Peadar G. Ó Máille
Cló Iar-Chonnacht 2022 €15
Tá caint go leor tarraingthe ag an leabhar seo i gCois Fharraige ó foilsíodh é faoi Nollaig mar go mbaineann an t-ábhar go dlúth leis na bólaí seo aimsir Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad.
Dul amú a bheadh ar an té a cheapfadh gur taobh leis sin an leabhar mar amhail an Odaisé, Daedulus agus Icarus, Oedipus agus Laius, clann mhac Éabha agus Ádhaimh, cén dream nach bhfuil seanchas agus suim acu sa gcaidreamh idir athair is mac?
Amhail cuid mhaith de na hóglaigh a throid le linn Chogadh na Saoirse agus sa gcogadh gangaideach a lean é, níor oscail Sean-Pheadar Ó Máille, athair an údair, a bhéal faoina chuid cúraimí le linn na troda. Don mhin atá ite is gann buíochas agus b’amhlaidh a bhí againne agus ag a mhac, an ghlúin a fuair aon bhrabach ar an tsaoirse sin a bhí ó na trodairí.
Agus imeachtaí sin thús an chéid seo caite á gcomóradh, agus caint ann gurbh é a athair a chaith fear as an gceantar a bhásaigh óna chuid leonta, thug an t-údar faoi aistear fiosrúcháin staire agus tugann sé muide leis ó ‘stáisiún’ go stáisiún, dhá cheann déag acu ar fad.
Níos spéisiúla fós an t-aistear pearsanta ag cur aithne eile ar a athair geanúil “duine ní ba laethúla, ní ba shoilbhre.. ní chasfaí dhuit” ach duine freisin a bhí i mBráithreachas na Poblachta agus sna hÓglaigh. Is daor a d’íoc sé as a aisling – ar a theitheadh, campa géibhinn an Churraigh, dífhostú ag móid dílseachta agus ar ndóigh an tost fada agus b’fhéidir, díomua leis an stát agus na státairí a rinne bonn ar íobairtí na n-óglach.
Is iontach go deo an lear taighde atá sa leabhar – aicearra agus foinse d’aon duine eile a bheadh ag fiosrú na tréimhse sin. Rinne an t-údar cartadh go leor i dtuairiscí lucht riaracháin, dlí is arm na Breataine, sna nuachtáin áitiúla is náisiúnta, sa seanchas, sa gcual leabhar is altanna a d’fhoilsigh lucht staire is gnímh faoin tréimhse chorrach sin agus thar aon cheo eile sna cuntais sa gCartlann Mhíleata agus daoine ag iarraidh pinsean dóibh féin ná dá gcomrádaithe comhraic.
GAILEARAÍ: ‘Murdar ar an Lochán Beag’ le Peadar Ó Máille seolta Tigh Mholly, i gCois Fharraige
Níl an leabhar seo trom ná tur mar tá grinneas agus abarthacht an údair ar chuile leathanach. Cé go n-admhaíonn sé scaití ‘go bhfuil a lámh á cur i mbéal an mhada’ aige, sánn sé siar go maith í agus corrghearrthóg ghéar á scaoileadh uaidh aige. Cuibheas a athar a d’fhág nár bhac sé le liosta na dtaobhanna tar éis scoilt na gcarad i 1922. Tá bailiúchán breá pictiúr is cáipéisí sa leabhar a dhéanann beochan ar na daoine a luaitear.
Ní thagann Gael, Gall ná Gael Gallda saor ó léamh an údair agus geallaimse duit gur maith paiteanta é i mbun pinn is breithiúnais.
Chomh maith le mionscrúdú iontach a dhéanamh ar an gcúpla scliúchas a bhain le Conamara, na daoine a bhí páirteach iontu agus na tuairiscí éagsúla fúthu a chur i gcomórtas, tá an leabhar lán le scéilíní is cainteanna a luaitear le daoine as an áit, iad barrúil ach fíorghrinn go deo, an daonnacht is an nádúr mar anlann leis an stair.
Is mór an mhaise ar an leabhar seo an leas a bhaineann an t-údar as amhráin Phádraic Learaí Ó Finneadha. Is iomaí scríbhneoir agus polaiteoir mór le rá eile a chasfas ort sa leabhar seo, comrádaithe agus comhghleacaithe a athar.
Ní haon iontas go ndéanann sé an-staidéar go deo ar an eachtra inar caitheadh Patrick Thornton ar an 2 Feabhra 1920 agus ar an gcúirt a cuireadh ar ‘cheathrar an Locháin Bhig’ [Gaeilgeoirí] thuas i nDoire Cholm Cille. D’ainneoin a mhinice a pléadh ar an teallach é, seo an chéad uair a bhfaca mé an fhianaise uilig faoin eachtra sin a thug finnéithe éagsúla is lucht riaracháin, leagtha amach os mo chomhair agus an éagóir a rinneadh soiléir, iomrall ceartais a cleachtadh go minic ó shin.
Ar ndóigh níorbh aon Tír na nÓg a bhí againn sna 1920idí in Éirinn agus rialtas dár gcuid féin againn agus doicheallach a bhí eaglais is stát rompu siúd a dhiúltaigh don Chonradh agus don mhóid dílseachta. An bád bán agus an béal dúnta a roghnaigh cuid mhaith agus tugann an t-údar faoi anailís ar an imirce agus na cúiseanna a bhí nó nach raibh léi. Ní mé an aontóinn leis ansin mar is annamh bolg folamh in acmhainn imeacht as aon áit ach is maith ón éadóchas, an faitíos, an daoirse agus an easpa muiníne sa status quo duine a sheoladh amach, an Mheánmhuir sa lá inniu, cuirim i gcás.
Ní fhéadaim gan an t-aon mhúisiam a chuir an t-eagrán seo orm a lua agus is faoin bpolasaí foilsitheoireachta é. Ní mise an deisceabal is dílse ag an gCaighdeán Oifigiúil, agus an t-aimhleas a bhaintear as de bharr na míthuisceana, ach cé mhéad duine faoi na trí scór a thuigeann gur ionann ‘úiméad’ is nóiméad? Níl fáil air sa bhfoclóir Gaeilge-Béarla (1977) féin. Tá an leabhar breac ballach leis na leaganacha canúna atá ag cuid de mo ghlúinse ach nach bhfuil cinnte glan ag an gceann i mo dhiaidh. Thriail mé an cúpla ceann seo thíos ar thriúr acu – scríbhnéar, fáirnéis, iomairíochaí, threabhaigh, araoile, hubair – leaganacha malartacha nach bhfuil sa bhfoclóir sin féin. Cén bhrí ach an séimhiú síoraí sin ar na réamhfhocail de agus do agus an t-urú i lár comhfhocail, ‘an tseantsagairt’. Más mithid eagrán teangeolaíochta nua de Ghaeilge Chois Fharraige a fhoilsiú, an leabhar Staire an áit is fearr?
An call a ghabháil ag fiach ar na mairbh? Muide na seanspleantair a bhfuil siad againn ó nádúr nach iad a léifidh muid ar aon nós?
Ba chuma sin ach is maith an earraíocht a bhainfí as an leabhar tábhachtach so-léite seo i scoileanna Gaeltachta agus taighde staire is idirbhliana ar siúl. Is maith fada go nglacfadh an t-údar, agus é tráth ina mhaor ar Ghaeilge ghasúir na tíre, le ‘dho fheachtais’ ná ‘dhe fháiteall’. É sin uilig agus gan innéacs ná gluais mar threoir againn. Nach bhfuil léitheoirí óga sách gann gan claí eile a thógáil rompu?
Leabhar iontach spéisiúil agus éacht taighde, ómóis agus scoláireachta is ea ‘Murdar’ ar an Lochán Beag. Ní obair in aisce a rinne an t-athair ná an t-óglach agus a chruthúnas sin an leabhar breá seo.
Fág freagra ar 'Leabhar iontach agus éacht taighde faoi ‘Murdar’ i gConamara'