Laghdú ar ábhair don BA in Ollscoil na Gaillimhe

Ní bheidh oiread brú ar mhic léinn in OÉG de bharr polasaí nua atá tagtha i bhfeidhm líon na n-ábhar sa chéad bhliain a laghdú

NUIG

Tá líon na n-ábhar a bheidh le déanamh ag mic léinn tríú leibhéal ar an gcúrsa léinn is mó tóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh laghdaithe go mór ón lá inné amach. Ní bheidh ar mhic léinn atá chun tabhairt faoi chéim B.A. a dhéanamh ach trí ábhar a roghnú feasta sa chéad bhliain, seachas ceithre cinn, mar a dhéanaidís le blianta fada roimhe seo.

Tuigtear go bhfuil an t-athrú seo á thabhairt i bhfeidhm leis an mbrú a bhí ar mhic léinn a mhaolú agus le laghdú a dhéanamh ar an ráta teipthe sna scrúduithe. Trí ábhar a dhéanann mic léinn i gcuid mhaith ollscoileanna eile sa chéad bhliain, rud a chiallaíonn go mbeidh an cleachtas céanna anois in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tuigtear go raibh údaráis an choláiste faoi mhíbhuntáiste iomaíoch a bheith acu le hinstitiúidí léinn eile ó tharla go raibh siad ag éileamh ar mhic léinn ceithre ábhar a dhéanamh seachas trí cinn. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an gcinneadh do chuid de na cúrsaí nach mbíodh éileamh mór orthu roimhe seo. Tharlódh gur lú fós an t-éileamh a bheidh ar chuid de na cúrsaí sin mura bhfuil ach trí ábhar ar leith le roghnú ag mic léinn seachas ceithre cinn.

Fág freagra ar 'Laghdú ar ábhair don BA in Ollscoil na Gaillimhe'