léargas ar shaol na nGael thar sáile ó Nua-Eabhrac go Osaka le fáil i sraith físeán nua'