LÁITHREACH BONN 24: An tAE ag iarraidh ar fhathaigh na teicneolaíochta na toghcháin a chosaint ón mí-eolas

Tá treoracha nua foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le maoirseacht ábhair ar líne chun dul i ngleic le scaipeadh mí-eolais agus domhainbhrionnuithe

LÁITHREACH BONN 24: An tAE ag iarraidh ar fhathaigh na teicneolaíochta na toghcháin a chosaint ón mí-eolas

Tá an tAE ag iarraidh ar Facebook, TikTok, YouTube, X agus fathaigh eile an tsaoil dhigitigh dul an-dian ar dhomhainbhrionnuithe (deep fakes) roimh na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh.

Tá treoracha nua foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le maoirseacht ábhair chun dul i ngleic le scaipeadh mí-eolais a d’fhéadfadh cur as do na toghcháin.

Tá sé ina imní mhór san AE go bhféadfaí cur isteach ar na toghcháin leis an mí-eolas, na domhainbhrionnuithe agus an haiceáil.

Tá na treoracha eisithe faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha ina bhfuil 22 ardán áirithe mar ardáin “an-mhór” a bhfuil dualgais ar leith orthu ó thaobh na maoirseachta ábhair.

De réir na dtreoracha, ba chóir do na hardáin seo an baol a bhaineann leis an intleacht shaorga a mhaolú trí lipéad soiléir a chur ar ábhar a ghintear leis an AI. Ba chóir freisin lipéad soiléir a chur ar ábhar ar fógraíocht pholaitiúil é.

Moltar chomh maith go gcuirfeadh na hardáin mhóra chun cinn eolas “oifigiúil” faoi na toghcháin seachas ábhar a chruthaítear ar mhaithe le hairgead a dhéanamh nó chun go scaipfí go rábach é.

“Leis na treoracha atá á n-eisiúint inniu againn tá leas iomlán á bhaint againn as na huirlisí atá ar fáil dúinn faoin DSA [an tAcht Seirbhísí Digiteacha] lena chinntiú go gcomhlíonann siad na dualgais atá orthu agus nach mbaintear mí-úsáid astu chun cur isteach ar ár dtoghcháin, agus lena chinntiú, ag an am céanna, go dtugtar cosaint dár saoirse cainte,” a dúirt Thierry Breton, Coimisinéir an Mhargaidh Inmheánaigh.

Cé nach gcuireann na treoracha aon cheangal dlí ar na comhlachtaí, mura gcloíonn siad leo ní foláir dóibh a chruthú go bhfuil beartais eile á gcur i bhfeidhm acu atá “chomh héifeachtach céanna” leo.

Is féidir leis an AE eolas breise a lorg ó na comhlachtaí agus mura bhfuiltear sásta leis na beartais atá á gcur i bhfeidhm, is féidir fíneálacha móra a ghearradh ar na comhlachtaí.

D’fhéadfaí fíneáil luach 6% d’ioncam domhanda comhlachta a ghearradh air sa chás nach gcomhlíonann sé a dhualgais.

Beidh ar chomhlachtaí foirne speisialta a bhunú agus dóthain acmhainní a thabhairt dóibh chun súil ghéar a choimeád ar an gcineál ábhair atá á scaipeadh ar a n-ardáin.

Moltar, mar shampla, go bpreabfadh foláireamh aníos ar an scáileán nuair a chromann duine ar ábhar a roinnt atá bréagnaithe cheana féin. Ba chóir freisin, a deirtear, córas éigeandála a bheith faoi réir sa chás go mbeadh, mar shampla, domhainbhrionnú de cheannaire Eorpach á scaipeadh go mear.

Beidh ar na comhlachtaí a chinntiú chomh maith go mbeidh éagsúlacht ó thaobh ábhair ar a gcuid ardán.

Léirigh taighde a rinneadh faoi thoghchán uachtaránachta na Fionlainne níos túisce i mbliana gur cuireadh borradh níos mó ar ardáin amhail YouTube faoi ábhar frith-imirce agus ábhar a bhain leis an eite fhíordheis.

Cáineadh comhlachtaí eile amhail Facebook mar nach raibh dóthain modhnóirí acu a bhí líofa i dteangacha neamhfhorleathana. Dúradh, mar shampla, nach raibh dóthain maoirseoirí a raibh Slóvaicis acu fostaithe ag Facebook agus TikTok le linn an olltoghcháin sa tSlóvaic an bhliain seo caite.

Dúirt an Coimisiún Eorpach go raibh sé i gceist bréagscrúdú a dhéanamh i gcomhar le roinnt de na hardáin mhóra ar na córais atá acu chun na toghcháin a choimeád slán ón mí-eolas agus ó ionsaithe ar líne.

 

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: An tAE ag iarraidh ar fhathaigh na teicneolaíochta na toghcháin a chosaint ón mí-eolas'