Leabhar Gaeilge áirithe i measc na leabhar do dhéagóirí is mó a díoladh in Éirinn

Bhí Katfish agus Scéalta Eile le Ógie Ó Céilleachair sa deichiú háit ar liosta Nielsen de na leabhair ficsin do ghasúir agus d’aosaigh óga is mó díol i dtús mhí Feabhra

Leabhar Gaeilge áirithe i measc na leabhar do dhéagóirí is mó a díoladh in Éirinn

Bhí leabhar Gaeilge san áireamh le saothair leithéidí JK Rowling agus David Walliams ar na deich leabhar do dhaoine óga is mó a díoladh in Éirinn ag tús mhí Feabhra.

Bhí Katfish agus Scéalta Eile, le Ógie Ó Céilleachair as an Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, sa deichiú háit ar an liosta de na leabhair ficsin do ghasúir agus d’aosaigh óga de réir fhigiúirí díolacháin Nielsen BookScan. Foilsíodh Katfish agus Scéalta Eile, cnuasach gearrscéalta a phléann le téamaí shaol an lae inniu, mí Lúnasa 2017 agus is léir go bhfuil tóir mhór air go fóill.

Is go fíor-annamh a bhaineann aon leabhar Gaeilge na liostaí seo amach, arb iad an tslat tomhais díolacháin is mó a úsáidtear i dtionscal na leabhar.

“As mo sheasamh, níl mé in ann cuimhniú ar aon cheann eile a bhain áit chomh hard amach ar na liostaí seo,” a deir Bridget Bhreathnach, Feidhmeannach Margaíochta Cló Iar-Chonnacht, a d’fhoilsigh Katfish agus Scéalta Eile.

“Éacht atá ann agus tá moladh mór tuillte ag Ógie Ó Céilleachair.”

Níl chuirtear gach cóip a dhíoltar de leabhar san áireamh ar liostaí Nielsen. Ní chomhairtear ach na cóipeanna a dhíoltar i siopaí áirithe atá cláraithe leo agus siopaí móra ar nós Waterstones a bhíonn i gceist den chuid is mó.

“Bíonn tóir ar leabhair Ghaeilge eile ach b’fhéidir nach bhfeicfidh tú ar liosta Nielsen iad mar díoltar an chuid is mó acu i siopaí ar leith, siopaí neamhspleácha nó siopaí leabhar Gaeilge,” arsa Bhreathnach.

Is léir go bhfuil tóir ar leith ar shaothar Uí Chéilleachair, áfach. Nuair a seoladh ar dtús é, bhí an chéad chló díolta amach taobh istigh de dhá mhí agus bíonn an leabhar á léamh in go leor meánscoileanna ar fud na tíre.

Is as An Rinn d’Ógie Ó Céilleachair agus is múinteoir meánscoile é i nGaelcholáiste Luimnigh. Is é Katfish agus Scéalta Eile an tríú foilsiúchán aige. Ta téacsleabhar staire don Teastas Sóisearach, An Cúrsa Iomlán Staire foilsithe aige agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht úrscéal do dhéagóirí leis, Cúpla, in 2011.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge áirithe i measc na leabhar do dhéagóirí is mó a díoladh in Éirinn'