Lagmhisneach máthar – an bhfuil aon Ghaeilge fágtha ag aon duine sa teach seo ar chor ar bith?

Le sé mhí anuas nó mar sin, tá athrú tugtha faoi deara ag ár gcolúnaí agus Béarla á labhairt ag na gasúir san áit a mbíodh Gaeilge á labhairt i gcónaí acu

Lagmhisneach máthar – an bhfuil aon Ghaeilge fágtha ag aon duine sa teach seo ar chor ar bith?

LÉARÁID: CÓS/TUAIRISC.IE

‘Ach an bhfuil aon Ghaeilge fágtha ag aon duine sa teach seo ar chor ar bith?’ a d’fhógair mé an tráthnóna cheana agus mé áit éicint idir a bheith coipthe agus buailte ag an lagmhisneach.

Dhírigh Beainín na Naíonáin Bheaga aníos ón áit a raibh an triúr acu ina suí ag spraoi leis an Lego agus bhí cuma sách coipthe uirthi féin.

‘Tá neart Gaeilge againn!’ a dúirt sí liom agus mheas mé gur airigh sí go raibh drochmheas á chaitheamh agam uirthi.

Le sé mhí anuas nó mar sin, tá athrú tugtha faoi deara againn, san áit a mbíodh Gaeilge á labhairt i gcónaí, nó den chuid is mó, ag na gasúir linne agus eatarthu féin, feictear dom go bhfuil an Béarla tagtha in uachtar.

Cé go raibh mé ag tabhairt amach an lá cheana, ní hé go bhfuil olc orm leo. Cén chaoi a mbeadh? Tá siadsan ag déanamh a mbealach i saol atá dátheangach, ina bhfuil an Béarla thart orthu chuile áit agus tá siad ag iarraidh an dá theanga a thabhairt leo ag an am céanna.

‘Má tá Gaeilge agaibh,’ a deir mé, ‘tuige nach bhfuil sibh á labhairt?’

‘Tá muid á labhairt!’ a dúirt sí agus an lego leagtha uaithi faoin am seo ar mhaithe le haghaidh ceart a thabhairt ar an gcomhrá.

‘Bhuel, níl sibh á labhairt mar a bhíodh sibh,’ a dúirt mé go clamhsánach.

‘Tá tú ag tabhairt amach dhúinne, is tá tú fhéin flat-out ag caint Béarla!’ a dúirt sí liom ansin.

‘Céard?’ a dúirt mé, agus gal ag teacht amach as mo chluasa.

‘Deireann tú couch, is deireann tú fridge, is deireann tú ham…’ a dúirt sí.

‘Bhuel… bhuel…’ a dúirt mé, mar gur fíor di go mbím ag rá couch, agus fridge, agus ham agus míle agus céad focal eile i mBéarla.  (Bím á rá, dála an scéil, nuair atá údar agam na focail sin a úsáid sa gcaint, ní hé go dtéim timpeall an tí á gcanadh os ard ina rannta.)

‘Agus chuala mé ar ball thú is dúirt tú ‘it’s not a competition!’ a deir sí, agus mo chuid coireanna á liostáil amach aici.

Is é an t-údar go mbím ag tabhairt amach, tuigim anois é, ná go bhfuil imní orm go gcaillfidh siad a gcuid Gaeilge agus is dóigh gurb é an rud ba cheart dom a dhéanamh ná é sin a mhíniú dóibh ar bhealach réasúnta, ciallmhar, seachas foighid a chailleadh leo.

‘Bhuel, tá súil agam go bhfuil tú ag labhairt Gaeilge le do mhúinteoir, ar a laghad,’ a dúirt mé leis an mBabaí an tráthnóna cheana agus mé ag seanmóireacht.

‘Well Mamaí, I was talking Gaeilge AND I was talking Béarla,’ a mhínigh sé dom agus é ag caint go réidh, soiléir.

‘Cén chaoi Gaeilge agus Béarla?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Well, I was saying, ‘where’s my mála?’, ‘más é do thoil é’, ‘go raibh maith agat’, and things like that,’ a mhínigh sé.

Fág freagra ar 'Lagmhisneach máthar – an bhfuil aon Ghaeilge fágtha ag aon duine sa teach seo ar chor ar bith?'

  • Carraig

    Ladhar an chasúir go deimhin. Tá rud éigin tarlaithe ar scoil ní foláir. Cara éigin a mbíonn an béarlagar sin aige/aici. Nó an múinteoir? Déanann córas oideachais na hÉireann milleadh ar a lán. Coinnigh do mhisneach, is mó triail eile a chuirfear ort.

  • Learraí

    Chaithfeá gáirí a dhéanamh! Chomh haibidh, chomh macánta saonta is atá siad! Ní haon teangeolaí mé ach tuigim go bhfui sé an-deacair páistí a thógáil le Gaeilge i dtír seo an Bhéarla. An eagla a bheadh ormsa go n-iompóidh siad in aghaidh na teanga ar fad. Tárlaíonn sé sin freisin. ‘Du courage’ a chara.

  • Carraig

    Dá mbeadh páistí óga agamsa inniu choinneoinn sa mbaile ón scoil iad agus chuirfinn féin oiliúint orthu. Tá mórán daoine ann a coimeádadh sa mbaile ón scoil a rinne go sármhaith sa saol. Fiontraithe, smaointeoirí mór le rá srl. Cailleann an-chuid páistí a neamhspleáchas intinne, a n-iltréitheacht, a misneach fiù, sa scoil. Smál is ea é seasamh amach ón tréad, a bheith bunoscionn leis an slua-mhachnamh. Ní cothromú é ach comhionnannú. Bíonn brú damanta ar pháistí beaga a bheith ar aon dul lena chéile. Tosaíonn an bhulaíocht níos deireannaí más duine ‘deoranta’ tú ar aon bhealach. Féadfaidh siad aithne a chur ar sheanóirí an cheantair, cuir i gcás. Ná milltear an óige ar an óige. “Tá tír na n-óg ar chúl an tí”.

  • Aine

    bhain mé an-taitneamh as an bpíosa ionraic seo mar gheall go bhfuil sé chomh fíor sin – cé go bhfuil teachtaireacht láidir ann ó thaobh na dúshláin atá romhainn ag iarraidh a bheith ag mealladh an chéad ghlúin eile — ní bhíonn na gasúir i bhfad ag inseacht dhuit na rudaí go léir a dhéanann tusa as bealach!!!!
    Coinnigh do mhisneach a Bhridget,,,, is iomaí uair a ceartaíodh ar an tslí chéanna mé fhéin…. bíonn muid i gcónaí á gceistiú féin an mó dochair ná maitheas a bhíonn á dhéanamh againn nuair a bhíonn orainn a bheith ag meabhrú dóibh a bheith ag Gaeilgeoireacht.. ach níl Gaeilge ag Superman a mhama agus freisin labhraíonn siad i ngnáthchaint a gcuid piaraí/na gasúir a mbíonn siad ag spraoi leo…. ní féidir leat cairde scoile a fhágáil ar lár mar nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ….is olc an rud le rá é ach is beag béime a chuirtear ar shaibhriú teanga nuair a bhíonn gasúir ag sóisialú agus is beag ceartú a dhéantar orthu agus iad i mbun comhrá le chéile… ní dóigh liom go nglacadh na hoideachasóirí agus na tuismitheoirí céanna le drochBhéarla den chineál céanna… dúshlán mór romhainn agus muid ag tógáil ár gclann le Gaeilge ar mionteanga í… fiú sa nGaeltacht anois ach amháin go bhfuil ábhar dóchais againn go bhfuil seirbhísí/ranganna á gcur ar fáil anois taobh amuigh de am scoile agus polasaí teanga i bhfeidhm iontu… misneach don ghasúr go bhfuil áiteachaí eile a bhfuil an Ghaeilge mar theanga spraoi – feidhm léi taobh amuigh den bhaile agus den scoil…..ach tá an síol curtha agat a Bhridget…. nach aoibheann do na gasúir é