Leac chuimhneacháin in ómós don seanmóirí Gaeilge Seán Ó Fithcheallaigh á nochtadh in oirthear Bhéal Feirste

Fear ab ea Ó Fithcheallaigh ‘a thuig an tábhacht a bhain leis an nGaeilge’ agus iarrachtaí á ndéanamh aige Caitlicigh a iompú ina bProtastúnaigh

Leac chuimhneacháin in ómós don seanmóirí Gaeilge Seán Ó Fithcheallaigh á nochtadh in oirthear Bhéal Feirste

Beidh seirbhís ar siúl in ómós don Mhodhach, Seán Ó Fithcheallaigh, duine de sheanmóirí móra na Gaeilge sa 19ú haois, in Eaglais Mhisean Oirthear Bhéal Feirste ‘Skainos’ an Domhnach beag seo.

Nochtfar leac chuimhneacháin ina ómós i ndiaidh na seirbhíse.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Gordon McCoy, Oifigeach Oideachais Gaeilge le Misean Oirthear Bhéal Feirste, gurbh fhear é Seán Ó Fithcheallaigh “a thuig an tábhacht a bhain leis an Ghaeilge” agus iarrachtaí á ndéanamh aige Caitlicigh a iompú ina bProtastúnaigh.

“Chuir na Modhaigh cuid mhór stró orthu féin a bheith ag taisteal chuig ceantracha bochta agus a bheith ag labhairt le daoine ina dteanga féin. Deirtear go raibh daoine a d’éist le Ó Fithcheallaigh an-tógtha leis,” a dúirt McCoy.

Dúirt McCoy gur deas leis freisin go raibh “fáilte mhór” á cur ag an Ministir Brian Anderson, a bheas i mbun na seirbhíse Dé Sathairn, roimh an leac chuimhneacháin in ómós don Ghaeilgeoir, agus é ag iarraidh go mbeadh “iomainn Ghaeilge agus Sliocht ón Bhíobla á léamh as Gaeilge” le linn na seirbhíse.

Rugadh Seán Ó Fithcheallaigh i Sligeach in 1801.

Cé gur tógadh ina Chaitliceach é, d’iompaigh sé ina Phrotastúnach agus é i mbun staidéir i Maigh Nuad in 1818.

Ceapadh gur ministir a bhí ann, ach tuigtear anois gur chaith Ó Fithcheallaigh a shaol mar sheanmóirí ag taisteal ar fud na tíre.

Bhásaigh sé in Ard Mhic Nasca i gContae an Dúin in 1890 agus cuireadh é i reilig Bhaile Mhic Gearóid le taobh Eaglais Mhisean Oirthear Bhéal Feirste, Skainos. 

Bhí tuairiscí faoi bhás Uí Fithcheallaigh le léamh go forleathan sna meáin tráth a bháis, ina measc an tuairisc seo san Irish Times in 1860 inar dúradh an méid seo:

The Rev. Mr. Feely was one of the best Irish-speaking ministers in connection with the Church of which he was minister, or, perhaps, of any Church in this country…Mr. Feely was an able and powerful preacher in the English language, but in the Irish tongue he excelled…In his death the Methodist Church has lost one of those links which bind the present to the past generation, and has lost a labourer who, as an Irish-speaking preacher, can hardly be replaced in these days.

Is í Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge atá i mbun ranganna Gaeilge Mhisean Oirthear Bhéal Feirste, a nochtfaidh leac Uí Fhithcheallaigh.

Fág freagra ar 'Leac chuimhneacháin in ómós don seanmóirí Gaeilge Seán Ó Fithcheallaigh á nochtadh in oirthear Bhéal Feirste'