LÉAMHTHUISCINT: Feirmeoirí i measc na ndreamanna atá míshásta agus an tAE ag fáil faoi réir d’athruithe polaitíochta

Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga

LÉAMHTHUISCINT: Feirmeoirí i measc na ndreamanna atá míshásta agus an tAE ag fáil faoi réir d’athruithe polaitíochta

Is ionann na gearáin atá ag feirmeoirí na hÉireann agus a leathbhádóirí san Aontas Eorpach ar fad agus iad ag tabhairt faoi agóidí sráide mar gheall ar na fadhbanna go léir a deir siad atá ag cur as d’earnáil na talmhaíochta.

Tá feirmeoirí na Fraince ar na sráideanna le roinnt seachtainí agus iad trodach go maith. Tharla roinnt scliúchas idir iad agus na póilíní ach níor tharla an foréigean a chonaiceamar nuair a bhí gluaiseacht na Gilets Jaunes i mbun agóidí ansin in 2018 agus 2019. Tá léirsithe déanta freisin ag feirmeoirí i dtíortha eile, ina measc sa Pholainn, an Ghearmáin, agus an Bheilg.

An gearán is mó atá ar a liosta míshásaimh ag na feirmeoirí na rialacha agus na cleachtais nua a tháinig ón Aontas Eorpach chun déileáil le hastaíochtaí carbóin agus an t-athrú aeráide. D’fhéadfadh na gearáin sin tacaíocht a neartú do ghrúpaí ar an eite dheis sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i dtús an tsamhraidh, chomh maith le hamhras a chothú faoi pholasaí aeráide an AE.

Tá na hagóidí seo ag tarlú tráth a bhfuil an tacaíocht do pháirtithe polaitíochta i bhfad amach ar an eite dheis ag méadú in áiteanna go leor san Aontas Eorpach agus gan ach ceithre mhí ann go mbeidh 720 feisire á dtoghadh go dtí Parlaimint na hEorpa mí an Mheithimh.

Táthar á rá le tamall gur imní faoi chúrsaí inimirce is siocair leis an tacaíocht bhreise do pháirtithe ar an bhfíordheis.

Ní taobh le himircigh é áfach mar tá sé ag teacht chun solais anois ó shuirbhéanna a rinneadh ina lán ballstát de chuid an AE go bhfuil na bearta athraithe aeráide a d’aontaigh rialtais an 27 ballstát agus a bheidh ag teacht i bhfeidhm go luath ag spreagadh tuilleadh tacaíochta don dream atá i bhfad amach ar an eite dheis.

Ar an Uachtarán Macron agus a thacaíocht do pholasaithe talmhaíochta an AE a chuir Jordan Bardella, ceannaire oifigiúil an Rassemblement National (RN), [An Slógadh Náisiúnta] an milleán faoi na deacrachtaí atá ag feirmeoirí na Fraince. Páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis é an Rassemblement National a raibh Marine Le Pen ina ceannaire air go dtí 2021.

Tá gealltanas tugtha ag Marine Le Pen má thoghtar í féin ina huachtarán ar an bhFrainc in 2027 [an tríú hiarracht a bheidh tugtha aici faoin bpost sin] go gcuirfidh sí cosc le haon chomhaontuithe trádála eile maidir le táirgí feirme.  Léiríonn suirbhéanna náisiúnta go dtacaíonn naonúr as gach deichniúr de mhuintir na Fraince le gearáin na bhfeirmeoirí agus go gcreideann triúr as gach ceathrar go bhfuil polasaithe comhshaoil an Aontais Eorpaigh ag déanamh dochar d’fheirmeoirí.

Déardaoin seo caite eagraíodh léirsithe ag cruinniú mullaigh speisialta cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Dá dhonacht dá mbíonn cúrsaí tráchta nuair a bhíonn na cruinnithe sin ar siúl ba sheacht measa é nuair a thug feirmeoirí a gcuid tarracóirí agus innealra leo chun an ionaid.

An mhí seo caite eagraíodh léirsithe ar fud na tíre sa Ghearmáin faoin ardú ar phraghas breosla agus bhí sé ina thranglam tráchta i mBeirlín de bharr agóid tarracóirí. Bhíodh AfD [Alternative für Deutschland], páirtí atá ar an bhfíordheis, in aghaidh fóirdheontas a thabhairt d’fheirmeoirí ach tá athrú polasaí anois aige in iarracht teacht i dtír ar an bhfearg atá ar na feirmeoirí.

Is í an Ísiltír an dara tír is mó sa domhan a easpórtálann táirgí feirme agus mí Iúil seo caite d’éirigh thar cionn le páirtí agóide feirmeoirí ar a dtugtar an BBB [BoerBurgerBeweging]. Is í Caroline van der Plas an ceannaire carasmatach ar an bpáirtí sin, bean arb as Éirinn a máthair, Nuala Fitzpatrick, a bhíodh ag obair le Aer Lingus tráth.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an BBB sna toghcháin don pharlaimint náisiúnta a reáchtáladh le déanaí, toghchán inarbh é páirtí Gert Wilders, páirtí atá i bhfad ar dheis, Eoraisceipteach agus frith-inimirceach, is fearr a rinne. Tá aird an BBB anois ar na toghcháin Eorpacha agus súil acu feisirí a thoghadh le polasaithe atá dírithe ar fheirmeoirí, garraíodóirí, iascairí agus daoine a bhfuil gnóthaí beaga acu.

Tá an tionchar a bhíonn ag Parlaimint na hEorpa ar phróiseas déanta cinntí an Aontais Eorpaigh ag dul i méid le fada. Beidh 14 Feisire Eorpach, tofa ag an bpobal i dtrí thoghcheantar, ag Éirinn tar éis an toghcháin, an líon is mó le fada. Is é is dóichí go mbeidh na toghcháin ar siúl thart ar an 7 Meitheamh, an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.

Ní cruinn i gcónaí a bhíonn comparáidí idir na sonraí ó shuirbhéanna ar fud an Aontais Eorpaigh agus braithfidh go leor ar na torthaí ar leith ó gach ceann den 27 ballstát. Is cinnte go mbeidh na blocanna móra a raibh ceannas acu ar an bParlaimint reatha ag cailleadh cuid dá bhfeisirí.

Beidh dúshlán roimh an ngrúpa Liobrálach ina bhfuil beirt fheisirí de chuid Fianna Fáil agus beirt fheisirí ón gComhaontas Glas. Ní rómhaith a dhéanfaidh na Sóisialaithe ach an oiread, grúpa atá sa lár ar chlé lena mbíodh Páirtí an Lucht Oibre ón tír seo tráth. Tá chuile sheans ann gurb é Páirtí Phobal na hEorpa (EPP), atá sa lár ar dheis, a bheidh fós ar an bpáirtí is mó tar éis na dtoghchán cé go mbeidh níos lú feisirí aige.

An toradh is mó a bheidh ar na toghcháin seo go mbeidh tacaíocht is ionadaíocht níos mó ag an eite atá i bhfad amach ar dheis.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil dhá dhream atá i bhfad amach ar an eite dheis ann agus gur deacair leo comhoibriú lena chéile. Tá na Coimeádaigh agus Leasaitheoirí Eorpacha (ECR) i bhfad ar dheis ach iad beagáinín beag níos measartha ná an grúpa eile ar an bhfíordheis, Féiniúlacht agus Daonlathas [ID].

Istigh le grúpa an ECR tá Giorgia Meloni, Príomh-Aire na hIodáile, a chuir tús lena cuid polaitíochta i bpáirtí faisisteach ach a chuir iontas ar a cuid comhghleacaithe san AE ó shin lena cur chuige stuama i leith ceisteanna an Aontais. Is í Meloni an chéad bhean riamh a bhí sa bpost sin san Iodáil.

Sa ngrúpa ECR freisin tá Daonlathaithe na Sualainne, Páirtí na bhFionlannach na Fionlainne, Vox na Spáinne agus Dlí agus Ceart na Polainne, páirtí atá níos achrannaí.

Údar faoisimh ag go leor de cheannairí an Aontais Eorpaigh go bhfuil na páirtithe sin ar fad daingean faoin Rúis fiú is go bhfuil siad in aghaidh na hinimirce agus in aghaidh lánpháirtíochta san Aontas Eorpach. Is cuid iad den dream sin atá i bhfad amach ar an eite dheis a d’fhéadfadh comhoibriú leosan atá sa lár ar dheis agus cá bhfios nach ndéanfaidís sin.

Tá an-imní i roinnt tíortha faoi Féiniúlacht agus Daonlathas, dream atá i bhfad amach ar an eite fhíordheis. San áireamh leosan tá Le Pen sa bhFrainc; Alternative für Deutschland sa nGearmáin; Páirtí na Saoirse san Ostair agus páirtí Lega le Matteo Salvini Lega san Iodáil.

Tá rud amháin cinnte, tá an tAontas Eorpach ag fáil faoi réir d’athruithe polaitíochta.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  • Cén fáth a luaitear na focail Fhraincise cordon sanitaire?
  • An féidir leat an abairt thíos a mhíniú i d’fhocail féin?

Ní hionann an ceart a bheith agat go n-éistfí leat agus a rá go bhfuil ceart agat chun faisisteachais, ciníochais nó frithdhaonlathais.

  • Déan iarracht teideal eile a chumadh don saothar seo.
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 27?
  • Cad atá feirmeoirí na Fraince ag déanamh le roinnt seachtainí?
  • Cad a tharla in 2018 agus 2019?
  • Cad é an t-ábhar gearáin is mó atá ag feirmeoirí?
  • Cén fáth a luaitear an eite dheis?
  • Cad is cúis leis an tacaíocht do pháirtithe ar an bhfíordheis?
  • Cén bhaint atá ag Jordan Bardella le Marine Le Pen?
  • Cad a tharla Dé Céadaoin seo caite?
  • Cén stádas atá ag an Ísiltír maidir le táirgí feirme?
  • Cé mhéad Feisire Eorpach atá ag Éirinn?
  • Cén t-údar faoisimh atá ag ceannairí an Aontais Eorpaigh?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime i teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Is ionann
    • Trodach
    • Foréigean
    • Athrú aeráide
    • Léiríonn
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Leathbhádóirí
    • Déileáil
    • A neartú
    • Amhras a chothú
    • is siocair
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Céard is féidir leat féin, do theaghlach agus do scoil a dhéanamh le hastaíochtaí carbóin a laghdú?
  • Seo nasc chuig físeán a chabhróidh leat ó thaobh smaointe.
  • Déan 5-7 bpointe a scríobh.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déan iad a phlé leo. Aon aontaíonn tú leis/léi?

Gníomhaíocht  5 – Nasc ábhartha eile

  • Seo nasc chuig alt eile ar Tuairisc faoin athrú aeráide. 
  • Léigh é agus déan é a phlé le do pháirtí.

 

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Feirmeoirí i measc na ndreamanna atá míshásta agus an tAE ag fáil faoi réir d’athruithe polaitíochta'