Léamh riachtanach an leabhar seo d’aon duine óg a fhiafraíonn ‘céard atá á chomóradh againn?’

Aistí fíorthábhachtacha le staraithe is socheolaithe aitheanta atá i Women and the Irish Revolution

Léamh riachtanach an leabhar seo d’aon duine óg a fhiafraíonn ‘céard atá á chomóradh againn?’

Women and the Irish Revolution
Eagarthóir Linda Connolly
Irish Academic Press 2020-12-15
Praghas €25

Agus ceithre cinn de Dheich mBliana na gCuimhneachán curtha dínn againn is iontach an leabhar seo a bheith againn sula n-imí 2020 uainn.

Ag comhdháil phoiblí in Acadamh Ríoga na hÉireann in 2017 a gineadh an saothar fíorthábhachtach seo faoi eagarthóireacht an Ollaimh Linda Connolly.

Aon aiste dhéag atá sa leabhar ag staraithe is socheolaithe aitheanta agus na foinsí staire á ransú acu le ról na mban i gcogadh na saoirse a aimsiú – bídís gníomhach sa troid nó bídís sa mbaile i bhfeighil teaghlaigh, tís is feirme.

Iadsan a raibh a ndaoine muinteartha ar a dteitheadh nó ag obair le fórsaí na corónach, ní hiontas go raibh siad ar tinneall agus gan a fhios acu cén uair a réabfaí an doras isteach uair mharbh na hoíche nó a scaoilfí a dteach trí thine.

Dhá fhoinse luachmhara ar baineadh an-adhmad astu sa saothar seo, an Bailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata agus na ráitis a bailíodh ó na finnéithe sna 1950idí agus atá cuimsithe ag an mBiúró Staire Míleata.

Mar is dual agus is ceird don staraí, rinne na bleachtairí staire seo cuimhní cinn éagsúla ar eachtraí a scrúdú agus is spéisiúil an léamh éagsúil a bhí ag fir is mná go minic ar an eachtra chéanna. Mar a bheifeá ag súil leis ón teideal, tá profléamh inscne grinn gairmiúil á dhéanamh ar an bhfianaise sin.

Is minic a rinne fir chogaidh an IRA a bheag de ról na mban a throid ina dteannta – ag níochán, ag banaltracht agus ag bailiú airgid – nuair a bhí na mná céanna ag obair mar scabhtaí, mar oifigigh faisnéise, mar iompróirí gunnaí, agus iad ag tabhairt arm, bia, tobac is teachtaireachtaí ó bhuíon go buíon ar fud na tíre agus thar sáile uaireanta. Nuair a bhí pinsean á ríomh, seirbhís mhíleata amháin a thuill pinsean agus ba mhinic bean ag brath ar an bhfear ‘míleata’ le dul i mbannaí ar a hiarratas.

Ní hannamh corp mná ina pháirc an áir le linn cogaíochta. Bean a raibh a fear, a deartháir nó a grá geal san RIC, bhí sí i mbaol ó thaobh amháin. Más treallchogaí an fear sin, d’íocfadh sí as ón taobh eile. Cuimhnímis go ndearna fórsaí na corónach 50,000 ruathar ar thithe i 1920 amháin. Is léir ón bhfianaise atá á nochtadh anois gur chuir an dá dhream drochbhail ar mhná ina dteach agus ar a sráid féin mar ghníomh laochais, díoltais is cogaíochta.

‘We’re out for Ireland’ a deir tírghráthóir i dTuaim agus bean óg á bearradh le deimheas aige amuigh san iothlainn. Nuair a éilíodh freagraí faoin drochíde a rinneadh ar mhná in eachtra a bhain le Bailte Ó Síoda, ba bheag an mhairg a chuir sé ar Earnán de Blaghad a dúirt “a few slaps…a couple of tarts”.

Luann trodairí na saoirse go raibh an-tóir ag mná ar “an uniform” agus leis an tóir sin a leigheas briseadh isteach ina dtithe i lár na hoíche, tógadh bean óg amach ina haonar sa ngarraí ina léine leapan faoi aghaidh gunnaí, bearradh a cuid gruaige len í a bhrandáil agus a cuid banúlachta a cheilt uirthi os comhair an phobail. Tá tuairiscí againn ó na laochra gur thóraigh siad na mná sin go maith, isteach go craiceann.

Ní mór cuimhneamh go mbíodh bean ciontach ina héigniú féin an tráth sin agus go mbeadh a cáil faoi smál go brách agus is cróga an bhean agus an teaghlach a tharraingeodh aird ar a leithéid i lár an aindlí is na círéibe. Cé go ríomhtar roinnt cásanna cúirte inar thriail mná éignitheoirí a chiontú, is minice ‘assaulted’ is ‘outraged’  in úsáid sna cuntais.

I ‘dteach na ngealt’ a bhí cuid de na mná a raibh cúiteamh á éileamh dóibh ina dhiaidh sin agus a sláinte ó mhaith ag an strus iarthrámach. Nuair a dúnmharaíodh Bridget Noble i mBéarra i 1921, sa litir mhínithe a sheol na tírghráthóirí go dtí De Valera dúradh ‘she was fortified with the rites of the church’ .

Tugtar an-léargas sna haistí ar Chumann na mBan agus an ról gníomhach a bhí acu i saol na haimsire sin i gcuid den tír. Mná tréitheacha as an ngnáth a bhí iontu a bhí ag éileamh réiteach ar fhadhbanna a folaíodh an t-am sin agus go ceann i bhfad sa ‘saorstát’ – sclábhaíocht chontúirteach sna monarchana, ciorrú coil, foréigean baile, ‘girl mothers’, ‘seduction of servant girls’ agus a thábhachtaí a bhí sé go mbeadh mná ina ndlíodóirí, ar ghiúiréithe agus ina gcigirí sláinte is saothair.

Sampla de na deacrachtaí a bhí leis an dlí gur fhéad dlíodóir a rá le giúiré i gcás dlí in aghaidh fostóir a raibh a chailín aimsire ag iompar a pháiste “anyone of you could find yourself in a similar court”. An tráth céanna sin ag seanmóireacht faoi ‘glad necks’ agus ‘pneumonia blouses’ a bhí sagart paróiste amháin. Stíl ghruaige an pompadour a bhíodh ag coinneáil sagart an Chnoic óna chodladh, a chuala mé ag baile.

Bhí sufraigéidí idir dhá stól sa gcogadh seo –  cé acu ba phráinní saoirse na mban nó saoirse ón impireacht, agus gan aon chol ag cuid díobh leis an impireacht ach comhchearta a fháil le fir.

Na mná sin a throid go tréan leis an IRA agus a bhí ina dTeachtaí Dála ina dhiaidh is fánach a chuirtí ina leith gur baintreacha is gaolta lán díoltais a bhí iontu seachas mná a thug a saol don tsaoirse pholaitiúil.

Tá aiste fhíorthráthúil ann faoi Áras na Máithreacha is na Leanaí i dTuaim ina ríomhtar na clónna éagsúla a bhí ar an áras sin ó 1846,  nuair a tógadh Teach na mBocht ansin nó go ndearnadh áras do ‘fallen women’ de i 1904. Ina áras leanaí a bhí sé i 1921 agus an t-ord Bon Secours ag fáil deich scilleacha sa tseachtain leis na páistí a chothú. Bhí Cosgrave den tuairim nárbh aon mhórchailliúint don tír é dá ngabhfadh na máithreacha sin ar imirce.

Cuireadh i ngarraí an árais sin seisear a mharaigh fórsaí an tsaorstáit i mí Aibreáin 1923, crochadh leac chuimhneacháin dóibh agus bhíodh comóradh orthu ar an láthair ag an IRA sular ath-adhlacadh iad. San áit cheannann chéanna a raibh mná gaoil is comharsan agus a bpáistí faoi choinneáil nó curtha in umar séarachais gan aon chomóradh.

Mheabhraigh an tUachtarán Ó hUigínn dúinn go gcaithfeadh muid a bheith ‘tuisceanach’ agus muid ag ‘machnamh’ ar stair thrioblóideach na tréimhse sin 100 bliain ó shin agus ar “an foréigean agus an drochíde ar fad” a d’eascair “as an eisiamh, an t-uirísliú agus an bhochtaineacht”. Is cinnte go ndéanann an saothar seo iarracht solas beag a scaladh ar an am sin agus cuideoidh an t-innéacs cuimsitheach linn leanúint leis an tochailt.

Léamh riachtanach an leabhar seo d’aon duine óg a fhiafraíonn ‘céard atá á chomóradh againn?’.

Doireann Ní Ghríofa a chuireann sméar mhullaigh ar an saothar lena dán Brightening:

Down in the night-damp grass, I stood alone.

Men watched me from the lawn;

I knew their mute gaze, grown grey, grown cold,

as I knew all the women huddled on the gravel,

how they folded whispers in their shawls.

Fág freagra ar 'Léamh riachtanach an leabhar seo d’aon duine óg a fhiafraíonn ‘céard atá á chomóradh againn?’'