Laochra ar lár – na Gaeil mhóra a d’imigh ar shlí na fírinne in 2017

Tá saol na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hÉireann níos boichte ná mar a bhí ag tús na bliana 2017 agus roinnt Gael aitheanta imithe ar shlí na fírinne le 12 mí anuas. Seo cuid de na laochra ar lár…

Laochra ar lár – na Gaeil mhóra a d’imigh ar shlí na fírinne in 2017

Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, Peadar Lamb, Dhomhnall Mac Síthigh, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha agus Dr Siobhán de Barra

Bhí Corca Dhuibhne faoi scamall bróin i mbliana nuair a cailleadh an t-údar, file, fear seanchais agus fear farraige Domhnall Mac Síthigh, nó Danny an tSíthigh, i mí an Mheithimh.

Bhí aithne mhór ar Dhomhnall Mac Síthigh mar dhuine de shárúdair Chorca Dhuibhne, mar shaor bád oilte agus mar shaineolaí ar stair, ar bhéaloideas, ar theanga agus ar chultúr a cheantair dhúchais.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go raibh cáil mhór ar an scríbhneoir agus fear farraige “as a chumas lucht éisteachta a spreagadh lena dhíograis do theanga agus do chultúr na Gaeilge” agus mhol sé “an obair shuntasach” a dhein an Sítheach “chun meas a tharraingt ar an bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge”.

Fear Gaeltachta agus farraige eile a raibh ardmheas air ab ea Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha as Carna, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Dheireadh Fómhiar. Duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, ba as an Aird Thiar do Josie Sheáin Jeaic. Iascaire ab ea é agus saineolaí, ní hamháin ar an traidisiúin amhránaíochta ach ar gach gné d’oidhreacht, de sheanchas agus de stair a cheantair dhúchais Ghaeltachta.

Bhuaigh sé Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis trí bhabhta – i 1971, 1978 agus 1982.

I mí Mheán Fómhair bhásaigh Peadar Lamb, fear Gaeltachta eile a bhain cáil amach i saol cultúrtha na hÉireann.

Ba dhuine de mhóraisteoirí na hÉireann Peadar Lamb arb as an an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara é.

Chuaigh sé le hAmharclann na Mainistreach i 1954 agus ba leis an amharclann náisiúnta a dhaingnigh sé a cháil mar aisteoir den scoth.

Bhí aithne mhór ar Pheadar Lamb i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ba mhinic é ag aisteoireacht ina theanga dhúchais, i saothair ar nós Ros na RúnCré na Cille agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid.

Cailleadh beirt iarchraoltóirí aitheanta i mbliana chomh maith, Pádraig Ó Méalóid agus Seán Ó hÉalaí. Chaith Pádraig Ó Méalóid, arbh as Camus Íochtair i gConamara ó dhúchas é, blianta fada ina chraoltóir le seirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ. D’oibrigh sé le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus bhí sé ina léitheoir nuachta i nGaeilge ar theilifís RTÉ i nDomhnach Broc. 

Chaith sé blianta ag obair ar chláracha Gaeilge eile do RTÉ, ina measc an tsraith cháiliúil d’fhoghlaimeoirí na teanga Buntús Cainte. 

Ba as Acaill ó thús do Sheán Ó hÉalaí agus is lena chontae dúchais Maigh Eo is mó a samhlaíodh mar chraoltóir é ón uair a thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí.

Dúirt ceannasaí gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta  Gearóid Mac Donncha gur “ambasadóir den scoth” a bhí ann do phobal na Gaeltachta i Maigh Eo agus mhol sé “an tseirbhís iontach” a thug sé don stáisiún.

I mí Dheireadh Fómhair bhásaigh Feargal Ó Cuilinn, duine de na Gaeil ab aitheanta i mBaile Átha Cliath.

Rugadh agus tógadh Feargal Ó Cuilinn san ardchathair agus Baile Átha Cliathach go smior a bhí ann.

Thug sé cuid mhór dá shaol ag cur na Gaeilge chun cinn. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Chomhluadar, an eagraíocht a bunaíodh i 1993 chun tacú le tuismitheoirí a bhí ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus d’oibrigh sé le Glór na nGael mar Bhainisteoir Tionscadal ó 2014. Duine eile de na Gaeil  ab aitheanta i mBaile Átha Cliath ab ea Tony Ó Léanacháin as Tamhlacht a cailleadh i mí Mheán Fómhair. Chaith Tony cuid mhaith dá saol ag cur na Gaeilge agus an Ghaeloideachais chun cinn.

Is boichte saol an léinn i mbliana chomh maith agus Donnchadh Ó Corráin, duine de mhórscoláirí léann stair na hÉireann, ar lár.

Ollamh Emeritus le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ab ea Donnchadh Ó Corráin a bhí aitheanta mar dhuine de na saineolaithe ba mhó ar domhan ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna.

Scoláire agus iarléachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, ab ea Diarmaid Ó Doibhlin a bhásaigh i mí na Bealtaine. Léachtóir sa Léann Éireannach agus scríbhneoir iomráiteach a raibh ceangal aige le Gaeltacht Thír Chonaill a bhí ann.

I mí an Mheithimh cailleadh Iar–Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dochtúir Sár-Oirmhinneach Donal Caird.

Cainteoir líofa Gaeilge a bhí i Donal Caird agus dúirt an té atá anois ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath ag Eaglais na hÉireann, Michael Jackson, go raibh sé mar aidhm ag ag an iar–easpag i gcaitheamh a shaoil “an Ghaeilge a chur chun cinn i saol na hEaglaise agus sa saol náisiúnta chomh maith”.

I mí Mheán Fómhair bhásaigh an tAthair Piaras Ó Dúill, an sagart poblachtánach agus gníomhaí ar son cearta príosúnach agus daoine eile.

Sheas an tAthair Ó Dúill le cearta príosúnach ar feadh a shaoil, agus bhí baint mhór aige leis an bhfeachtas ar son stádas polaitiúil na stailceoirí ocrais sna H-Bhlocanna sa Cheis Fhada.

Bhí sé ar an gcéad chathaoirleach a bhí ar Choiste Náisiúnta na H-Bhlocanna/Ard Mhacha, ról a tharraing go leor airde air agus a chuir olc ar dhaoine eile san Eaglais Chaitliceach.

I mí na Samhna bhásaigh an Dr Siobhán de Barra, comhairleoir síciatrach agus gníomhaí ar son seirbhísí meabhairshláinte a bhíodh le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge. An mhí chéanna a bhásaigh Eoin de Búrca an fear mór gnó agus pobail as Dúiche Sheoigheach arbh leis Tigh Pheacock agus an mharglann ar an Teach Dóite.

I mí Lúnasa d’imigh Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, nó Oonagh Ní Chéileachair mar ab fhearr aithne uirthi, ar shlí na fírinne. Ba í Úna an tOifigeach Gaeilge i gComhairle Contae Mhaigh Eo agus bhí aithne mhaith uirthi ar fud Chonnacht as a cuid oibre ar son na Gaeilge.

Cara mór le muintir an Bhlascaoid ba ea Ray Stagles, an Sasanach a thug a chéad chuairt ar an oileán sin sa bhliain 1966. Thug údar The Blasket Islands: Next Parish America, a bhásaigh i mí Eanáir leathchéad bliain, gan stad, ag teacht go dtí an tOileán Tiar gach samhradh.

I mí Eanáir chomh maith a cailleadh Tony Bromell, Iarmhéara Luimnigh, iarsheanadóir agus Gael dílis.

Bhásaigh TK Whitaker i dtús na bliana freisin. Is mar státseirbhíseach, a bhí ar an Ard-Rúnaí ab óige riamh ar an Roinn Airgeadais, agus mar eacnamaí ab fhearr aithne air. Ba cheannródaí sa phleanáil eacnamaíochta é a léirigh fadbhreathnaitheacht agus misneach ollmhór nuair ba léir dó nach raibh polasaithe an Stáit ag obair.

I mí Bealtaine, cailleadh an t-iriseoir agus an gníomhaí Maidhc Ó Cathail a bhíodh ina ghlór sainiúil ar na meáin Ghaeilge, an suíomh seo ina measc.

Trócaire sa chré orthu go léir.

Fág freagra ar 'Laochra ar lár – na Gaeil mhóra a d’imigh ar shlí na fírinne in 2017'

  • Tomas

    Beannacht Dé le hanmain na marbh!

  • Seosamh de Barra (céile Shiobháin)

    Ag smaoineamh orthú ar fad agus a gclann uilig. Ni deinfear dearmad orthú riamh.

  • Traolach

    Thar a dtiocfaidh nó a dtáinig braithim uaim Dainí a ‘tSíthigh. Fear éirimiúil, tuisceannach, comhbhách, uasal, daonna, croímhóir. Féith am ghrinn ag spréacharnaigh ina dhá shúil ghlé, ardchomhluadar agus ardchainteoir. File agus fealsamh agus fear farraige go smior. D’fhéadfadh éirí chun cocaíochta is chun feirge dá gcuirfí chuige mar bhí sé miotalach. Ach ghabhfadh an láchas lastuas de gan mhoill arís agus dearmad déanta aige den gcnámh spairne. Murab ionann agus a lán eile. Súil agam a Dainí, a chroí, go bhfuil ag caitheamh na glòire in éineacht le do chomhbhádóirí ar neamh.