Laghdú ar sheirbhísí ateangaireachta cúirte

Costas na seirbhíse ateangaireachta i gcúirteanna na tíre tite 66% le sé bliana anuas

20/11/2014 Morning Fog
Pictúir: Photocall Ireland

Chosain ateangaireacht go Béarla €1.26m ar sheirbhís na gcúirteanna le linn na bliana seo caite ach ba in áit na leathphingine a bhí an caiteachas ar ateangaireacht ón nGaeilge.

Cuireadh seirbhísí ateangaireachta ar fáil i 6,728 cás agus ba í an Pholainnis a bhí ar bharr liosta na n-éileamh.

Úsáideadh ateangaireacht ón bPolainnis i 1,781 cás – sin os cionn an ceathrú cuid de na cásanna ar theastaigh aistriúchán ó bhéal lena n-aghaidh.

Níl figiúirí iomlána le fáil fós ó Sheirbhís na gCúirteanna maidir leis an gcaiteachas ar ateangaireacht ón nGaeilge ach tuigtear do Tuairisc.ie gur mionchaiteachas a bhí i gceist mar nach raibh an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó a raibh éileamh orthu sna cúirteanna.

Seo mar a bhí na figiúirí a bhain leis na deich dteanga sin:

  1. Polainnis (26%)
  2. Rómáinis (19%)
  3. Liotuáinis (17%)
  4. Rúisis (7%)
  5. An Mhandairínis (6%)
  6. Vítneaimís (3%)
  7. Araibis (3%)
  8. Laitvis (3%)
  9. Ungáiris (1.5%)
  10. Seicis (1.4%)

De bharr socrú nua a rinne Seirbhís na gCúirteanna tar éis próiseas tairisceana poiblí, is 3 chomhlacht ar leith a chuireann an ateangaireacht ar fáil anois ar bhonn náisiúnta do chúirteanna na tíre.

Dá thoradh sin, agus de bharr laghdú ar an éileamh ar sheirbhísí ateangaireachta le roinnt blianta anuas, thit costas na seirbhíse sin 66% le sé bliana anuas.

Dúirt Seirbhís na gCúirteanna gur chuireadar seirbhísí ateangaireachta ar fáil i gcás 210 teanga agus canúint éagsúil le scór blianta anuas.

Íocadh beagnach €600,000 leis an gcomhlacht Translation.ie agus beagnach €360,000 le Lionbridge International as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar le linn 2013.

Deirtear i dtuarascáil bhliantúil Sheirbhís na gCúirteanna don bhliain 2013 atá díreach foilsithe, gur chabhraigh an córas nua lárnaithe le seirbhísí ateangaireachta ar chaighdeán níos airde a sholáthar do na cúirteanna agus d’úsáideoirí na gcúirteanna.

Ní bhíonn ateangaireacht riachtanach don Ghaeilge i gcás cúirte nuair atá an teanga ar a dtoil ag an mbreitheamh agus ag na páirtithe éagsúla atá gafa leis an gcás.

 

Fág freagra ar 'Laghdú ar sheirbhísí ateangaireachta cúirte'