Labhraíonn Peadar Tóibín ar son Éire aontaithe agus na Gaeilge. Faraor nach gcloisfear níos mó é…

Is beag seans go mbeadh aon rath nó fiúntas ag baint leis an bpáirtí nua a bhfuil Peadar Tóibín ag caint ar é chur ar an saol

Labhraíonn Peadar Tóibín ar son Éire aontaithe agus na Gaeilge. Faraor nach gcloisfear níos mó é…

An bhfuil aon áit i bpolaitíocht an stáit seo le haghaidh páirtí nua?  An bhfuil sciar suntasach den phobal ann den tuairim nach bhfuil aon rogha fhónta pholaitiúil acu faoi láthair is go dteastaíonn fórsa nua?

Sin iad na ceisteanna atá spreagtha ag cinneadh Pheadair Tóibín éirí as Sinn Féin agus iarracht a dhéanamh páirtí nó gluaiseacht a chur ar an saol a d’fhreastalódh go háirithe orthu siúd a bhí sa mhionlach sa reifreann faoi ghinmhilleadh.

Chuir Sinn Féin Tóibín ar fionraí nuair a vótáil sé – den dara huair – sa Dáil in aghaidh pholasaí an pháirtí i dtaobh an ghinmhillte, cé gur tugadh cead dó roimhe sin páirt a ghlacadh sa bhfeachtas reifrinn i gcoinne sheasamh an pháirtí.

Ach tháinig an crú ar an tairne nuair a thug an páirtí le fios dó nach mbeadh cead aige seasamh dóibh dá reáchtálfaí olltoghchán le linn a thréimhse fionraíochta sé mhí agus nach ligfí ar ais sa bpáirtí é dá seasfadh sé mar iarrthóir neamhspleách sa gcás sin.

Tá Tóibín ag rá nár déileáladh  go cuí leis, is nach raibh aird ag an bpáirtí ar an gcinneadh coinsiasach a rinne sé i dtaobh cheist an ghinmhillte.

Ach níor cuireadh aon srian ar Thóibín sa bhfeachtas reifrinn, cé gur cheap a lán ball den pháirtí go ndeachaigh sé thar fóir ina chuid feachtasaíochta i gcoinne pholasaí an pháirtí.

Maidir le ceist an choinsiasa, deir gníomhaithe eile sa bpáirtí gur chóir aird a thabhairt ar a gcinntí coinsiasacha féin freisin. Is é sin le rá gur pléadh an scéal roinnt uaireanta ag Ard-Fheiseanna de chuid an pháirtí ag a raibh lánchead ag Tóibín agus aon duine eile labhairt nó vótáil i gcoinne an pholasaí ar glacadh leis sa deireadh.

Deir na gníomhaithe seo go raibh móramh soiléir sa bpáirtí ar son an pholasaí agus gur tábhachtaí sin.

Cé acu is tábhachtaí mar sin, coinsias an Teachta Dála aonair, nó coinsias na ndaoine a théann amach ag stocaireacht, ag cur póstaer in airde agus ag bailiú airgid le híoc as na feachtais?

Pé freagra atá ar an gceist sin, is cailliúint don pháirtí imeacht Tóibín. Bhí sé díograiseach, eolach agus ábalta – go háirithe i dtaobh na Gaeilge agus an gá le forbairt eacnamaíochta a bheadh dírithe ar riachtanais an ghnáthdhuine.

Ach an mbeidh sé ar a chumas páirtí nó gluaiseacht fhiúntach a chur ar bun?

Cuimhnímis go ndearna Lucinda Creighton iarracht mórán an rud céanna a dhéanamh nuair a d’fhág sise Fine Gael, in éineacht le beirt Teachtaí Dála eile, mar gheall ar pholasaí an pháirtí sin maidir le ginmhilleadh.

Níor éirigh in aon chor leis an bpáirtí nua a bhunaigh sí. Triúr Teachtaí Dála a bhí ag Ré Nua nuair a ghlac siad páirt in olltoghchán den chéad uair, ach faoin am gur chríochnaigh sé ní raibh suíochán ar bith acu agus níor éirigh leo ach 2.2% den vóta náisiúnta a bhaint amach.

Ba léir nárbh fhéidir páirtí a bhunú ar an eite dheis bunaithe ar cheist an ghinmhillte,  agus níl aon chomhartha ann go n-éireodh lena mhacasamhail d’iarracht ar an eite chlé agus náisiúnta.

Is é fírinne an scéil ná gur mionlach iad na daoine atá ag iarraidh gan cead a thabhairt do mhná ginmhilleadh a fháil más é a dtoil é, agus gur mionlach iad nach bhfuil ar aon intinn faoi rud ar bith eile.

Mar shampla, is stocaire láidir ar son an Aontais Eorpaigh í Lucinda Creighton, agus is fear a sheasann agus a labhraíonn go bríomhar in aghaidh an Aontais é Peadar Tóibín.

Go deimhin, dá mbeadh Tóibín ag iarraidh dream a aimsiú nach bhfuil ionadaíocht a déanamh orthu ná á gcuid tuairimí sa Dáil, tá an 40% ann a vótálann go rialta in aghaidh neartú an Aontais.

Le bheith féaráilte dó, bhí Tóibín amhrasach faoin athrú i bhfabhar na hEorpa a rinne Sinn Féin, ar cuid dá gclár oibre anois é.

Ach faraor ní féidir dul chun cinn a dhéanamh i saol polaitíochta na hÉireann, measaim, trí dhul siar go dtí ré atá caite nó trína bheith ag brath ar dhearcadh saoil atá imeallaithe.

Neosfaidh an aimsir an mbeidh Tóibín in ann a shuíochán Dála féin a choinneáil, nó an rachaidh sé ar ais chuig Sinn Féin nó go dtí Fine Gael nó Fianna Fáil.

Ach tá gach cosúlacht ann gur beag tionchar a bheidh aige taobh amuigh de Shinn Féin, fiú má chonníonn sé a shuíochán.

Is ar éigean anois go mbeidh sé in ann filleadh ar an bpáirtí sin nuair a theipfidh ar a ghluaiseacht nua, cé gur ábhar beag dóchais é go ndúirt comhairleoir de chuid Shinn Féin as Cill Dara, Ida Cussen, a d’imigh leis, nach raibh sise i gcoimhlint le Sinn Féin ach faoi scéal an ghinmhillte amháin.

Fiú, má bhíonn comhoibriú ann idir é féin agus an páirtí amach anseo, is cosúil go mbeidh Tóibín ar an imeall.

Cailliúint atá ann mar sin, ní hamháin do Shinn Féin ach do pholaitíocht na tíre i gcoitinne, mar is amhlaidh gur níos mó daoine atá ag teastáil atá sásta labhairt ar son na Gaeilge agus ar son Éire aontaithe neamhspleách. Ní féidir é sin a dhéanamh trí neamhaird a dhéanamh ar chearta ban nó ar an saol nua-aimseartha.

Fág freagra ar 'Labhraíonn Peadar Tóibín ar son Éire aontaithe agus na Gaeilge. Faraor nach gcloisfear níos mó é…'

  • file

    So, a fho-eagarthóir a chum an ceannlíne: Éire aontaithe; is ainmfhocal cinnte é sin. Dá réir, i ndiaidh ‘ar son’, ní mór é a chur sa ghinideach. Níl a leithéid de rud ann sa Ghaeilge agus ‘a’ united Ireland.

    Ar aghaidh leat ..,

  • Pádraig O Muircheartaigh

    Chríochnaigh tú d,alt leis an ráiteas(neamhaird a dhéanamh ar chearta ban) ach déanann do leithéidh i gcónaí neamhaird don bpáiste beo sa bhroinn.Nach dtuigeann tú gur dúnmharú linbh a tharlaíonn nuair a thugtar an rogha sin do na mná agus ní ghlacaim leis an ngníomh uafásach sin riamh.Maith thú a Pheadair

  • Séamas de Barra

    Séamas de Barra
    Dé Máirt, Samhain 17, 2018, 17.48

    Freagra ar Eoin Ó Murchú:

    Is léir nach bhfuil athrú ar bith meoin ar Eoin Ó Murchú. Is Stailíneach is ea eisean i gcónaí nach bhfuil maolú suaitheantasach ar bith tagtha ar a chuid tuairimí i gcaitheamh na mblianta. Tá Radacaigh go leor ar an Eite Chlé nach mbeadh ag aontú le hEoin, agus nach raibh ag aontú le ‘Cumannachas’ na Rúise ó thosach.
    Is teangeolaí mór le rá é Noam Chomsky. Giúdaigh ba ea athair agus máthair Chomsky, ach is aindiachaí le fada riamh is ea é féin, agus tá bá as a óige aige leis an Trotscaíochas, Trotscaíochas na Spáinne go háirithe, aimsir Chogadh Cathartha na Spáinne. Ní foláir a admháil go bhfuil simplíocht ag baint le Chomsky maidir le Trotscaíochas na Spáinne de. Ní raibh aon locht ag Trotscaígh na Spáinne ar shléacht a dhéanamh ar a gcuid naimhde. Bíodh sin mar atá, áitíonn Chomsky gur cuireadh deireadh leis an bhfíor–Mharxachas, ach ar éirigh le Réabhlóid na mBoilséiveach in 1917. As sin go dtí gur cuireadh deireadh leis an Aontas Sóivéadach, is Caipitleachas Stáit a bhí san Aontas sin, agus dar le Chomsky gurbh é an tAontas Sóivéadach an Stát ab ollsmachtaí dá raibh riamh ann. Is daoir ar a bpá ba ea saoránaigh an Aontais Shóivéadaigh, fad a mhair an tAontas.
    Is cuid de chreideamh an Mharxachais is ea go bhfuil an toradh ar an stair cinntithe cheana féin, toradh nach bhfuil fán air. Sin é an cúl atá leis an gcaitheamh anuas ag Eoin ar Pheadar Tóibín: ‘ní féidir é sin a dhéanamh [i.e. labhairt ar son na Gaeilge agus ar son Éire aontaithe neamhspleách] trí neamhaird a dhéanamh ar chearta ban nó ar an saol nua–aimseartha.’ Na cearta ban agus an saol nua–aimseartha atá i gceist ag Eoin, is polasaithe agus is beartais de chuid na Sóivéadach iad siúd ó thús. Ní raibh na Sóivéadaigh ach díreach tosaithe ar a Stát nua a chur ar bun nuair a rinneadh dleathach an ginmhilleadh ansiúd. B’éigean do Stailín dul siar ar an mbeartas sin nuair a thuig sé an díobháil a dhéanfadh sé don Aontas. Tamaillín ina dhiaidh sin rinneadh dleathach san Aontas an homaighnéasacht ghníomhach. Ní foláir a rá gurb iad na codanna is mó den Mharxachas Sóivéadach a bhfuil éirithe leo ar fud Iarthair Domhain: gluaiseacht an ghinmhillte, agus gluaiseacht an homaighnéasachais. ‘An Marxachas Cultúrtha’ a thugtar ar pholasaithe den saghas sin. Tá éirithe cuid mhaith ar fud Iarthair Domhain leis an Chéad Tonn den Fheimineachas, an tonn a áitíonn go gcaithfidh an bhean a cuid banúlachta a chur faoi chois chun go mbeidh sí ar comhtharraingt leis an bhfear. Ainneoin gur troideadh cogadh cathartha millteach sa Spáinn ó 1936 go dtí 1939, níl difríocht ar bith idir Deas agus Clé i dtaobh an Mharxachais Chultúrtha sa Spáinn sa lá atá inniu ann. Ní bhíonn siad ag easaontú anois ach ar chúrsaí an gheilleagair, agus uaireanta i dtaobh an Chatalóin agus Tír na mBascach a scaradh ar fad ó Stát na Spáinne, mar atá i láthair na huaire.
    Is beag ciall atá le bheith ag caint ‘orthu siúd a bhí sa mhionlach sa reifreann faoi ghinmhilleadh’ mar gur gnách le céatadán an–mhór de na vótálaithe cláraithe staonadh ó vótáil i Reifreann. 37 Reifreann a tionóladh sa Saor–Stát/sna Sé Chontae Fichead ó 1937 go dtí 2015. Ní raibh ach 2 Reifreann den méid sin ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe leis an toradh buacach: Reifreann 1972 ar na 26 Chontae a dhul isteach sa Chómhargadh; agus Reifreann 1998 ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ní córas daonlathach Reifrinn atá i bPoblacht na hÉireann againn, ach córas olagarcach. Is toradh daonlathach a bheadh ar Reifreann, dá dtionólfaí réamh–Reifreann i dtosach. Ansin ar bhreis is 50% go cinnte de na vótálaithe cláraithe vótáil le togra éigin a chur ar Reifreann, bheadh bun daonlathach leis an togra áirithe sin a chur ar Reifreann. Arís eile, níor cheart glacadh leis gur toradh daonlathach ar Reifreann a bheadh ann, mura mbeadh breis is 50% go cinnte de na vótálaithe cláraithe ag vótáil leis an togra. I láthair na huaire, is iad na dreamanna a shocraíonn an gcuirfear togra áirithe ar Reifreann: na heagraíochtaí ar fiú le George Soros, nó Chuck Feeney, iad a mhaoiniú; na meáin chumarsáide a ghlacann le clár oibre an Mharxachais Chultúrtha; agus na Páirithe Polaitíochta, ar giollaí iad ag na meáin chumarsáide, agus ag na maoinitheoirí ó thar lear.
    Is mar gheall ar an gcóras céanna Reifrinn a bheith ag an Ríocht Aontaithe atá an Breatimeacht ann. Ní fíor gur tromlach de vótálaithe Thuaisceart Éireann a vótáil le Fanacht. 56% den méid a vótáil ar an lá, a vótáil le Fanacht. Ach 18 dtoghcheantar atá i dTuaisceart Éireann, agus níl a oiread is toghcheantar amháin ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe le Fanacht.
    Dá nglacfaí leis an gcóras Reifrinn atáimse a mholadh, ní ghlacfaí sna Sé Chontae Fichead leis an gcolscaradh, ná leis an iarracht ar mhíniú nua a thabhairt don phósadh [An Reifreann um Chomhionannas Pósta, 2015], ná ní chaithfí amach as an mBunreacht ach a oiread Airteagal 40.3.3º. Ag caint ar an ábhar sin, ní chreidimse go bhfuil bun ar bith, i ndlí na Poblachta mar atá, leis an mBille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, a bhfuil an Dáil á chíoradh i láthair na huaire.
    Dá nglacfaí leis an gcóras Reifrinn atáimse a mholadh, ní dhéanfaí a thuilleadh liobrálaithe ar dhlí an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann, ná ní dhéanfaí iarracht ar bhrí nua a thabhairt don phósadh ach a oiread. Ní mó ná sin a d’éireodh le Reifreann ar athaontú na hÉireann, go ceann i bhfad, ach go háirithe. Idir an dá linn, críochdheighilt nua an réiteach is fearr ar scéal Thuaisceart Éireann, ach í sin féin a chur ar Reifreann de réir an chórais atáimse a mholadh.
    Bearta eile a chuirfeadh le daonlathas Phoblacht na hÉireann iad seo: 1) deireadh a chur le córas na nAoirí san Oireachtas, mar nach dteipfidh ar Rialtas ach amháin mura mbuann siad vóta airgeadais; nó má éiríonn le vóta mímhuiníne astu; 2) gan cead a thabhairt do TD ar bith a bheith páirteach i gComhrialtas gan é a bheith ráite go soiléir aige, nó aici, roimh an Olltoghchán, go ndéanfadh sé a leithéid; 3) diúltú don Ultra–Chaipitleachas a bhain an bonn ó gheilleagar na tíre in 2008; an Dáilteachas a chur chun cinn –– fealsúnacht pholaitíochta a raibh G. K. Chesterton, Hilaire Belloc, agus E. F. Schumacher, údar Small is Beautiful (1973; 2011) ag tacú léi.
    Is é an chúis nach ann a thuilleadh do Dhaonlaithe Dessie O’Malley gur éirigh leo seo a gcuid Nua–Liobrálachais a chur i gcion ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil. I bpáirtíocht Pháirtí Lucinda Creighton, is Nua–Liobrálaí ise i gcúrsaí an gheilleagair, agus ní raibh aon chiall leis an bpolasaí cánach a bhí siad a chur chun cinn, cáin an ráta leibhéalta. Mar a deir Eoin, tá Lucinda Creighton an–mhór ar son an Aontais Eorpaigh.
    Breis is leathmhilliún a vótáil i gcoinne an focal ‘diamhaslach’ a bhaint amach as an mBunreacht, agus sin é an comhartha is soiléire fós go bhfuil mionlach cuibheasach mór de na vótálaithe i bPoblacht na hÉireann nach bhfuil Páirtí ar bith Polaitíochta ag tacú lena gcuid prionsabal; agus go bhfuil Cliarlathas Caitliceach na hÉireann féin as tiúin leo, ainneoin na vótálaithe sin a bheith mós dílis do theagasc na hEaglaise sin.