Tá Laitviach mná, Ieva Mainardi, ceaptha ina ceannaire ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge i bParlaimint na hEorpa. Bunaíodh an t-aonad nua seo ag tús an tsamhraidh.
Níl aon deimhniú faighte go fóill ag Tuairisc.ie cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge ar a toil ag Ieva Mainardi.
Bhíodh an fhoireann aistritheoirí a bhí ag plé leis an nGaeilge ag obair mar chuid de Chomhaonad an Bhéarla agus na Gaeilge. Bunaíodh aonaid eile Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa agus i gComhairle na hEorpa seacht mbliana ó shin.
Is iad Colmcille Ó Monacháin agus Seán Hade, Éireannaigh beirt, a ceapadh ina gceannairí ar na haonaid eile sin in 2010.
Bhí comórtas oscailte ar siúl níos luaithe i mbliana chun Ceann Aonaid a cheapadh ar an aonad nua Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus d’éirigh le Ieva Mainardi sa gcomórtas sin.
Thug foinse shinsearach in institiúidí na hEorpa le fios do Tuairisc.ie go dtarlaíonn sé go mbíonn daoine i gceannas ar aonaid teanga i gComhairle na hEorpa agus gan príomhtheanga na n-aonad sin ar a dtoil acu, ach nár tharla sé cheana i bParlaimint na hEorpa ná i gCoimisiún na hEorpa.
Dúradh nach bhfuil ceann aonaid teanga ar bith eile i bParlaimint na hEorpa faoi láthair nach bhfuil an teanga atá faoi chúram an aonaid aige.
“Is ait liom gur roghnaíodh Laitviach ann díreach anois agus maolú na Gaeilge ina phríomhábhar i ngach institiúid. Bheifeá ag súil go gceapfadh an Pharlaimint duine a mbeadh tuiscint an-mhaith aige ar cheist na Gaeilge agus ar impleachtaí an mhaolaithe,” a dúradh le Tuairisc.ie.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Pharlaimint na hEorpa faoin gceapachán.
Beidh Ieva Mainardi ag dul i mbun a cúraim go luath san athbhliain.
Maitias
An bhfuil Gaeilgeoirí sách inniúla ann a bheadh in ann an deis sin a thapú? Luadh níos luaithe ar Tuairisc.ie go bhfuil géarchéim ann i dtaobh múinteoirí le Gaeilge a earcú sna Gaelscoileanna. Féiniméan dochreidte eisceachtúil é seo in aon tír ar domhan .i. go mbeadh an Ceann Aonaid gan teanga an Aonaid aige/aici. Ach cá hionadh sin i bhfianaise a bhfuil luaite thuas. Tá agus bhí aistritheoirí mórthuarastail Gaeilge ag obair sa Bhruiséil agus is túisce leo Béarla a labhairt ag an obair, sa cheaintín, chuile áit maguaird. ‘Obair’ is ea an Ghaeilge, bíonn briseadh ag teastáil.
Feargal Mac Amhlaoibh
B’fhéidir go gceapfar ceannaire sóisearach le Gaeilge faoi mar atá á dhéanamh ag rialtas na hÉireann le Roinn na Gaeltachta.
cliodhna
B’fhéidir go gcasfadh na haistritheoirí thall ar Laitviais a labhairt léi!