Lá mór do pheileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

Tráthnóna i bPáirc Aibhistín de Staic a bheidh an athimirt ar chluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí idir Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Bhréanainn Chill Airne agus tráthnóna chomh maith a thabharfaidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua aghaidh ar Choláiste Pobail Bhéal Átha Beithe i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Lá mór do pheileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

Gearóid Ó Leidhinn (Pobalscoil Chorca Dhuibhne) agus Dylan Seoige (Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua)

Pobalscoil Chorca Dhuibhne v Coláiste Bhréanainn, Cill Airne – Páirc Aibhistín de Staic, 4pm

Nuair a tháinig deireadh le cluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí Dé Sathairn seo caite, seans gur cheap an dá fhoireann go raibh a ndeis caillte acu i Staid an Ghearaltaigh. Cluiche crua, taitneamhach a bhí ann idir Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Bhréanainn Chill Airne ach is cinnte gur lig an dá scoil le sruth deiseanna craobh na Mumhan a thabhairt leo.

Is maith a thuigeann buachaillí Chill Airne gur chuir siad an iomarca seansanna ar scóranna amú sa chéad leath agus beidh aiféala orthu nár thóg siad ceannas ar an imirt tar éis dóibh tús maith a chur leis an dara leath.

Tuigeann foireann na Pobalscoile go mbeidh orthu níos mó deiseanna a chruthú tráthnóna más leo an cluiche seo a bhuachan. Bhí a gcuid cosantóirí ar fheabhas Dé Sathairn seo caite ach rómhall a bhí imirt na Pobalscoile r agus iad ar an ionsaí, rud a thug deis do chosantóirí Choláiste Bhréanainn titim siar.

Is cinnte go raibh buachaillí Chorca Dhuibhne i bhfad níos dainséaraí nuair a d’éirigh leo dul ar an bhfrithionsaí. Bhí siad faoi bhrú ar feadh tréimhsí fada sa chéad leath ach aon uair a seoladh an liathróid go tapa go dtí Ruaidhrí Uí Bheaglaoich agus Dylan Ó Géibheannaigh sa líne lántosach, chruthaigh an bheirt acu deacrachtaí don fhreasúra.

Cillian Ó Failbhe (Pobalscoil Chorca Dhuibhne). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Beidh Éamonn Fitzmaurice ag súil le tuilleadh den chur chuige sin a fheiceáil inniu, go háirithe ó Chillian Ó Failbhe, imreoir an-tábhachtach sa líne leatosaithe.

Beidh an bainisteoir ag súil chomh maith go mbeidh a chuid cosantóirí chomh díograiseach céanna agus a bhí siad an tseachtain seo caite nuair a chonacthas taispeántais iontacha ó imreoirí amhail Tomás Ó Dubháin, Séamus Ó Loingsigh agus Gearóid Ó Leidhinn.

Má imríonn cosantóirí na Pobalscoile chomh maith céanna inniu agus má éiríonn níos fearr leo agus iad ar an ionsaí, beidh deis iontach acu Corn Uí Mhuirí a thabhairt leo den séú huair.


Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua v Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe, An Cluainín, 1pm

Lá mór é an lá inniu do Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua agus buachaillí na scoile i nGaeltacht Conamara ag imirt sa mbabhta leathcheannais de chraobh ‘D’ na hÉireann. Tabharfaidh an Cheathrú Rua aghaidh ar sheaimpíní Uladh, Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe as contae Mhuineacháin.

Bhí údar ceiliúrtha ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag tús mhí Feabhra nuair a bhuaigh siad ar Phobalscoil Dhún Mór i gcluiche ceannais 2019, cluiche ceannais a chaill siad anuraidh.

Agus iad á spreagadh ag Dylan Seoige agus Éanna Mac Cormaic, beirt a bhí le foireann mhionúir na Gaillimhe anuraidh, bhí Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gceannas ar feadh cuid mhaith den chluiche sin agus cé gur throid buachaillí Dhún Mór ar ais go láidir ag deireadh an chéad leatha agus arís ag deireadh an dara leath, bhí an cumas i bhfoireann na Gaeltachta teacht slán ar deireadh, 2-11 in aghaidh 2-9.

Dylan Seoighe ag imirt do Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gcluiche ceannais Chonnacht 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá cluiche crua eile i ndán dóibh inniu, áfach, mar is maith a chruthaigh buachaillí Bhéal Átha Beithe i gCraobh Uladh. Rinne siad scrios ar Coláiste Pobail Bhun an Phobail sa gcluiche leathcheannais, 4-14 in aghaidh 0-4, agus bhí scoil Mhuineacháin róláidir do Scoil Chuimsitheach Naomh Aodán, Muinchille sa gcluiche ceannais, coimhlint a bhuaigh Béal Átha Beithe an tseachtain seo leis an scór 3-16 in aghaidh 2-9.

Is é Aaron Mulligan laoch na foirne agus rinne sé scrios i gCraobh Uladh. D’aimsigh an tosach 2-7 sa gcluiche ceannais agus 4-3 sa gcluiche leathcheannais agus is cinnte go gcaithfidh cosantóirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin súil ghéar a choinneáil air siúd agus ar Darragh Dempsey más fúthu seans ar bith a bheith acu tráthnóna.

Fág freagra ar 'Lá mór do pheileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua'