‘Love’, ‘app’ agus ‘hello’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie in 2018

Is é an focal faggot an focal is mó atá á chuardach san fhoclóir ar líne an mhí seo agus baint aige sin gan amhras leis an gconspóid faoi ‘Fairytale of New York’

‘Love’, ‘app’ agus ‘hello’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie in 2018

Bhí na focail ‘love’, ‘app’, agus ‘hello’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie arís in 2018, bliain inar thug nach mór 1.9 milliún duine cuairt ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge. 

Tá liosta an 100 focal is mó cuardach ar an suíomh in 2018 ar fáil anseo.

Is é an focal faggot an focal is mó atá á chuardach san fhoclóir an mhí seo agus baint aige sin gan amhras leis an gconspóid faoi úsáid an fhocail chéanna san amhrán de chuid na Pogues ‘Fairytale of New York’ .

Tá na focail elf, Christmas, Santa Claus, present, reindeer agus Christmas tree i measc na 50 focal eile is mó cuardach an mhí seo.

4.7 milliún cuairt a tugadh ar foclóir.ie in 2018 agus amharcadh ar nach mór 23 milliún leathanach le linn na gcuairteanna sin.

Tháinig méadú 24% ar líon na n-úsáideoirí ar foclóir.ie i gcomparáid le 2017 agus tá tóir níos mó ar an an bhfoclóir nua ná mar atá ar Teanglann.ie, an cnuasach foclóirí ar líne. 

1.4 milliún duine a thug cuairt ar Teanglann.ie in 2018, méadú 19% ar 2017.

Breis is 6 nóiméad in aghaidh an tseisiúin ar an meán a chaith daoine ar foclóir.ie. Ar ghutháin phóca a bhí 57% de na seisiúin sin, in Éirinn a bhí 66% díobh agus i Meiriceá a bhí 18% díobh. Bhí daoine ag cuardach focal Gaeilge ar fud an domhain in 2018, cuid acu chomh fada ó bhaile le Madagascar agus Saint Lucia.

 

Fág freagra ar '‘Love’, ‘app’ agus ‘hello’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie in 2018'