Laochra nua na Laighneach

Agus ré Brian O'Driscoll thart beifear ag súil le gáiscí ó bheirt imreoirí nua I gCúige Laighean - Ben Te'o agus Kane Douglas. Labhair Tuairisc.ie leo beirt.

Ben Te'o. ©INPHO/Cathal Noonan
Ben Te’o. ©INPHO/Cathal Noonan

Agus ré Brian O’Driscoll thart beifear ag súil le gáiscí ó bheirt imreoirí nua I gCúige Laighean – Ben Te’o agus Kane Douglas. Labhair Tuairisc.ie leo beirt.

Tá an Rí marbh. Go maire an rí. Tá ré Brian O’Driscoll tagtha chun deiridh agus rí nua tagtha chun an chúige. Tar éis dó a chéad chluiche a imirt ag an deireadh seachtaine d’fhoireann A Girvan Dempsey, tá Ben Te’o réidh chun a áit a thógáil ar fhoireann Matt O’Connor. I gceann bliain nó dhó cá bhfios nach mbeidh sé mar chroílár na foirne mar a bhí O’Driscoll fadó?

“Is athrú mór é dom, ag teacht anall anseo,” arsa an fear nach bhfuil ach traenáil coicíse déanta aige.

“Bhí an chéad cluiche agam an deireadh seachtaine seo caite. Táim réidh anois chun aghaidh a thabhairt ar na cluichí móra.”

“Theastaigh uathu (South Sydney Rabbitohs) mé a choimeád. Is club an-mhaith iad agus thairg siad an-chonradh dom, ach theastaigh uaim triail a bhaint as rud éigin nua ag an tráth seo de mo shaol.”

Bhuaigh sé Príomhroinn Náisiúnta Rugbaí na Sraithe sular fhág sé Sydney ach tar éis dó labhairt le hiarbhainisteoir Chúige Laighean, Michael Cheika, agus bainisteoir na Laighneach Matt O’Connor, dhírigh sé a aird ar Éirinn.

“Bhí dúshlán uaim. Bhíodh rugbaí ag cúl mo chinn i gcónaí. Níor theastaigh uaim éirí as gan triail a bhaint as. Labhair mé le mo bhainisteoir agus bhuail mé le Michael Cheika agus mhol sé dom teacht anseo. Dúirt sé gurb é seo an áit is fearr san Eoraip chun rugbaí a fhoghlaim, gur foireann rathúil iad foireann Chúige Laighean agus chuir sé ina luí orm gurbh fhiú dom teacht.”

Bhí an-chuid cainte go raibh O’Driscoll chun Te’o a thógáil faoina chúram nuair a tháinig sé isteach.

Ach más fíor gurb é todhchaí an Chúige é Te’o, b’fhéidir gur maith an rud é nach bhfuil sé tar éis bualadh le O’Driscoll fós.

“Níl mé tar éis bualadh leis fós,” a dúirt Te’o. Táim cinnte go bhfuil mé chun casadh leis am éigin ach tá an t-uafás is féidir liom a fhoghlaim ón bhfoireann sa seomra feistis. Tá an-chuid fear ar féidir liom smaointe a chur os a gcomhair. Tá siad do mo threorú le linn traenála.

“Má fhaighim an deis roinnt rudaí a dhéanamh leis ina aonair, beidh sé sin iontach. Ba mhór an onóir é toisc an méid atá déanta aige sa chluiche. Ach mura bhfaighidh, tá foireann bhainistíochta anseo agus cabhróidh na fir anseo liom.”

Agus cad faoi Kane Douglas, an té a tháinig go Laighin in ainneoin nach mbeadh sé in ann imirt don Astráil i gCorn Domhanda na bliana seo chugainn.

“Ba cinneadh ollmhór a bhí ann. Bhí an-chuid ama agam chun smaoineamh faoi. Bhí orm gach rud a tharla i mo shaol a chur san áireamh agus measaim go mbeadh aiféala orm ina dhiaidh mura dtiocfainn.”

Agus cad a dúirt bainisteoir na foirne (na Waratahs) a d’fhág sé, Michael Cheika, a roghnaíodh mar bhainisteoir idirnáisiúnta na hAstráile an tseachtain seo?

“Dúirt sé go raibh mé ag dul go club maith ar a laghad. Seans go raibh sé beagáinín míshásta go raibh mé ag imeacht ach thaitin an t-am a chaith sé anseo leis agus táim sásta bheith anseo freisin.”

 

Fág freagra ar 'Laochra nua na Laighneach'