Laghdú tagtha ar líon na ndaoine a fuair bás sa Ghaeltacht in ainneoin na paindéime

Cláraíodh ar RIP.ie 127 bás sna ceantair Ghaeltachta le dhá mhí anuas, laghdú beagnach 20% ar líon na mbásanna a cláraíodh sa Ghaeltacht idir Aibreán agus Bealtaine 2019

Laghdú tagtha ar líon na ndaoine a fuair bás sa Ghaeltacht in ainneoin na paindéime

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na fógraí báis ar RIP.ie, in ainneoin na paindéime bhásaigh níos lú daoine sa Ghaeltacht in Aibreáin agus Bealtaine na bliana seo ná mar a bhásaigh sa dá mhí sin anuraidh.

Cé gur laghdú a bhí i gceist sna ceantair Ghaeltachta, tháinig méadú 12% ar líon na ndaoine a bhásaigh sna contaetha Gaeltachta i gcomparáid le 2019.

Léiríonn líon na mbásanna atá á bhfógairt ar RIP.ie tionchar an choróinvíris ar an tír agus tá méadú tagtha ar líon na bhfógraí báis a foilsíodh ar an suíomh i gcomparáid leis an dá bhliain seo caite.

Fógraíodh 2,530 bás sna contaetha Gaeltachta ar an suíomh mí Aibreáin agus mí Bealtaine, méadú 247 ar líon na ndaoine ar fógraíodh a mbás in 2019 agus méadú 360 ar na figiúirí don tréimhse chéanna in 2018.

Ar ndóigh, ní bunachar básmhaireachta é an suíomh RIP.ie ach, cé nach foirfe é, glactar leis mar acmhainn fhiúntach chun an ráta básmhaireachta a scrúdú agus tá ráite ag NPHET féin go dtugann an suíomh léiriú ar thionchar an ghalair ar líon na mbásanna sa tír.

Léiríonn taighde a rinne Gerard McCarthy as Ollscoil Mhá Nuad agus Pádraig MacCarron as Ollscoil Luimnigh go raibh líon na bhfógraí báis ar an suíomh idirlín i mí an Aibreáin i mbliana níos airde ná mar a bhíonn de ghnáth in go leor contaetha.

Léiriú láidir ar a mharfaí agus atá an Covid-19 is ea líon na marbh a bheith méadaithe i gcomparáid le blianta eile, go háirithe ó tharla nach ionann an tslí a ndéanann tíortha éagsúla tuairisciú ar bhásanna. D’uireasa sonraí eile, bealach amháin is ea na fógraí báis chun a fháil amach an bhfuair níos mó daoine bás ná mar is gnáth.

De réir McCarthy agus MacCarron, cláraíodh an líon is airde riamh fógraí báis ar RIP.ie i mí an Aibreáin 2020 sa tír ar fad, ach iad a bheag nó a mhór mar a bhí siad i mí Eanáir 2017 agus 2018 nuair a bhuail drochráig fliú an tír seo.

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie, áfach, is ar éigean go raibh aon tionchar ag Covid-19 ar líon na mbásanna a fógraíodh i gceantair Ghaeltachta.Fógraí báis ar Rip.ie i gceantair Ghaeltachta

Fógraí báis ar Rip.ie i gceantair Ghaeltachta

Aibreán & Márta 2020 Aibreán & Márta 2019 Aibreán & Márta 2018
Gaillimh 36 39 34
Dún na nGall 43 72 53
Ciarraí 12 12 15
Corcaigh 3 7 6
Port Láirge 2 1 2
An Mhí 0 2 1
Maigh Eo 31 24 24
Iomlán 127 157 135

Fógraíodh 127 bás sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre le dhá mhí anuas, laghdú beagnach 20% ar an 157 fógra báis a cláraíodh sa Ghaeltacht idir Aibreán agus Bealtaine 2019. 135 bás a cláraíodh le RIP.ie sa Ghaeltacht sa tréimhse sin in 2018.

I Maigh Eo agus i bPort Láirge amháin a tháinig ardú ar líon na bhfógraí báis i gceantair Ghaeltachta i mbliana.

Cláraíodh ar RIP.ie 31 fógra báis i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo in Aibreán agus Bealtaine na bliana seo, i gcomparáid le 24 fógra báis sa tréimhse chéanna anuraidh.

Bhí Iorras i measc na gceantar Gaeltachta is measa a bhí buailte ag an bpaindéim agus tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite go raibh seachtar a bhí ag fáil cúraim i dteach altranais i mBéal an Mhuirthead tar éis bháis de bharr an ghalair Covid-19.

Méadú beag a bhí i gceist i bPort Láirge agus ceantair Ghaeltachta luaite le dhá fhógra báis in Aibreán agus Bealtaine na bliana seo, i gcomparáid le ceann amháin in 2019.

Tháinig titim os cionn 40% ar líon na ndaoine a fuair bás i nGaeltacht Dhún na nGall sa tréimhse seo i mbliana i gcomparáid le 2019. Fógraíodh 72 bás sna ceantair Ghaeltachta sa chontae ar RIP.ie in Aibreán agus Bealtaine na bliana 2019, thit sin go dtí 43 duine i mbliana, in ainneoin na paindéime.

I gCorcaigh, thit líon na ndaoine a fuair bás sa Ghaeltacht ó sheachtar go dtí triúr don dá mhí sin. Laghdú triúir a bhí i gceist i nGaillimh, áit líon na bhfógraí báis Gaeltachta ó 39 go dtí 36.

Fógraí báis ar Rip.ie i gcontaetha Ghaeltachta

Aibreán & Márta 2020 Aibreán & Márta 2019 Aibreán & Márta 2018
Gaillimh 349 371 296
Dún na nGall 208 249 231
Ciarraí 315 291 316
Corcaigh 924 724 697
Port Láirge 177 192 148
An Mhí 278 197 200
Maigh Eo 279 259 282
Iomlán 2,530 2,283 2,170

Go ginearálta, na háiteanna is mó a mbíonn daonra, is measa a bhíonn buailte ag Covid-19 agus buntáiste ag na ceantair Ghaeltachta dá réir.

I mBaile Átha Cliath a bhí thart ar leath de na cásanna den Covid-19 sa stát seo agus cláraíodh os cionn 1,200 fógra báis ar RIP.ie i rith an Aibreáin i mbliana, i gcomparáid le 690 bás ar an meán blianta eile.

Cláraíodh 20% níos mó básanna i mBaile Átha Cliath ar RIP.ie i mbliana ná an uair ab airde riamh iad, mí Eanáir 2018.

Fág freagra ar 'Laghdú tagtha ar líon na ndaoine a fuair bás sa Ghaeltacht in ainneoin na paindéime'