Leagan nua Gaeilge le Micheál Ó Conghaile de ‘Happy Days’ Beckett á léiriú

Bríd Ní Neachtain agus Raymond Keane a bheidh sna príomhpháirteanna, Winnie agus Willie, i ‘Laethanta Sona’ ar Inis Oírr

Leagan nua Gaeilge le Micheál Ó Conghaile de ‘Happy Days’ Beckett á léiriú

Tá leagan nua Gaeilge le Micheál Ó Conghaile de Happy Days Samuel Beckett le léiriú ar Inis Oírr.

Bríd Ní Neachtain agus Raymond Keane a bheidh sna príomhpháirteanna, Winnie agus Willie, i Laethanta Sona atá á léiriú ag Company SJ.

Gealltar gur “léiriú bíogúil” a bheidh ann a gcuirfidh Gaeilgeoirí, lucht leanúna Beckett agus na físealaíne “spéis faoi leith ann”.

Laethanta Sona foilsithe ag Arlen House.

Duine de mhór-údair na Gaeilge é Micheál Ó Conghaile a bhfuil aistriúcháin déanta cheana aige ar dhrámaí de chuid Martin McDonagh agus Jimmy Murphy. Chuir sé leaganacha Gaeilge ar fáil de rogha scéalta le Liam Ó Flaithearta chomh maith. D’fhoilsigh Arlen House drama dá chuid cheana, The Connemara Five.

Sa Teach Seo Anocht an saothar ficsean is deireanaí ó pheann Uí Chonghaile féin.

Happy Days ar cheann de mhórshaothair Samuel Beckett agus é áirithe ar cheann de na drámaí is fearr a scríobhadh riamh. 

Fág freagra ar 'Leagan nua Gaeilge le Micheál Ó Conghaile de ‘Happy Days’ Beckett á léiriú'