Léargas ar a thromchúisí is atá meath na teanga sa Ghaeltacht

Le deich mbliana anuas tá laghdú mór tagtha sa Ghaeltacht ar líon na gcainteoirí laethúla i measc cuid de na haoisghrúpaí is tábhachtaí d’inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail

Léargas ar a thromchúisí is atá meath na teanga sa Ghaeltacht

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh faoi labhairt na Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla na Gaeltachta a thromchúisí is atá meath na teanga.

Idir 2011-2022 tháinig laghdú ollmhór sa Ghaeltacht ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i measc cuid de na haoisghrúpaí is tábhachtaí d’inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail.

Le linn na tréimhse sin, tháinig laghdú 23% ar líon na ndaoine idir 3-39 bliain d’aois a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais – laghdú ó 10,382 go dtí 8,032 duine.

Sa tréimhse chéanna tháinig méadú 6.5% ar líon na ndaoine os cionn trí bliana d’aois a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht ach thit líon na ndaoine a bhí idir 3-39 bliain d’aois a bhí ina gcónaí inti 6%.

Is sna haoisghrúpaí 20-29 agus 30-39 a bhí an laghdú is mó i gceist idir 2011-2022. Laghdú 30% a bhí i gceist sa dá ghrúpa sin.

Ach bhí laghdú suntasach i gceist i measc na ngrúpaí go léir faoi bhun 60 bliain.

Laghdú 18% ar líon na gcainteoirí a bhí i gceist i measc páistí idir 3-9 mbliana d’aois.

Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2022 ar líon na gcainteoirí laethúla san aoisghrúpa 10-19 bliain.

Bhí méadú 6% ar líon na gcainteoirí san aoisghrúpa sin idir 2016-2022.

Idir 2011-2022 tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach aoisghrúpa go dtí an grúpa 60-69 bliain d’aois.

Tháinig méadú 6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais san aoisghrúpa sin.

I gcás daoine sa ghrúpa 70-79 méadú 28% a bhí i gceist. Laghdú 1.8% a bhí i gceist I gcás daoine 80 nó os a chionn.

Ba i nDaonáireamh 2011 a tosaíodh ag bailiú eolais faoi líon na ndaoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a deir go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Meastar gurb é sin an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.

Léirigh na figiúirí ó Dhaonáireamh 2022 gur 102,973 duine os cionn trí bliana d’aois a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht, méadú 6.6% ó 2011.

65,156 duine sa Ghaeltacht a thug le fios in 2022 go raibh labhairt na Gaeilge acu.

20,261 duine a dúirt go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 2.5% ó 2016 agus laghdú 12.6% ó 2011.

Fág freagra ar 'Léargas ar a thromchúisí is atá meath na teanga sa Ghaeltacht'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá an-seasamh déanta aici go nuige seo; is geall le míorúilt é go bhfuil sí fós ann i bhfianaise gach ar tharla di agus dúinn, le sinsearacht. Cuimhnigh i gceart air gan ach an tréimhse ó Chath Chionn tSáile i leith a chur san áireamh. Maraon le naimhdeas binibeach, cónaitheach an chinsil. Ach is chuige seo atáim; an meathlú mór atá tagtha ar Bhéarla na hÉireann, féiniméan nach bhfuil éinne ag caint air. A dtóin á cur amach ag daoine a d’iarraidh a bheith níos Ponncánaí ná na Ponncánaigh féin ó thaobh labhairt an Bhéarla, an iompair, an fhaisin, an bhídh srl de. Éinne amháin ‘sea sinn anois. Sciúradh cultúrtha agus cóilíniú aigne lomlán, siar síos déanta. Meiriceánaigh i bpearsain agus i méinn. Cuid mhaith mhór d’aos óg na hÉireann á n-iompar féin i leith is gur aisteoirí i sobalchlár aniar ó SAM atá iontu. Óir is in é an lón intinne a bhí acu riamh is choíche ó caitheadh ar an sop iad. Ar aon tuin le chéile, ar aon dul, ar aon éadach, ar aon mheon, ar aon mhian, ar aon fhéachaint, ar aon fhocal;
    “Can I get a ..” d’fhiafraí acu sa siopa nó sa tábhairne. Nach é feidhm an fhriothálaí rud a ‘fháil’ dóibh?
    Nó: “I went… like.” (=Dúrtsa). Ón nGaeilge dar ndó a shíolraigh Béarla na hÉireann. Cá hionadh mar sin go mbeadh leá chúr na habhann ag imeacht air sin chomh maith…gan an Ghaeilge a bhac. “Cén áit i Meirice arb as tú”? a d’fhiafraíos go neamh-íorónach den gcailín istigh i siopa san ardchathair, lá. “Ní ó Mheirice chuige mé ach ón nDaingean”! Alltacht agus crostacht uirthi go bhféadfainn tuaiplis chomh mór sin a dhéanamh…

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    102,973 duine ina chónaí sa Ghaeltacht i 2022.
    20,261 duine a labhraíonn an Ghaeilg achan lá taobh amuigh den chóras oideachais…
    Tá sin scáfar ar fad!!
    Cé hiad na daoine eile a bhfuil cónaí orthu sa limistéar seo? Béarlóirí??

    Ach cé atá freagrach as caomhnú agus buanú na Gaeilge sa ‘Ghaeltacht’? Níl an chuma air go bhfuil suim ar bith ag muintir na Gaeltachta féin sa ról sin. Níl siadsan ach ag iarraidh bheith beo sna ceantracha seo atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na heacnamaíochta de, agus níl suim ar bith acu aon stró a chuir orthu féin le saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Agus is stró a bheadh ann go cinnte nó bhéifeá ag ceistiú agus ag síorcheistiú eagraíochtaí gnó agus stáit ag cuardú seirbhísí agus earraí trí mheán na Gaeilge – agus nuair nach bhfuil struchtúr agus modh oibre ag na heagraisí sin chun sochar na Gaeilge, bhuel éiríonn daoine tuirseach den cheistiú an t-am ar fad.
    Mar sin, an bhfuil dualgas ar pholaiteoirí deashampla a thabhairt agus seasamh a ghlacadh ar son na Gaeilge? Ach caidé’n mhaith an Ghaeilg bheith agat agus gan slí beatha agat le bia a cheannacht? Insítear dúinn; ‘ceannaigh earraí Éireannach’ ach an bhfuil earraí Éireannach ar bith á dhéanamh sa Ghaeltacht – do phobal na Gaeltachta?? Leoga, ní fheictear aon Ghaeilg ar an phacáistiú atá ar na hearraí siúd a dhéantar sa tír – gan labhairt ar déanta sa ‘Ghaeltacht’.
    Agus má dhéantar earraí bidh sa Ghaeltacht do phobal na Gaeltachta agus pobal na hÉireann an mbeadh Gaeilg ar bith sa phróiseas deantúsaíochta?? i. bainisteoirí le Gaeilge agus an Ghaeilg mar theanga oibre na heagraíochta.

    Le hamharc ar na figiúirí sin tá sé chomh maith dearmad a dhéanamh den limistéar ar a dtugtar ‘Gaeltacht’ agus táimse ag moladh limistéar iomlán úr a chrúthú le cúig chúige ann, sé sin, ceantar uirbeach le lár agus an Ghaeilg chaighdéanach ann. Agus na 4 chúige thart ar an lár sin leis na 4 chanúintí atá againn sa tír.

    Ach má táthar chun an Ghaeilg a chaomhnú sa Ghaeltacht tá sé in am ag daoine múscladh agus éirigh glórach faoi. Tá limistéirí caomhnaithe speisialta ar son na timpeallachta/an chomhshaol ar fud na tíre seo, tá sé in am ceantair caomhnaithe ar son na Gaeilge a chuir ar na ceantracha Gaeltachta agus cosc iomlán a chuir ar Bhéarlóirí ag teacht le tithe cónaithe a thógáil nó a cheannacht iontu nó le tithe saoire a cheannacht iontu.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!

  • Siobhán

    Roinnt Gaeilgeoirí atá ag suí ar choistí LPT & iad glórach ar na meáin faoi bhuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus iad féin ag díol talamh dá gcuid agus tithe le Béarlóirí óna taobh amuigh sa Ghaeltacht. Iorónach nach bhfuil?! #Cur i gcéill.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Bíonn an fhírinne searbh!