Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag an an úrscéal EL le Thaddeus Ó Buachalla ag na An Post Irish Book Awards.
Is ag ócáid i mBaile Átha Cliath anocht a fógraíodh buaiteoirí na bliana seo agus an gradam Gaeilge tugtha leis ag saothar Uí Bhuachalla.
Scéal a théann anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú haois déag atá in EL, a d’fhoilsigh Coiscéim.
Is as Cathair Chorcaí do Thaddeus Ó Buachalla a fuair céim dochtúra i litríocht na Gaeilge ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh in 2015.
Ceithre leabhar eile a bhí san iomaíocht don ghradam Gaeilge i mbliana – Súil an Daill le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac), An Dara Rogha le Celia de Fréine (LeabhairComhar), Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid) agus Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid).
Tá LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair Ghaeilge chun cinn, i mbun urraíochta ar an ngradam ó 2018.
Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin a bhuaigh an gradam Gaeilge anuraidh agus bhí Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde, Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson i measc na mbuaiteoirí roimhe sin.
Antain Mac Lochlainn
Díreach i ndiaidh tosú ar é a léamh. Ag baint an-sult as. Samhlaíocht iontach ann agus prós galánta.
Siúnach
Bhain mé an sult as. Scoth na leabhar. Comhgháirdeas dó