Léamh eile fós ar fhear an chába ach an phiongain as Éirinn is fearr

Tá an t-iomaire céanna á threabhadh arís sa saothar is déanaí faoi Batman

Léamh eile fós ar fhear an chába ach an phiongain as Éirinn is fearr

The Batman
Stiúrthóir: Matt Reeves
Cliar: Robert Pattinson, Zoë Kravitz, Jeffrey Wright, Colin Farrell, Andy Serkis, John Turturro, Paul Dano, Peter Sarsgaard

Tá geábhanna tugtha ag Batman ar an scáileán mór go rímhinic ó 1943. Ó 1989 i leith tá sé chugainn gach aon chúpla bliain nach mór. I ndeireadh na n-ochtóidí agus isteach sna nóchaidí thug Michael Keaton, Val Kilmer agus George Clooney faoin ról. Bhí léamh sainiúil Christian Bale againn trí bhabhta ina dhiaidh sin. Ansan thug Ben Affleck faoin ról agus tá Keaton le filleadh ar an ról arís. I saothar Matt Reeves faoin ialtóg fir, sé Robert Pattinson atá ag tarraingt an chába ar féin.

Le casadh a bhaint as an seanrá níl de locht air ach a mhéid. Bhí úrnuacht ag baint le léamh dorcha, gruama Christopher Nolan/Christian Bale. Deineadh carachtair le téagair a chur os ár gcomhair, agus bithiúnaigh iontacha lena chois sin; ní bheidh éinne riamh in ann é a fhéachaint le Heath Ledger mar fhear na gcrúb, cé gur thug Joaquin Phoenix taispeántas thar na bearta uaidh trí bliana ó shin i saothar faoi leith ar an Joker. 

Sin scéal eile. Cá bhfuil Batman anois, áfach? Níor éirigh le saothair Affleck aon ní suaithinseach a thabhairt don scéal ná don charachtar agus tá an saothar seo ag iarraidh filleadh ar ghruamacht Nolan. Tá craos déanta ar Batman againn is dóigh liom agus seo chugainn trí huaire an chloig eile d’fhear an chlóca ag gnúsacht isteach ina leathmhasc. 

Ar a laghad déantar an bunscéal (origin story) a cheilt orainn. Cuirtear in iúl ag tús an tsaothair go bhfuil Bruce Wayne ina fhorairdeallaí le dhá bhliain anuas. Fágann sin gur féidir léimt isteach san uisce fé thalamh agus gníomhartha na mbithiúnach. Tá na seantéamaí céanna fós anseo: na tuismitheoirí a dúnmharaíodh, an saibhreas a fágadh le huacht, an fear óg cáiliúil atá ina éan corr, an chathair atá faoi léigear ag an gcoiriúlacht. An t-aon rud atá ábhairín difriúil ná go mbunaítear an scéal ar bhleachtaireacht agus Batman ag iarraidh teacht ar an té atá ag cur piardaí móra na cathrach de dhroim seoil. 

Ní aon locht rómhór agam ar Pattinson, a mhalairt i ndáiríre; tá sé an-oiriúnach dá ról agus tugann sé faoina charachtar beagfhoclach, dúnéaltach le flosc. Ar an drochuair, níl aon léamh nua againn agus tá an scéal fadálach, seanchaite. Castaíocha gan dealramh gur féidir a thuar. Rud eile a chur as dom ná ní dóigh go rabhthas cinnte cad ba cheart a dhéanamh le Catwoman (Kravitz). Carachtar suimiúil atá caite idir dhá stól. Deis chaillte. Ní raibh an bithiúnach The Riddler (Dano) thar mholadh beirte; chuaigh a chuid seanmóireachta chun leadráin i dtreo an deiridh. 

Lena chois sin ní raibh puinn le déanamh ag Gordon (Wright), Alfred (Serkis) agus ní raibh Turturro oiriúnach don ról, mheasas. Go deimhin sé Colin Farrell do-aitheanta na hÉireann is fearr a chruthaigh mar The Penguin agus ní haon iontas go bhfuil sraith fógartha a dhíreoidh ar ghníomhartha buile na Piongaine. 

Mar bharr ar an donas ní bhfuaireas aon bhlas ar na míreanna aicsin agus tá gliogar de Bhatmobile againn; peacaí marfacha i gcanóin na hialtóige. 

An t-iomaire céanna á threabhadh arís. 

Fág freagra ar 'Léamh eile fós ar fhear an chába ach an phiongain as Éirinn is fearr'