Leanaí i nGaelscoileanna le tosú ag foghlaim an tríú teanga sna naíonáin bheaga

Deir Caoimhín Ó hEaghra Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta go bhfuil Gaelscoileanna 'in áit mhaith cheana féin chun tógáil ar a múnla tumoideachais agus teanga eile a thabhairt isteach'

Leanaí i nGaelscoileanna le tosú ag foghlaim an tríú teanga sna naíonáin bheaga

Tosóidh daltaí sna naíonáin bheaga i roinnt Gaelscoileanna ag foghlaim ceann dá n-ábhair  i dteanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge faoi scéim phíolótach nua atá le seoladh ag an bhForas Pátrúnachta.

Faoin scéim nua thosódh daltaí, mar shampla, ag foghlaim na matamaitice trí Fhraincis ó na naíonáin bheaga ar aghaidh.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais leis an Irish Times go raibh múnla an tumoideachais i bhfeidhm cheana féin i mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus go bhéadfaí tógáil air sin chun teanga eile a theagasc.

“Léiríonn an taighde  go mbíonn sé níos éasca ag gasúir a théannn go dtí scoileanna dátheangacha an tríú nó an ceathrú teanga a fhoghlaim.

“I gcomhthéacs an Bhreatimeachta, tuigimid go rímhaith go bhfuil gá níos mó le hoibrithe ilteangacha. Is dóigh linne go bhfuil Gaelscoileanna in áit mhaith cheana féin chun tógáil ar ár múnla tumoideachais agus teanga eile a thabhairt isteach,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.

Dúirt sé go mbraithfeadh an teanga a thabharfaí isteach ar cháilíochtaí an mhúinteora agus go ndéanfaí fógra go luath maidir leis na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bheidh ag glacadh páirt sa scéim phíolótach. Tagann os cionn 70 Gaelscoil faoi scáth An Fhorais Pátrúnachta.

Fág freagra ar 'Leanaí i nGaelscoileanna le tosú ag foghlaim an tríú teanga sna naíonáin bheaga'

  • Seán Ó Riain

    Ba dheas an rud smaoineamh ar an Esperanto mar an tríú teanga, mar is ullmhú sármhaith é chun aon teanga eile a fhoghlaim, Sínis ina measc. Féach an físeán le duine de na múinteoirí a mhúin an clár “Springboard to Languages”: https://www.youtube.com/watch?v=8gSAkUOElsg

  • Eoghan Mac Éinrí

    Is maith an rud é go mbeidh an 3ú teanga ar fáil i nGaelscoileanna, ach an bhfuil sé ionmholta í a thabhairt isteach ag leibhéal na naíonán? Tá baol ann go gcuirfear mearbhall ar na páistí sin ó chúlrá Béarla atá ag toiseacht amach ar fhoghlaim na Gaeilge. B’fhearr fanacht go ceann cúpla bliain sula dtugtar an 3ú teanga isteach. An bhfuil machnamh agus measúnú go leor déanta ar an taighde agus ar an chleachtas idirnaisiúnta sa réimse seo? Cur chuige CLIL atá á mholadh. Ach bheadh imní orm muna mbeidh foclóir agus cleachtadh na huimhearthachta acu i nGaeilge.

    An dara ceist – cén teanga? Beidh an Consejería i dtús cadhnaíochta ag cur na Spáinnise chun tosaigh ach an í sin an rogha is fearr? Molfar an tSínís fosta, ach an bhfuil na múinteoirí ann agus an gcuirfear am cuí chuige ar fáil? Fraincis, Gearmainis? srl. srl.

    Is mar gheall ar sin a rith an Esperanto liom chomh luath agus a léigh mé an píosa seo agus b’fhiú éisteacht le barúlacha Sheáin Uí Riain ar an scéal. Ag an leibhéal seo, tá sé níos tábhachtaí feasacht teanga a chothú seachas taithí ar aon teanga ar leith. Is féidir dúshraith a thógáil ar an dóigh seo do chibé teanga a chasfar orthu amach rompu sa saol