LÁITHREACH BONN: Géarchéim na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc

Cathal Mac Coille, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, a bheidh mar chathaoirleach ag an seimineár atá á eagrú mar chuid den tsraith Láithreach Bonn

LÁITHREACH BONN: Géarchéim na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc

Pléifear géarchéim na Gaeilge agus na Gaeltachta ag seimineár ar líne atá á reáchtáil ag Tuairisc ag meán lae inniu.

Tá fáilte roimh chách chuig an díospóireacht ar féidir clárú di anseo.

Cathal Mac Coille, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, a bheidh mar chathaoirleach ar an bplé a thosóidh ag 12pm tráthnóna ar Zoom.

Páirteach sa chomhrá inniu, beidh Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge, OÉ Gaillimh, agus Darach Ó Scolaí, údar agus foilsitheoir. 

Tá plé Tuairisc á chraoladh tráthnóna mar chuid den tsraith Láithreach Bonn a dhéanann plé ar ghéarchéimeanna ár linne.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Géarchéim na Gaeilge agus na Gaeltachta le plé ag seimineár ar líne Tuairisc'