Leanfar le cás an tSeanadóra Ó Domhnaill gan Rialacha na Cúirte a bheith i nGaeilge

Leanfar le cás in aghaidh an tSeanadóra Brian Ó Domhnaill (FF) ar 19 Meitheamh maidir le líomhaintí faoi ró-éileamh ar chostais le linn dó a bheith ina bhall de Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus d’Údarás na Gaeltachta

Brian Ó Domhnaill

Theip ar iarrachtaí a rinne foireann dlí thar ceann an tSeanadóra inniu go gcuirfí moill ar an gcás atá ag an gCoimisiún um Chaighdeán in Oifigí Poiblí ina aghaidh ar an mbunús nach raibh fáil ar leagan Gaeilge de Rialacha na Cúirte Achomhairc a bunaíodh anuraidh.

Dúirt an t-abhcóide sinsearach Séamus Ó Tuathail thar cheann an tSeanadóra Ó Domhnaill inniu go raibh sé de cheart ag saoránach go bhfaigheadh sé Rialacha na Cúirte i nGaeilge. Dúirt an t-abhcóide sinsearach Luan Ó Braonáin thar ceann an Choimisiúin um Chaighdeán in Oifigí Poiblí nach raibh sa méid sin ach iarracht eile de chuid Bhriain Uí Dhomhnaill moill a chur ar obair an Choimisiúin.

Dúirt an Breitheamh Peter Kelly go raibh sé sásta nach mbeadh aon dochar ná míbhuntáiste ann don Seanadóir Ó Domhnaill toisc nach raibh na rialacha uilig i nGaeilge nuair a bheadh a éisteacht ar siúl.

Anuraidh rialaigh an Ard-Chúirt in aghaidh iarratais eile uaidh go gcuirfí an éisteacht ar athló mar gur ó fhoinse anaithnid a rinneadh na líomhaintí an chéad lá riamh agus gur theastaigh uaidh gur go dátheangach a dhéanfadh aon bhinse iniúchadh ar a chás.

Tá sé á mhaíomh ag an gCoimisiún um Chaighdeán in Oifigí Poiblí gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill míreanna den Acht um Rialtas Áitiúil agus na hAchtanna Eitice ina chuid éileamh ar chostais taistil agus aíochta cúpla uair idir 2006 agus 2007.

Is eagraíocht neamhspleách í an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar a bhfuil sé chomhalta. Tá Iar-Bhreitheamh den Ard-Chúirt, an Breitheamh Daniel O’Keeffe, ina Chathaoirleach air.

Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, agus an tAcht Toghcháin 1997 agus reachtaíocht eile.

Fág freagra ar 'Leanfar le cás an tSeanadóra Ó Domhnaill gan Rialacha na Cúirte a bheith i nGaeilge'