Leaganacha Gaeilge de ‘body shaming’, ‘withdrawal agreement’, ‘cutie’ agus ‘carpool’ curtha le foclóir.ie

Tá ‘body shaming’, ‘withdrawal agreement’, ‘cutie’, ‘influencer’ agus ‘carpool’ i measc na n-iontrálacha is déanaí san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge

Leaganacha Gaeilge de ‘body shaming’, ‘withdrawal agreement’, ‘cutie’ agus ‘carpool’ curtha le foclóir.ie

Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú inniu ar shuíomh an fhoclóra agus cuireadh breis is 100 iontráil nua leis an mbunachar. Deirtear gur roghnaíodh na hiontrálacha nua bunaithe ar chúrsaí reatha, aiseolas agus anailís ar na cuardaigh a rinneadh ar an suíomh, cuardaigh in aisce, go háirithe. 

Fógraíodh chomh maith inniu gur leasaíodh breis is 13,000 iontráil san fhoclóir le bliain anuas mar chuid den ullmhúchán do leagan clóite den fhoclóir ar líne atá geallta in 2020. 

I measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh leis an suíomh mar gheall ar scéalta cúrsaí reatha, tá backstop (cúlstop nó cúlstad), burqa (búrca), body shaming (náiriú faoin gcorp), Eurosceptic (Eoraisceipteach), withdrawal agreement (socrú maidir le tarraingt amach), homeless crisis (géarchéim na ndaoine gan dídean) emergency accommodation (cóiríocht éigeandála),rough sleeper (duine a chodlaíonn amuigh), homeless hub (mol do dhaoine gan dídean), single-use plastic (plaisteach aonúsáide) House of Commons (Teach na dTeachtaí), regulatory alignment (ailíniú rialála), customs arrangement (socrú custam) hard border (teorainn chrua), soft border (teorainn bhog), frictionless economy (geilleagar saoráideach) agus direct trade (trádáil dhíreach).

Ar na hiontrálacha nua atá bunaithe ar chuardaigh daoine, tá craft beer (beoir cheirde) cutie (gleoiteog),  influencer (tionchaire), carpool (socrú carr-roinnte), sparkling water (uisce súilíneach) agus pay gap (bearna phá).

I measc na n-iontrálacha nua atá bunaithe ar nathanna cainte Bhéarla na hÉireann, táto make strange’ (coimhthíos a dhéanamh) agus ‘he’s not the sharpest tool in the shed’ (ní hé is éirimiúla amuigh’).

4.7 milliún cuairt a tugadh ar foclóir.ie in 2018 agus amharcadh ar nach mór 23 milliún leathanach le linn na gcuairteanna sin.

Fág freagra ar 'Leaganacha Gaeilge de ‘body shaming’, ‘withdrawal agreement’, ‘cutie’ agus ‘carpool’ curtha le foclóir.ie'

  • M'anam!

    ‘coimhthíos a dhéanamh le duine’ is fada an lá an nath sin sa teanga Ghaeilge…

  • derry O'Sullivan

    Géarchéim dhídine

  • Diarmuid Johnson

    Sílim go bhfuil feabhas ag tíocht ar bhaisteadh téarmaí. Tá cuma nádúrtha go leor ar an gcuid is mó de na samplaí thuas. Tá rudaí eile ag daoine eile ar chuid de na nithe thuasluaite, agus tuige nach mbeadh! Ach má bhíonn an obair ar an gcaighdeán sin feasta, ní bheidh an iomarca leisce orainn na téarma nua a úsáid. Hup!

  • seán ó murchú

    Bhíodh Teach na bhFeisirí comónta … agus Dáil Shasana ag McKenna! … Cén fáth ‘Teachtaí’ ?