LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní dochar é éisteacht leis an stáisiún raidió i do cheann ó am go chéile…

Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Níor mhiste don scríbhneoir éisteacht a thabhairt ó am go chéile do na glórtha cáinteacha agus moltacha ina cheann

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní dochar é éisteacht leis an stáisiún raidió i do cheann ó am go chéile…

Ar a laghad uair nó dhó sa lá – nuair a shiúlaim go dtí an t-ionad aclaíochta, go hiondúil, nó nuair a bhím ag rothaíocht – bím faoi agallamh i mo cheann féin. Aoi ar chlár teilifíse nó rannpháirtí i bpainéal cainte éigin a bhíonn ionam sna brionglóidí beaga lae seo. Nó sna tromluithe beaga lae seo, ba chirte dom a rá. 

Is é an chaoi go mbím faoi ionsaí iontu go minic.

Go tráthrialta, cuirtear i mo leith sna hagallaimh shamhlaíocha seo go mbíonn dímheas á léiriú agam ar mhná i mo chuid scríbhneoireachta. Nó iarrtar orm a mhíniú cén fáth a measaim go bhfuil cead agam a bheith ag scríobh faoi charachtair a bhfuil dath níos dorcha ar a gcraiceann ná mar atá ar mo chraiceann féin. Nó léirítear an tuairim go bhfuil an iomarca carachtair aeracha i mo chuid saothar agus go gcuirfidh a leithéid mórchuid léitheoirí ó dhoras.

Uaireanta, áfach, is é a mhalairt a tharlaíonn.

Cuireann láithreoir clár teilifíse i láthair mé mar ‘scríbhneoir ar bhain an t-úrscéal deireanach aige creathadh as an tír’, nó iarrtar orm scéal a léamh ag painéal cainte agus aithním ar aghaidh na ndaoine sa lucht éisteachta go bhfuil siad faoi gheasa agam; chloisfeá snáthaid ag titim nuair a bhainim deireadh an scéil amach.

Seo an cineál rámhaille ar a dtugann an scríbhneoir clúiteach as Meiriceá, Anne Lamott, ‘radio station KFKD, or K-fucked’, ‘perhaps the single greatest obstacle to listening to your brocolli that exists for writers.’

‘If you are not careful, station KFKD will play in your head twenty-four hours a day, nonstop, in stereo,’ a scríobhann sí sa leabhar iontach sin aici faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, Bird by Bird. ‘Out of the right speaker in your inner ear will come the endless stream of self-aggrandizement…’, ‘Out of the left speaker will be the rap songs of self-loathing.’

Breathnaíonn Lamott ar ‘radio station KFKD’ mar bhac ar an bpróiseas scríbhneoireachta: ‘You might as well have heavy-metal music piped in through headphones while you’re trying to get your work done.’ Tá roinnt moltaí aici chun ‘KFKD’ a chasadh as, paidreoireacht ina measc.

Cé go n-aontaím le Lamott gur pian mhór sa tóin a bhíonn i dtorann bán na haigne nuair a bhíonn peann á chur le páipéar ag duine, ghabhfainn chomh fada lena rá nár mhiste don scríbhneoir éisteacht a thabhairt ó am go chéile do na glórtha cáinteacha agus moltacha ina cheann – bíodh siad ag teacht ó ‘láithreoir teilifíse’, ó ‘chomhghleacaí ar phainéal cainte’, nó i gcruth éigin eile. 

Is éard atá iontu, dar liom, ná na fórsaí a chinntíonn go mbeidh an treo ceart á thaispeáint i gcónaí ar chompás an scríbhneora.

Coinneoidh na glórtha cáinteacha srian air nuair a bhíonn sé ar tí rud éigin a scríobh a dhéanfadh dochar dá cháil; tabharfaidh na guthanna moltacha ugach dó coinneáil air ag scríobh in ainneoin an fhéinamhrais.

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní dochar é éisteacht leis an stáisiún raidió i do cheann ó am go chéile…'