Leacht cuimhneacháin d’Ian Paisley déanta ag deileadóir Gaeltachta

Is é Liam O’Neill, a bhfuil cónaí air sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara, a roghnaíodh chun leacht cuimhneacháin a dhéanamh do Ian Paisley

Is deileadóir adhmaid a bhfuil cónaí air sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara a roghnaíodh chun leacht cuimhneacháin d’iarcheannaire an DUP Ian Paisley a dhéanamh.

Nochtadh an leacht a rinne Liam O”Neill ag searmanas speisialta i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus beidh scéal na leice ar Nationwide ar RTÉ 1 anocht.

Tá cáil idirnáisiúnta ar O’Neill, arb as Ceatharlach ó dhúchas dó ach a bhfuil cónaí air sa Spidéal ó 1992. Tá cuid dá shaothar le feiceáil ar fud an domhain.

Ba í clann Paisley a roghnaigh Liam O’Neill leis an dealbh a dhéanamh toisc cairdeas a bheith eatarthu le roinnt blianta anuas.

Bhronn an t-iarThaoiseach Bertie Ahern babhla adhmaid a rinne O’Neill ar Paisley agus a bhean, Eileen, in 2013. Rinneadh an babhla sin as crann a thit san áit ar troideadh Cath na Bóinne.

As crann leamháin sléibhe a thit i ngairdín Paisley go luath tar éis dó bás a fháil in 2014 a rinneadh an leac cuimhneacháin nua. D’oibrigh an snoíodóir adhmaid Philip Steele in éineacht le O’Neill ar an dealbh nua.

Meastar go gcuirfear an leacht seo i Leabharlann Thaobh na Banna i mBéal Feirste, áit a bhfuil leabhair agus cuid de shaothar scríbhneoireachta Ian Paisley ar taispeáint.

Fág freagra ar 'Leacht cuimhneacháin d’Ian Paisley déanta ag deileadóir Gaeltachta'