Eoin Colfer
Leagan Gaeilge le Sadhbh Devlin
Maisithe ag Richard Watson
Foilsithe ag Futa Fata
Thart ar leathbhealach tríd an leabhar seo, tá pictiúr de bhuachaillín beag darb ainm Nollaig de Róiste, é ag caitheamh hata olla, pitseámaí Pooh Bear agus slipéir bhoga i gcruth coiníní. Ba é sin ceann d’uasphointí an leabhair agus an scéil domsa – ná habair nach bhfuil aithne againn ar fad ar dhuine éigin, páiste nó eile, a shuíonn síos don oíche (nó don lá) i bhfeisteas den chineál chéanna,
Is leabhar iontach greannmhar, cliste agus dea-scríofa é seo, agus bhain mé an-sult go deo as. Tá sé aistrithe ag an údar Sadhbh Devlin – an chéad leabhar atá aistrithe aici, a deirtear linn ar chúl an leabhair, agus tá jab iontach déanta aici leis an leagan Gaeilge. Tá sé go hiomlán Gaelach ó thús deireadh: ó ainmneacha na gcarachtar go dtí an comhrá eatarthu.
Ó thaobh an phlota de, is é bun agus barr an scéil go bhfuil cailín óg, Áine, thar a bheith míshásta lena cuid gruaige – agus arís, an bhfuil éinne amuigh ansin nár mhothaigh mar sin ag pointe éigin ina saol? Ar aon nós, tá sí ag iarraidh bearradh gruaige a fháil – nó sa chás seo, a thabhairt di féin – ionas go mbeidh cuma níos slachtmhaire uirthi agus go mbeidh a saol deich míle uair níos fearr.
Bhuel, ní mhillfidh mé an scéal oraibh, ach is féidir liom a rá go cinnte go mbeidh páistí agus daoine fásta araon an-tógtha leis an scéilín seo faoi Áine, faoina cairde Íde agus na cailíní eile, agus faoi Nollaig de Róiste úd (an carachtar is fearr liom – is breá liom an chaoi a n-iompaíonn a ról sa scéal ó bheith ar an imeall go bheith i lár an aonaigh!).
Tá go leor spraoi agus greann sa scéal, agus croí mór ina lár. Foilseachán álainn snasta é seo de chuid Futa Fata. Eoin Colfer an t-údar, agus Richard Watson a mhaisigh. Tá na léaráidí iontach – lán le haicsean, beocht agus dathanna geala. Tá rud éigin craiceáilte ar gach leathanach! Is breá liom an chaoi a bhfuil cothromaíocht idir na pictiúir agus an téacs. Agus ag caint ar théacs, tá níos mó scríbhneoireachta sa leabhairín beag seo ná mar a bheifeá ag súil leis – agus is maith an rud é go bhfuil an téagar sin ann, chomh maith leis an luas agus an spraoi síos tríd. Rud beag eile a thaitníonn go mór le léitheoirí óga ná an dá phictiúr laistigh den chlúdach – caithfidh siad na difríochtaí a aimsiú! Tá caighdeán an foilseacháin seo thar barr – slachtmhar snasta agus bog.
Molaim go mór Gruaig Áine – scéal spleodrach greannmhar a chuirfidh meangadh ar éinne, beag nó mór.
Fág freagra ar 'Leabhar iontach greannmhar, cliste agus dea-scríofa'