Leagan Gaeilge de ‘Linger’ na Cranberries le ceol ag bean Ghaeltachta ar an Late Late Show anocht

Beidh amhrán iomráiteach de chuid The Cranberries, á cheol i nGaeilge ag an amhránaí as Ráth Chairn Sibéal Ní Chasaide ar an Late Late Show ar RTÉ 1 anocht

Leagan Gaeilge de ‘Linger’ na Cranberries le ceol ag bean Ghaeltachta ar an Late Late Show anocht

Beidh ‘Linger’, amhrán iomráiteach de chuid The Cranberries, á cheol i nGaeilge ag an amhránaí Gaeltachta Sibéal Ní Chasaide ar an Late Late Show anocht.

Seo an chéad uair a mbeidh leagan Ní Chasaide den amhrán ‘Linger’ le cloisteáil, agus an dara huair ag an amhránaí óg as Gaeltacht Ráth Chairn a bheith ag ceol ar mhórsheó cainte RTÉ.

In 2016, chas Ní Chasaide ‘Mise Éire’ ar an chlár comórtha ‘Centenary’ agus ar an Late Late Show.

Amhrán Dolores O’Riordain, a bhásaigh go hanabaí anuraidh, a bheas á chasadh ag Ní Chasaide anocht, amhrán atá ar cheann de 16 amhrán ar an albam nua Ceol 2018 le hEoghan McDermot a sheolfar go hoifigiúil an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Eoghan McDermott le déanaí gur “onóir mhór” é gur bhronn The Cranberries an bunleagan d’fhuaimrian taca an amhráin ‘Linger’ ar lucht Ceol 2018 agus go raibh “taifead draíochtúil” déanta ag Sibéal Ní Chasaide ar an amhrán.

Tá ‘Ceol 2018’, a léirigh Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá i gcomhar le RTÉ 2fm, ar an albam is déanaí sa tsraith albam ar a mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin aitheanta Bhéarla.

Seolfar 350,000 cóip den albam nua chuig scoileanna na tíre an tseachtain seo chugainn agus beidh cód íoslódála saor in aisce don albam á bhronnadh ar na mílte mac léinn tríú leibhéal.

Tá Saoirse Ronan, Macklemore, Kodaline, Picture This agus JP Cooper ina measc siúd atá le cloisteáil ar CEOL 2018 le hEoghan McDermott.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge de ‘Linger’ na Cranberries le ceol ag bean Ghaeltachta ar an Late Late Show anocht'

  • Murchadh

    Ag súil go mór leis.