Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Mícheál Ó hAodha

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an bhfile Dairena Ní Chinnéide atá an rogha…

image-1

Leabhar a thabharfainn liom chuig oileán tréighthe…

Is é Srapnal (Foilseacháin Ábhar Spioradálta) an leabhar filíochta is déanaí ó pheann Phóil Uí Mhuirí agus is maith ann é. Is iad na téamaí céanna a mhúnlaíonn a bhraistint filíochta i gcónaí – ceisteanna ionannais (féinionannas agus ionannas pobail), ceisteanna cultúrtha, teanga agus téamaí dála an fhoréigin agus an ghrá – ach léamh sainiúil agus comhaimseartha orthu a bhronnann sé orainn mar sin féin.

Ar thóir an ama sin a dhealaíonn an t-am atá thart agus saol an lae inniu atá Ó Muirí go minic agus is go healaíonta a éiríonn leis, go háirithe sna liricí gearra leis. Tá macántacht le sonrú ar an bhfilíocht seo atá in easnamh ar chuid mhór filí Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is file cróga é Ó Muirí agus is neamhghnách an mac é sa tslí sin, é sásta nithe a rá amach mar atá go fireannach; ní spéis leis an cur i gcéill ná na geaitsí is an ghalamaisíocht atá go forleathan i litríocht an dá teanga in Éirinn ár linne. Ní chuireann sé fiacail ann in ‘An ghin a shéantar’:

Níl ainm ort sa bhroinn taobh istigh;
Níl ainm ort sa tsaol amuigh;
Ceadaítear tú a stoitheadh as aithne…

                                                

Leabhar a chuir ag gáirí mé agus a thug orm machnamh a dhéanamh ar an bhfírinne …

An-Ghlan-fhírinneLeabhar nár tugadh suntas a dhóthain dó ab ea An Ghlan-fhírinne le Cóil Learaí Ó Finneadha (Cló Iar-Chonnachta). Leabhar gearrscéalta é seo, idir chinn a bhfuil fréamhacha acu i bhfad siar sa traidisiúin agus iad sin atá curtha in oiriúint don nua-ré. Ní hamháin go bhfuil teideal an bhailiúcháin seo thar a bheith oiriúnach – maíonn an t-údar nach éasca an scéal é an fhírinne a dhealú ón mbréag nuair is scéalaíocht atá faoi chaibidil ach is léir go bhfuil Ó Finneadha ar aon intinn leis na mórúdair maidir le nádúr na fírinne:

Níl ach dhá rud ann. An fhírinne agus bréaga. Ta an fhírinne doroinnte, mar sin níl sí in ann í féin a aithint, a deir Kafka. B’fhéidir nach gá don scéalaí an fhírinne a leanúint go dlúth ach is gá dó scéal a bheith aige mar sin féin agus m’anam go bhfuil scéalta de gach cineál agus scéalta den scoth le fáil sa bhailiúchán seo, scéalta a samhlófá orthu go raibh bunús acu sna traidisiúin reacaireachta is ársa dá bhfuil ann. Níl scríbhneoir Béarla ar bith in Éirinn le caoga bliain anuas ar éirigh leis an traidisiún scéalaíochta Gaelach agus litríocht na nua-ré a fhí le chéile chomh paiteanta, ealaíonta agus a d’éirigh le Ó Finneadha sa bhailiúchán seo.

Leabhar neamhghnách a bheadh oiriúnach dóibh siúd atá ag smaoineamh ar fhilíocht Ghaeilge a scríobh den chéad uair…

512Q821FlRL._BO2,204,203,200_PIsitb-sticker-v3-big,TopRight,0,-55_SX324_SY324_PIkin4,BottomRight,1,22_AA300_SH20_OU02_Leabhar neamhghnách eile is ea The Moon over Tagoto (Beehive Publishers), an togra is deireanaí ó pheann Gabriel Rosenstock. Is éard atá sa leabhar seo ná leaganacha trítheangacha (Béarla/Gaeilge/Béarla na hAlban) d’fhile haiku Seapánach darbh ainm Yosa Buson (1716-84), fear a bhfuil ard-cháil air i ndomhan an haiku. John McDonald a rinne na leaganacha Albanacha a thraschruthú. Ba phéintéir cáiliúil é Buson lena linn agus is cinnte go bhfuil súil an phéintéara le brath ar a dhéantús áille. Ní gach duine atá tógtha le foirm an haiku ach tá íogaireacht shainiúil le brath ar na haiku is fearr de chuid Buson anseo agus an comhbhá sin leis an domhan nádúrtha. I bhfianaise thraidisiún na bhfilí fáin in Éirinn, is díol spéise é líon na haiku a bhfuil an ródaíocht mar bhunús leo:

a luaithe lasmuigh den gheata mé
is taistealaí mise, leis –
an fómhar is an oíche ag titim

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Mícheál Ó hAodha'

  • Páid

    Fear nútáltha is ea Mícheál… Díol suntais nár chrom sé seanleabhair a lua. Is dócha go bhfuil raidhse díbh slogtha aige nár chuala mise ná tusa riamh trácht orthu a dhuine toisc an oiread san blianta caite á léamh is á spíonadh go criticiúil… Ach é dílis dá chúram mar léitheoir chomhaimseartha nach bhfuil glas ar chuisle úr an chultúir mar a ghintear é sna saothair is déanaí. Taithaimís air ceann eile a dhéanamh ar na leabhair a léigh sé blianta ó shoin! An criticeoir/léarmheastóir is mó nach bhfaigheann an t-aitheantais atá tuillte aige fé láthair, saoilim.