Lagóidh mearcheapadh Zappone mar ionadaí speisialta údarás an Taoisigh

Is léir an fhaillí a rinne Leo Varadkar agus Simon Coveney nuair nár chuir siad an Taoiseach ar an eolas faoin moladh go gceapfaí Katherine Zappone

Lagóidh mearcheapadh Zappone mar ionadaí speisialta údarás an Taoisigh

Níor dúradh roimh ré le Micheál Martin go molfadh Simon Coveney go gceapfaí an t-iar-aire Katherine Zappone mar ionadaí speisialta ag cruinniú an rialtais Dé Céadaoin.

Ní foláir a shoiléiriú láithreach agus an ceapachán á phlé nach mbaineann an fhearg a chuir an cheilt eolais ar chomhghleacaithe Fhine Gael sa chomhrialtas in aon chor le cumas an iar-aire. Ní droch-cheapachán a spreag a míshuaimhneas ach drochbhéasa, ar a laghad.

Teastaíonn muinín idir ceannairí na bpáirtithe a théann i mbun comhrialtais. Ní gá dóibh aontú le chéile i gcónaí agus, taobh amuigh d’uaireanta vótála i nDáil Éireann, ní bhíonn cur chuige lán-aontaithe idir a lucht leanúna riachtanach ach oiread. Ach ní foláir do na ceannairí teacht ar chomhshocrú faoin tslí ina láimhseáiltear ábhair achrannacha agus ábhair easaontais.

Is dlúthchuid chomh maith í den chomhthuiscint a theastaíonn chun comhrialtas a choinneáil ar snámh go mbíonn ceannairí agus airí toilteanach eolas a roinnt lena chéile, go háirithe má bhíonn fadhb nó rogha chonspóideach ag teannadh leo. Rinne aire rialtais a labhair leis an scríbhneoir seo tamall ó shin cur síos beacht ar an mbunriachtanas. “No surprises,” a dúirt sé.

Bíonn cruinniú ag Micheál Martin, Leo Varadkar agus Eamon Ryan le chéile roimh gach cruinniú rialtais d’fhonn ábhar ar bith a tharraingeodh achrann nó éiginnteacht inseachanta a réiteach nó a bhaint de chlár chruinniú an rialtais. Is léir mar sin an fhaillí a rinne Varadkar agus Simon Coveney nuair nár chuir siad an Taoiseach ar an eolas faoin moladh go gceapfaí Zappone.

Níl faisnéis oifigiúil iomlán faoinar tharla curtha ar fáil fós, ach is léir nár chuir an bheirt eolas mar ba chóir ar fáil:

Faoin bhfáth gur roghnaíodh Zappone

Faoin bhfáth nár fógraíodh a post

Faoin bhfáth nár tugadh deis do dhaoine eile cur isteach ar an bpost

Faoin gcomhrá a bhí ag Zappone le Coveney sular ceapadh í

Faoi ráiteas Varadkar go ndúirt sí le Coveney go raibh spéis aici sa phost

Faoin tslí ina bhfuair sí amach, más fíor, go raibh ceapachán beartaithe

Faoin obair a dhéanfaidh sí sna Náisiúin Aontaithe

Faoin bhfáth nár chuir Coveney ná Varadkar an Taoiseach ar an eolas.

D’admhaigh Simon Coveney agus Leo Varadkar tar éis chruinniú an rialtais go ndearnadh botún agus ceapadh Zappone á mholadh gan é a bheith pléite le Micheál Martin roimh ré. Rinne foinsí i bhFine Gael iarracht beag is fiú a dhéanamh den scéal agus béim á cur acu ar an obair pháirtaimseartha atá i gceist agus ar an gcúiteamh €15,000 a thairgfear don iar-aire.

Ní leor in aon chor an fhaisnéis seo mar fhreagra ar cheisteanna an fhreasúra, ná ar an míshásamh a cuireadh ar mhórán daoine a dúirt gur sampla lofa de chairdeas fabhair é an cinneadh post a thairiscint d’iar-aire gan deis a thabhairt do dhaoine eile cur isteach air.

Dúradh go forleathan ar na meáin shóisialta go mbeadh go leor daoine sa tír breá sásta dá dtairgfí €15,000 dóibh (mar atá beartaithe) mar chúiteamh ar 50 lá oibre. Ní theastódh stuaim as cuimse, shílfeá, chun cur ina luí ar Thaoiseach (a) nárbh fhiú an toradh an trioblóid a ghabh le ceapadh Zappone, nó (b) nach gceapfaí í gan machnamh tomhaiste a dhéanamh ar an gceapachán agus ar an ráiteas a theastódh lena fhógairt go poiblí.

Tá an dochar déanta faoin am seo, agus ráitis an Taoisigh, an Tánaiste agus Eamon Ryan faoin scéal á gcáineadh go láidir ag an bhfreasúra agus ag go leor daoine eile. Rinne duine de Theachtaí Dála Fhianna Fáil Barry Cowen an cáineadh ba ghéire b’fhéidir ar dhearcadh an Taoisigh ar an scéal, gan a ainm a lua.

“Dá n-iarrfaí orm cinneadh a dhéanamh cheal lán-eolais, i ndeireadh báire ní dhéanfainn é,” a dúirt Cowen.

Is laistigh dá pháirtí féin mar sin a rinneadh an lochtú ba dhéine ar Mhicheál Martin. Ar ndóigh déarfar go mbeadh súil lena leithéid ó Theachta Dála ar chuir an Taoiseach brú air éirí as a phost tar éis 17 lá.

Ach ní bhaineann a scéal pearsanta an bonn dá ghearán indíreach. Is laige smacht an Taoisigh ar an Rialtas toisc nár chuir sé iachall ar a chéilí comhrialtais a gcuid oibre a dhéanamh mar ba chóir í a dhéanamh i ngach rialtas, ach go háirithe i gcomhrialtas.

Fág freagra ar 'Lagóidh mearcheapadh Zappone mar ionadaí speisialta údarás an Taoisigh'