LÁITHREACH BONN: Conas is fearr múineadh do dhaoine óga faoin athrú aeráide?

Rud maith amháin faoi scamall dorcha an Covid-19, tá a fhios againn anois go bhfuil ar ár gcumas déileáil le suaitheadh mór millteach a athraíonn an saol atá againn ó bhonn

LÁITHREACH BONN: Conas is fearr múineadh do dhaoine óga faoin athrú aeráide?

Léirigh paindéim an Covid-19 rud amháin – a thábhachtaí atá sé go mbeadh lucht cumarsáide na heolaíochta ábalta coincheapa casta a chur i láthair mar theachtaireachtaí soiléire a mbeadh lucht déanta polasaí agus gnáthshaoránaigh araon ábalta iad a thuiscint agus a phlé.

Tuigtear anois ón taighde atá déanta ar chumarsáid na heolaíochta gur bunaithe ar a dtaithí agus ar a saol féin a bhaineann daoine meabhair as aon fhianaise agus eolas eolaíochta a chuirtear ar fáil.

Ní minic an duine go maith ag úsáid eolas nó fianaise nua chun todhchaí a thuar a bheidh an-difriúil ón saol a bhí againn go dtí sin.

Bhíomar in ann gníomhú go tapa nuair a chualamar faoin Covid-19 mar thuigeamar go maith an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú.

Thuigeamar agus bhí comhbhá againn le daoine a bheith ag fáil bháis nó a bheith an-bhreoite. Bhíomar in ann ag an leigheas simplí a bhí ar an aicíd – fanacht amach ó dhaoine eile chun an scaipeadh a chosc.  Bhíomar ábalta tabhairt faoin dúshlán sin mar dhaoine aonair agus mar phobal. Níos fearr fós bhíomar ar fad sa mbád céanna agus bhí daoine ag obair as lámha a chéile ar son leas an phobail.

Cén fáth mar sin go bhfuil sé chomh deacair an cur chuige céanna a ghlacadh ó thaobh gníomhú ar son na haeráide? D’fhéadfadh gurb é ainmhéid na faidhbe is cúis leis agus a dheacra atá sé an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfadhb sin ar ár saol féin a mheas.  Nuair a chloisimid nach bhfuil rialtais agus tionscail ag déanamh a ndóthain lena gcuid astaíochtaí gásanna ceaptha teasa a laghdú, conas gur fiú nó gur chóir dúinne iarracht phearsanta a dhéanamh?

Má tá aon rud le foghlaim ón tuarascáil is déanaí ón IPCC [an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide] nó ó chomhdháil COP26 i nGlaschú, is é an ceacht sin nach bhfuil aon mhaith a bheith ag cur an mhilleáin ar dhreamanna eile más mian linn téamh an domhain a choinneáil ag 1.5 céim faoin mbliain 2050.

Níl de rogha againn ach an comhoibriú idirnáisiúnta.

Níl aon am fágtha anois le bheith ag fanacht go bhfeabhsóidh daoine eile a n-iompar sula mbeimid féin sásta gníomh a dhéanamh.

Conas a mhúinfimid cur chuige sin an chomhoibrithe do dhaoine óga?

Caithfimid féin an meon sin a léiriú chomh maith agus is féidir. Caithfimid dóchas a léiriú inár gcuid cainte go bhfuil ar ár gcumas an t-athrú aeráide a stopadh agus béim a chur ar a thábhachtaí atá sé oibriú le chéile.

Caithfimid béim a chur ar an gcomhar chun athruithe a dhéanamh go háitiúil – díreach anseo seachas i bhfad ó bhaile. Is mó an fonn a bhíonn ar dhuine athruithe a dhéanamh agus is éasca cloí leo má dhéantar iad mar chuid de phobal – daoine aontaithe ar mhaithe le sprioc faoi leith. Is áit mhaith an scoil a bheith i gcroílár gníomh pobail. Bíonn tionchar aici ar i bhfad níos mó ná a cuid scoláirí – na teaghlaigh, an rialtas áitiúil agus eagraíochtaí carthanachta agus deonacha.

Sílim féin nach stuama an rud ábhar ar leith ar chlár na scoile a dhéanamh den athrú aeráide mar chothódh sé sin an dearcadh gur ábhar ann féin é agus nach bhfuil ach múinteoir amháin freagrach as agus nach gá smaoineamh air ach uair amháin sa lá ar feadh líon áirithe nóiméad sula mbogfaidh tú ar aghaidh go dtí ábhar éigin eile.

A mhalairt cur chuige a theastaíonn, amhail an litearthacht agus an uimhearthacht, caithfear an t-athrú aeráide a neadú i bpolasaithe na scoile agus caithfidh gach múinteoir, gach ball tacaíochta foirne agus an bord bainistíochta a bheith freagrach as. Caithfear daoine óga a oiliúint faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag téamh an domhain má theipeann orainn astaíochtaí an domhain a laghdú roimh 2030, agus caithfear iompar dearfach a thaispeáint dóibh.  Caithfidh scoileanna a chur ar chumas scoláirí gníomhú ar son na haeráide – sa scoil, sa mbaile agus sa bpobal áitiúil. Amhail cúrsaí litearthachta agus uimhearthachta níl de rogha ag aon duine i bpobal na scoile diúltú a bheith páirteach sa gcúram – éilíonn an obair seo go mbeidh gach duine tiomanta don ghníomhú le chéile ar gach leibhéal.

Fadhb chasta é an t-athrú aeráide. Ní hí an eolaíocht amháin atá i gceist – baineann sé le gach ábhar. Cé go bhfuil srianta áirithe ar scoileanna ag leibhéal na hArdteiste de bharr an bhéim atá ar an measúnú, tá scóip ag múinteoirí na ndaltaí atá níos óige mar a bhfuil an bhéim ar “réiteach fadhbanna” mar chur chuige foghlama agus gan an deighilt chéanna idir na hábhair éagsúla. Bíonn deis ag daltaí oibriú mar fhoirne agus tabhairt faoi fhadhbanna ó pheirspictíochtaí éagsúla, cur chuige atá níos coitianta sa saol mór taobh amuigh den scoil.   

Dá mhéad fonn a bheadh orainn a cheapadh go leigheasfaidh teicneolaíocht níos nuálaí an t-athrú aeráide ba cheart cuimhneamh gurb é an duine ba chúis leis an ngéarchéim seo agus gur faoin duine atá a leigheas.

Dá bharr sin ba chóir do scoileanna cur chuige ildisciplíneach ina mbeadh an duine lárnach a ghlacadh i leith an oideachais faoin athrú aeráide agus na healaíona, na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta a chur ar an mbonn céanna leis an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (STEM).

Cé go bhfuil na hábhair STEM ábalta eolas bunúsach a sholáthar, tá ar chumas na n-ealaíon dul i bhfeidhm ar ár gcuid mothúchán agus taithí an duine a scrúdú. Caithfimid áit a thabhairt don dá ghné san oideachas faoin athrú aeráide. Tugann cleachtais oideachais a bhaineann leas as ábhair STEM agus na healaíona araon deis do dhaoine óga a bheith cruthaitheach, rud a bheidh an-tábhachtach sa saol éiginnte atá amach romhainn.

Caithfimid mar oideachasóirí tacaíocht a thabhairt dár gcuid scoláirí chun ábaltachtaí amhail smaointeoireacht chriticiúil agus comhoibriú a fhorbairt chomh maith le fíricí agus foinsí sonraí iontaofa a chur ar fáil dóibh.

Caithfimid meon na saoránachta domhanda gníomhaí a chur chun cinn. Níl an t-athrú aeráide cothrom ná féaráilte. Na daoine is leochailí ar an bpláinéad seo againne is lú ba shiocair leis an athrú aeráide ach is iad is measa a bheidh buailte ag na hiarmhairtí a bheidh air. Is amhlaidh an scéal ag daoine óga, ní iadsan ba chúis leis an athrú aeráide ach caithfimid a iarraidh orthu a bheith sásta íobairtí a dhéanamh ar mhaithe le saoránaigh uilig na cruinne.  Tá sé rómhall anois le bheith ag milleánú daoine eile faoin dochar atá déanta – tá an aeráid ag athrú anois agus caithfimid breathnú chun cinn agus an méid is féidir linn a dhéanamh anois agus amach anseo. An chomhbhá a theagasc agus a thaispeáint ceann de na bealaí is cumhachtaí chun an meon sin a chothú, agus tá ról an mhúinteora san obair sin an-tábhachtach go deo.

Tá an dualgas orainn mar oideachasóirí cleachtais foghlama a dhearadh a bheidh bunaithe ar an saol agus ar fhíorchomhthéacsanna an tsaoil. Ba chóir scéalta an duine a bheith iontu chomh maith le sonraí, agus ba chóir go gcuirfí an chruthaitheacht agus an smaointeoireacht chriticiúil chun cinn agus daoine óga a spreagadh le bheith ina ngníomhairí gníomhacha ar mhaithe le hathrú a dhéanamh.

D’fhéadfadh go mbeadh orainn ár dtuiscintí ar mhúnlaí an oideachais mar atá a athrú. D’fhéadfadh go mbeadh orainn tarraingt ar shaineolas taobh amuigh den oideachas – tionscail nó taighdeoirí mar shampla. D’fhéadfadh go dtabharfaí faoi thionscadail a mbeadh an scoil uilig páirteach iontu, go leor múinteoirí agus ranganna ag obair as lámha a chéile ar feadh tréimhsí fada ama. Tharlódh go mbeadh orainn scoláirí a thabhairt amach taobh amuigh de bhallaí na scoile go dtí suíomhanna neamhthraidisiúnta, agus an teicneolaíocht a úsáid ar bhealaí nua.  D’fhéadfadh seo an pobal áitiúil a mhealladh isteach sa scoil. D’fhéadfadh go spreagfadh sé teaghlaigh le bheith rannpháirteach go gníomhach i bpobal na scoile, mar a bhíodar le linn na dianghlasála Covid-19.

Ar ndóigh amhail an gníomhú ar son na haeráide féin, is mór an dúshlán tabhairt faoi mhúnlaí nua oideachais agus d’fhéadfadh duine a cheapadh gur rómhór an dúshlán é don mhúinteoir aonair. Mar sin féin, mar atá fíor freisin i gcás na haeráide, aon athruithe beaga a dhéanfar sa treo ceart, beidh tionchar dearfach acu agus tiocfaidh forás orthu de réir a chéile.

Rud maith amháin faoi scamall dorcha an Covid-19, tá a fhios againn anois go bhfuil ar ár gcumas déileáil le suaitheadh mór millteach a athraíonn an saol atá againn ó bhonn. Cuideoidh sin linn chun na hathruithe ollmhóra is gá dúinn ar fad a dhéanamh le hiarmhairtí athrú na haeráide a laghdú. Bainimis leas as an gcumas sin atá ionainn ar mhaithe le todhchaí a chumadh atá an-difriúil go deo ón saol a chleacht muid. Úsáidimis é chun ár meon aigne a athrú agus meon dearfach a chothú agus i dteannta a chéile tabhairt faoi ghníomh ar son na haeráide, ag tosú inár scoileanna agus inár bpobal féin.

Is oideachasóir agus taighdeoir i réimse na heolaíochta í an Dr Mairéad Hurley i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide. Bhunaigh sí an mheitheal nua Imeall atá lonnaithe i gConamara, agus a bhfuil mar aidhm aici eolaíocht, ealaín agus teicneolaíocht a chur chun cinn sa phobal. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Conas is fearr múineadh do dhaoine óga faoin athrú aeráide?'

  • Dónal Ó Béarra

    Alt maith speisiúl, ábhar smaoinimh. Go n-éirí leat