Laghdú ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge don A-Leibhéal, an Fhraincis imithe chun cinn uirthi

Laghdú ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge don A-Leibhéal, an Fhraincis imithe chun cinn uirthi

Laghdú ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge don A-Leibhéal, an Fhraincis imithe chun cinn uirthi

Tá an Fhraincis imithe chun cinn ar an nGaeilge mar an dara teanga is mó tóir don A-Leibhéal ó thuaidh.

Laghdú 11.8% a tháinig ar líon na n-iontrálacha don Ghaeilge don A-Leibhéal i gcomparáid le 2022.

Seachas an Béarla, an Spáinnis an teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-Leibhéal i gcónaí agus í chun cinn ar an bhFraincis, an Ghaeilge agus an Ghearmáinis, de réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh Comhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann.

De réir na tuarascála tháinig méadú 8.2% ar líon na ndaltaí a roghnaigh an Spáinnis i mbliana agus 4.6% a bhí i gceist i gcás na Fraincise, teanga a bhfuil laghdú mór tagtha le blianta fada ar líon na ndaltaí a roghnaíonn tabhairt fúithi. Laghdú 13.9% tháinig ar líon na n-iontrálacha don Ghearmáinis.

De réir na tuarascála a chuir an Chomhairle amach faoi chúrsaí teanga roimhe seo, bhí an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaigh daltaí don A-Leibhéal ó thuaidh agus í chun cinn ar an bhFraincis.

Fág freagra ar 'Laghdú ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge don A-Leibhéal, an Fhraincis imithe chun cinn uirthi'

  • Liam

    Cén mhaitheas atá san t-alt seo gan cíoradh níos doimhne ar na cúiseanna go bhfuil an Ghaolainn titithe ar chúl sa Tuaisceart? Conas nach bhfuil sibh ag fiosrú na ndíolúintí sa 26 chondae? FOI de dhíth ar ábhar na ndíolúintí; cé hiad na frith-Ghaeil atá ag loit na Gaolainne ar an nglúin reatha agus ar na glúnta sa todhchaí leis na díolúintí? Thar am iad a ainmniú agus a thabhairt ós comhair an Choiste Oireachtais. Tuilleann pobal na Gaolainne tré-dhearcacht.