Léamhthuiscint 06 – Bréagmhaidneachan nó gealadh lae nua é ardú céime Arlene? (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 06 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Arlene Foster

Arlene Foster – Ré nua?

1) Sceith bhéil atá sa tír seo thuaidh agus theas as a laghad ban atá tofa mar theachtaí: duine as cúigear Teachtaí Tionóil i Stormont agus an ráta níos ísle fós i nDáil Éireann. Tá athrú i ndán don Dáil i ngeall ar an cuóta atá leagtha síos do na páirtithe don toghchán atá buailte linn, ach céard faoi Stormont? Theip ar an gcoiste a scrúdaigh stádas na mban ansin a theacht ar réiteach faoi chuótaí ach ina dtuarascáil anuraidh mhol siad do pháirtithe mná a cheapadh i bpostanna mór le rá chun uchtach a thabhairt do mhná eile.

2) Ní mór a rá gur éirigh go maith le Arlene Foster gan moladh ó choiste ar bith agus drochsheans gurb iad moltaí an choiste sin (a ligeadh i ndearmad ar iompú boise) faoi ndear thoghadh an dlíodóra as Fear Manach mar cheannaire an DUP agus mar Chéad Aire.

Is í an cheist ná an éascóidh ardú céime Arlene Foster an bealach do mhná eile nó an mbeidh a laghad éifeachta aige is a bhí ag réimeas Thatcher sa Bhreatain. Drochsheans go mbainfidh rath mná amháin comhionannas amach do gach éinne.

3) Bhí eagraíochtaí ban ríméadach nuair a rinne an Chéad Aire tagairt dá haigne mná agus í ag trácht ar a cur chuige, ach níorbh fhada gur meabhraíodh dóibh go raibh siad ag déileáil leis an DUP agus nach raibh a mbuille tugtha fós ag an sean-eite thraidisiúnta den pháirtí sin.

Cara le Arlene Foster é Edwin Poots, mar shampla, agus ardmheas aige ar an gceannaire nua. Chuir sé a chois ann, áfach, nuair a dúirt sé gurb é an chéad aireacht an cúram is tábhachtaí ar Foster i ndiaidh a cúram mar mháthair, iníon agus ball de theaghlach.

Caint chiotach, amaideach. Dá mhéad a mheas uirthi, an raibh Edwin Poots ag moladh dá cheannaire a dhul abhaile chun na cistine?

Ní raibh, ar ndóigh, ach b’in é an bhrí a bhain roinnt daoine as a ndúirt sé. Lena cheart a thabhairt do Poots, bhí an rud céanna ráite aige faoina ról féin nuair a bhí sé ina Aire Sláinte. Bhraitheas gur ag díriú ar dhaoine eile a bhí sé, daoine nach maireann de réir soiscéal Poots nó daoine nach bhfuil an saol baile acu chomh sona, folláin is atá ag muintir Foster.

4) Bíodh sin mar atá ba mheabhrú é go bhfuil eite shoiscéalach fós sa DUP a imreoidh tionchar ar phlé faoi cheisteanna coinsiasa agus a chinnteoidh nach i Stormont a thiocfaidh athrú sna cúrsaí sin.

Anuas air sin, ní húdar uchtaigh do mhná a bhí i gcaint Poots. Rinne Arlene Foster neamhshuim den scéal, ach tharraing sé aird ar an ngá atá le gníomh uaithise ar mhaithe le cur chun cinn na mban.

Meastar go mbeadh sí cumasach mar chomhairleoir nó meantóir agus is minic a labhraíonn sí faoi chothú muiníne i measc na n-óg. Beifear ag faire go géar uirthi féachaint conas a thabharfaidh sí faoi sin agus faoi thacú le mná eile.

Ta na hiarrthóirí do thoghchán an 5 Bealtaine roghnaithe cheana féin agus dá réir sin ní bheidh sí in ann dul sa tóir ar ainmniúcháin sa bhreis do mhná i dtoghcheantair ina mbeadh seans acu. Ach beidh deiseanna eile aici, le boird stáit, aireachtaí agus ceapacháin eile. Beidh deis aici chomh maith cultúr a bhuanú ina mbeadh ardú céime do bhean chomh coitianta céanna le hardú céime d’fhear.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Céard atá ina sceith bhéil, dar leis an údar? (alt 1)
  2. Cén fáth a bhfuil athrú i ndán don Dáil? (alt 1)
  3. Cén tslí beatha atá ag Arlene Foster? (alt 2)
  4. Cén fáth a ndéantar tagairt do Margaret Thatcher? (alt 2)
  5. Cén fáth a raibh eagraíochtaí ban ríméadach? (alt 3)
  6. Cad a dúirt Edwin Poots? (alt 3)
  7. Céard a mheabhraigh caint Poots dúinn? (alt 4)
  8. Cad a dúirt Arlene Foster faoin scéal? (alt 4)
  9. Cén deis eile a bheidh aici? (alt 4)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.tearma.ie www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir fháistineach in alt 2.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 3.
  4. Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 1.
  5. Sracfhéachaint ar an Aimsir Fháistineach:
  • (Bácáil + sinn) cáca anocht.
  • (Gortaigh) tú má leanann tú mar sin.
  • An (bailigh) sé an t-airgead amárach?
  • Ní (faigh) siad carr nua mar níl an t-airgead acu.
  • (Labhair) mé leat maidin amárach.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An bhfuil spéis agat sa pholaitíocht? Cén fáth?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.tearma.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairim a nochtadh, léirigh suime/easpa suime, tuiscint/easpa tuisceana agus eolas/easpa eolais, déan cáineadh, tabhair moladh. 
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 06 – Bréagmhaidneachan nó gealadh lae nua é ardú céime Arlene? (Cartlann 2016)'