Lánchead ag dhá ollscoil san Ísiltír cúrsaí a thairiscint i mBéarla – breitheamh

Níor éirigh le cás cúirte a thug eagraíocht oideachais san Ísiltír i gcoinne dhá ollscoil sa tír sin maidir le húsáid an Bhéarla mar phríomhtheanga theagaisc – ach níl deireadh leis an scéal go fóill.

Lánchead ag dhá ollscoil san Ísiltír cúrsaí a thairiscint i mBéarla – breitheamh

Rialaigh cúirt san Ísiltír le gairid go bhfuil lánchead ag dhá ollscoil sa tír sin an Béarla a úsáid mar theanga theagaisc in dhá cheann de chúrsaí bunchéime atá á dtairiscint acu.

Thiar i mí na Bealtaine, thug eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm aici feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais san Ísiltír, Beter Onderwijs Nederland, cás cúirte i gcoinne Ollscoil Maastricht agus Ollscoil Twente maidir le húsáid an Bhéarla mar phríomhtheanga theagaisc agus chumarsáide sna hollscoileanna sin. Dhírigh an cás go sonrach ar bhunchéimeanna síceolaíochta atá á dtairiscint ag an dá ollscoil.

Ach rialaigh an chúirt Dé hAoine seo caite nach bhfuil an dlí á shárú ag Ollscoil Maastricht agus Ollscoil Twente. 

Dar leis an mbreitheamh gur thug an dá ollscoil míniú sásúil ar a gcinneadh an Béarla a úsáid mar phríomhtheanga theagaisc sna cúrsaí bunchéime síceolaíochta acu. Carachtar ‘idirnáisiúnta’ na síceolaíochta mar ábhar léinn agus úsáid fhorleathan an Bhéarla sa réimse sin an phríomhargóint a bhí ag an dá ollscoil.

Dúirt an breitheamh, leis, nár léirigh an eagraíocht Beter Onderwijs Nederland go sásúil cén dochar a dhéanfadh úsáid an Bhéarla sa dá bhunchéim áirithe a bhí faoi chaibidil go sonrach sa chás cúirte do shochaí na hÍsiltíre i gcoitinne, mar a bhí á mhaíomh ag an eagraíocht.

Baineann cinneadh na cúirte le bunchéimeanna síceolaíochta Ollscoil Maastricht agus Ollscoil Twente amháin. Dúirt an breitheamh ‘nach faoin gcúirt é seasamh a thógáil sa díospóireacht faoi thábhacht na hÍsiltírise do chaighdeán an oideachais tríú leibhéal’. Faoi na hinstitiúidí tríú leibhéil iad féin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an gceist sin, dar leis an mbreitheamh, agus faoi rannóg chigireachta na Roinne Oideachais, Cultúir agus Eolaíochta agus faoi Aire na Roinne céanna atá sé súil a choinneáil ar pholasaithe na n-institiúidí tríú leibhéal.

Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn ollmhór déanta ag an mBéarla mar theanga theagaisc i gcúrsaí tríú leibhéal san Ísiltír. I mbliana, tá 75,000 mac léinn ón iasacht ag freastal ar institiúidí tríú leibhéal san Ísiltír. Béarla an teanga theagaisc i 23% de na cúrsaí bunchéime agus i 74%(!) de na cúrsaí iarchéime. I nach mór 10% de na cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil san Ísiltír, is mionlach sa seomra ranga iad na mic léinn ón Ísiltír féin.

Cuireann úsáid an Bhéarla mar theanga theagaisc le cuntais bhainc agus le stádas idirnáisiúnta na n-institiúidí tríú leibhéal, ach dar leis an eagraíocht Beter Onderwijs Nederland go bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh do shochaí na hÍsiltíre i gcoitinne. 

‘Tá meath ag teacht ar chumas na ndaoine siúd a líonfaidh postanna tábhachtacha sa saol poiblí amach anseo iad féin a chur in iúl in Ísiltíris,’ a dúirt Ad Verbrugge, cathaoirleach Beter Onderwijs Nederland agus léachtóir le fealsúnacht ag Saor-Ollscoil Amsterdam, ar shuíomh an chraoltóra náisiúnta NOS thiar i mí na Bealtaine.

I ráiteas ar an suíomh acu, deir an eagraíocht Beter Onderwijs Nederland nach bhfuil siad míshásta le cinneadh na cúirte ina gcoinne, toisc go bhfuil ‘go leor túsphointí úsáideacha tugtha ag an mbreitheamh chun cás níos láidre a thógáil amach anseo i gcoinne ró-úsáid an Bhéarla’.

Fág freagra ar 'Lánchead ag dhá ollscoil san Ísiltír cúrsaí a thairiscint i mBéarla – breitheamh'