Léamhthuiscint 05 (Cartlann 2014/15)

Léamhthuiscint 5 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

General view of a Setanta Sports cameraman 24/3/2012

Cad chuige an nasc idir an CLG agus Sky?

  1. Bhuel tá deireadh tagtha leis an gcéad bhliain de chraoladh Sky ar ár gcluichí náisiúnta agus iad feicthe ag an domhan mór anois. I ndiaidh an rí rá go léir fúthú i dtosach an tséasúir, ní raibh mórán gearán in aon chor de réir mar a bhí an bhliain ag dul ar aghaidh. Ach n’fheadar conas is féidir tionchar an fhathaigh craoltóireachta a thomhas?

  2. Tá a fhios agam go bhfuil figúirí ann faoi cé mhéad duine a bhí ag féachaint ar na cluichí éagsúla. Dar ndóigh, tugann sé sin eolas éigin dúinn faoi conas atá ag éirí leo, ach is í an cheist is tábhachtaí ná cad atá ag teastáil ón gCumann Lúthchleas Gael as seo ar fad? An bhfuil siad ag iarraidh go ndéanfaí cluichí idirnáisiúnta de na cluichí Gaelacha? Is eol dúinn anois go bhfuil ár gcluichí á n-imirt i gcuid mhaith tíortha ar fud na cruinne. Ach is Éireannaigh den chuid is mó atá á n-imirt.

  3. Tá fhios agam freisin go raibh daoine gníomhach go leor ar Twitter i rith an tséasúir agus eachtrannaigh ag scríobh faoi chomh tapaidh, chomh dian agus chomh dainséarach is a bhí na hÉireannaigh fhiáin a d’imir na cluichí seo. Ach cad a thiocfaidh as? Arbh fhiú don CLG na cearta a dhíol le Sky agus TV3 a fhágaint ar leataobh? An bhfuil sé ceart nach féidir le daoine áirithe féachaint ar chluichí áirithe mar nár íoc siad Sky?

  4. Faraor, níl na freagraí agam ar na ceisteanna sin, ach táim cinnte faoi rud amháin, is é sin gur cheart go ndéanfadh Fáilte Ireland iarracht ollmhór tuairisceoirí spóirt a mhealladh isteach go dtí an tír ar dhroim an chlúdaigh fhairsing atá á dhéanamh ag Sky. B’fhéidir go dtógfaidh se tamall ach mar a deir an seanrá, ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin.’

  5. Tagann na mílte duine chuig an tír chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh gach bliain. Ar an lá céanna, bíonn craobhacha sinsear na gclub ar siúl i bPáirc an Chrócaigh. De ghnáth, bíonn an áit leathlán (nó leathfholamh). Bheinn ag ceapadh go bhféadfadh na hostáin céatadán éigin de na cuairteoirí a mhealladh go dtí an ceanncheathrú an lá sin. Freisin, taobh amuigh de na craobhacha sinsear agus cluichí craoibhe Bhaile Átha Cliath, is annamh a bhíonn na cluichí craoibhe eile díolta amach.

  6. D’fhéadfadh tionscal na turasóireachta agus Cumann Lúthchleas Gael oibriú le chéile chun teacht ar réiteach éigin agus na turasóirí seo a thabhairt do dtí ár gcluichí ar fud na tíre.

    Cheana féin tá ‘Experience Gaelic Games’ ag uimhir a haon ar liosta nua Trip Advisor sa roinn “rudaí le déanamh i mBaile Átha Cliath”. Tá an chuairt ar Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh ag uimhir a trí ar an liosta céanna. Agus ar an Máirt, fógraíodh go bhfuil Éire ag uimhir a cúig ar liosta Lonely Planet sa chatagóir  ‘na háiteanna is fearr ar domhan le cuairt a thabhairt orthu i 2015’. Mar sin, gach seans go mbeidh na cuairteoirí ag teacht chugainn. Tá cluichí iontacha againn. Tá an focal á scaipeadh. Feicfimid linn. Focal Scoir: Mholfainn do Sky cúpla nóiméad a chaitheamh roimh gach cluiche ar rialacha na gcluichí a mhíniú. Bhuail mé le cuid mhaith eachtrannach i rith an tséasúir a chonaic cluichí ar an teilifís ach nár thuig na rialacha in aon chor.

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Céard leis a bhfuil deireadh tagtha, de réir alt 1?

  2. Céard í an cheist is tábhachtaí, de réir alt 2?

  3. Cad a deirtear faoi na daoine atá ag imirt na gcluichí Gaelacha thar lear? (alt 2)

  4. Cad a bhí na heachtrannaigh ag rá ar Twitter faoin iománaíocht? (alt 3)

  5. Cad a tharla do TV3 nuair a bhí na cearta á ndíol? (alt 3)

  6. Céard ba cheart do Fáilte Ireland a dhéanamh? (alt 4)

  7. Cad a deirtear faoin tinreamh i bPáirc an Chrócaigh ar Lá ‘le Pádraig? (alt 5)

  8. Cén uair a bhíonn Páirc an Chrócaigh lán? (alt 5)

  9. Cad a deir an Lonely Planet faoi Bhaile Átha Cliath? (alt 6)

  10. Cén moladh a thugann an t-údar do Sky? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse.
  • Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.

  • Éist siar leis.

  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal aidiacht bhriathartha in alt 1.

  2. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 2.

  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach in alt 3.

  4. Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 6.

  5. Sracfhéachaint ar an modh coinníollach. (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):

  • (Ceannaigh – mé) carr nua dá mbeadh an t-airgeadh agam.

  • (Téigh – sé) ar laethanta saoire dá rachadh duine éigin leis.

  • (Íoc) an bille ach rinne mé dearmad ar mo chárta creidmheasa.

  • (Taispeáin – sí) dó cén chaoi é a dhéanamh dá mbeadh sé sásta éisteacht.

  • (Clois – siad) an nuacht dá gcasfaí inairde an fhuaim

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cad a cheapann tú féin faoin gcinneadh cearta craolta a thabhairt do Sky?
An dtaitníonn spórt leat? Scríobh cúpla pointe faoin spórt is mó a thaitníonn leat.
An bhfuil spórt tábhachtach? Cén fáth?

  1. Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  2. Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.