Láithreoirí nua fógartha do chuid de phríomhchláir Raidió na Gaeltachta

Tá sé fógartha ag RnaG go mbeidh láithreoirí nua ar Adhmhaidin, Iris Aniar agus Nuacht a hAon agus athruithe déanta ar sceideal an stáisiúin

Láithreoirí nua fógartha do chuid de phríomhchláir Raidió na Gaeltachta

Beidh láithreoirí nua ar chuid de phríomhchláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo amach agus Sceideal an Fhómhair fógartha ag an stáisiún.

Tá sé fógartha ag RnaG go mbeidh láithreoirí nua ar Adhmhaidin, Iris Aniar agus ar Nuacht a hAon agus athruithe déanta ar sceideal an stáisiúin.

Is iad Máirín Ní Ghadhra, colúnaí de chuid Tuairisc, agus Séamus Ó Scanláin a bheidh anois ag cur Adhmhaidin, príomhchlár chúrsaí reatha RnaG, i láthair as seo amach.

Bhí Gormfhlaith Ní Thuairisg ina láithreoir ar an gclár le deich mbliana anuas ach d’fhág sí RnaG níos luaithe i mbliana le dul ag obair mar Bhainisteoir Cumarsáide le hÚdarás na Gaeltachta.

Tá na blianta caite ag Máirín Ní Ghadhra ag plé le cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha le RnaG. Is í a chuireann an clár cúrsaí reatha An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra i láthair agus cuireann sí an clár 7Lá ar TG4 i láthair freisin.

Tá Séamus Ó Scanláin ag obair le RnaG ó 2014. Chuir sé an tsraith An Chéad Ghliún Eile i láthair ar an stáisiún.

Cuirfidh Máirín Ní Ghadhra Adhmhaidin i láthair ó Luan go Céadaoin agus beidh Séamus Ó Scanláin mar láithreoir ar an gclár Déardaoin agus Dé hAoine.

Máire Bríd Ní Chualáin a bheidh sa chathaoir ar Iris Aniar, an clár irise a dhíríonn ar cheantair Ghaeltachta Chúige Chonnacht agus na Mí. Micheál Ó Tuathail a bheidh i mbun léirithe agus deir RnaG go mbeidh foireann an chláir ag dul amach i measc an phobail go rialta chun scéalta daoine a insint.

Fionnuala Uí Neachtain a bhíodh ag cur Iris Aniar i láthair ach beidh sí mar láithreoir ar Nuacht a hAon ón 19 Meán Fómhair.

Tá dhá chlár nua fógartha ag RnaG mar chuid de Sceideal an Fhómhair.

Cuirfidh Séamus Ó Scanláin Céapar na Céadaoine i láthair gach Céadaoin ag 2.05 pm. Clár comhrá agus siamsaíochta, le scéalta an phobail, ceol agus “go leor gáire” a bheidh ann, a deir RnaG.

Chomh maith leis sin, cuirfidh Cárthach Bán Breathnach clár nua, Cúlchaint, i láthair gach Aoine ag 2.35pm. Beidh Bán Breathnach i mbun comhrá le lucht spóirt faoin saol atá acu taobh amuigh de chúrsaí spóirt.  Is é Seán Denvir, iar-pheileadóir na Gaillimhe, an aoi a bheas aige sa chéad chlár. I measc na n-aíonna eile a bheidh le cloisteáil sa tsraith, beidh Naomi Ní Chearbhaill, Éabha Rutledge, Paul Flanagan, Éanna Ó Conchúir agus Mairéad Seoighe.

Deir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta gur chun leasa an stáisiúin na hathruithe a rinneadh ar an sceideal.

“Mar a fheicfidh daoine, tá roinnt athruithe foirne déanta, agus cloisfear craoltóirí in áiteacha nua, agus cur chuige a bheas difriúil agus úr ar chláracha. Rachaidh na forbairtí seo chun leasa na seirbhíse, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, chun leasa éisteoirí na seirbhíse sa bhaile nó i bhfad i gcéin,” a deir sé.

“Mar chuid de cheiliúradh an leathchéid i mbliana, theastaigh uainn an Raidió a thabhairt amach i measc an phobail. Rinne muid sin, agus leanfar leis sa bhFómhar agus muid le bheith ar cuairt ag pobail éagsúla le craoltaí seachtracha, coirmeacha ceoil, clúdach ar ócáidí agus imeachtaí ar nós Oireachtas na Gaeilge, rud nach raibh muid in ann a dhéanamh le fada, agus tá muid ag súil go mór leis.”

Cuan an Cheoil, Ceol go hAer agus Cuideachta Ceoil i measc na gclár ceoil a bheidh ag filleadh i rith an fhómhair agus beidh Bladhaire le hÁine Ní Bhreisleáin ag teacht ar ais le séasúr nua chomh maith.

Fág freagra ar 'Láithreoirí nua fógartha do chuid de phríomhchláir Raidió na Gaeltachta'

  • Liam

    Go n-éirí leo